Réaltán Ní Leannáin a thug léi Gradam Uí Shúilleabháin 2022 dá saothar Bláth na dTulach – Díolaim Ultach ag na Gradaim Foilsitheoireachta Gaeilge 2022 a bhí ar siúl i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath tráthnóna.
Bronnann an tOireachtas Gradam Uí Shúilleabháin ar leabhar na bliana don léitheoir fásta.
Cnuasach gearrscéalta a bhailigh Ní Leannáin é Bláth na dTulach – Díolaim Ultach, a d’fhoilsigh Éabhlóid.
Tabharfaidh Ní Leannáin léi duais €2,500 agus an bronnfar €5,000 ar Éabhlóid.
Sé leabhar ar fad a bhí san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana.
Is é An Slipéar Gloine le Fearghas Mac Lochlainn, a d’fhoilsigh an comhlacht foilsitheoireachta Futa Fata, a thug leo Gradam Réics Carló, leabhar na bliana do pháistí.
Bronnfar €1,250 ar Mhac Lochlainn, tabharfar €1,250 do mhaisitheoir an leabhair, Paddy Donnelly, agus bronnfar €5,000 ar Futa Fata.
Is iad Máirín Nic Con Iomaire agus an foilsitheoir Barzaz a thug leo Gradam de Bhaldraithe, leabhar na bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile. Khalil le Yasmina Khadra an saothar a ghnóthaigh an duais agus €500 le bronnadh ar Nic Con Iomaire agus €1,500 buaite ag an bhfoilsitheoir.
LÉIRMHEAS: Cad is fiú saothair a aistriú go Gaeilge? Tá freagra na ceiste san úrscéal seo..
Duaischiste €17,000 san iomlán a bhí ann do Ghradaim Foilsitheoireachta Gaeilge 2022.
Bhí 11 Teach Foilsitheoireachta ar ghearrliostaí na bliana seo: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cló na nGael; Dalen Éireann; Éabhlóid; Foilseacháin Ábhair Spioradálta; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR agus Móinín.
16 leabhar a bhí ar ghearrliostaí na bliana seo: cúig leabhar ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe; cúig leabhar ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló agus sé leabhar ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin.
Thréaslaigh Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir an Oireachtais leis na foilsitheoirí, na scríbhneoirí agus na healaíontóirí a bhí san iomaíocht do ghradaim na bliana seo. Foras na Gaeilge a dhéanann urraíocht ar na gradaim leabhar.
Gearrliostaí Ghradaim Foilsitheoireachta Gaeilge 2022
GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN
SEACHT dTÍR, SEACHT dTEANGA le Diarmaid Johnson, foilsithe ag Leabhar Breac
SÚIL AN DAILL le Darach Ó Scolaí, foilsithe ag Leabhar Breac
BLÁTH NA dTULACH – DÍOLAIM ULTACH curtha in eagar ag Réaltán Ní Leannáin, foilsithe ag Éabhlóid
ÁRASÁN le hÓgie Ó Céilleachair, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
FLÓRA NA SAMHLAÍOCHTA le Bríd Ní Mhóráin, foilsithe ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta
POBAL NA GAEILGE: DAONRA, INSTITIÚIDÍ, STÁDAS AGUS CUMHACHT le Pádraig Breandán Ó Laighin, foilsithe ag Cló na nGael
GRADAM DE BHALDRAITHE
BUACHAILL AN GHÚNA le David Williams, aistrithe ag Máirín Ní Mhárta, foilsithe ag Futa Fata
DÓNALL DÁNA AGUS AN PEILEADÓIR MÓR le Francesca Simon, aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
KHALIL le Yasmina Khadra, aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire, foilsithe ag Barzaz
ASTERIX AGUS AN FEAR FEASA le René Goscinny agus Alberto Uderzo, aistrithe ag Gabriel Rosenstock, foilsithe ag Dalen Éireann
AN TRIÚR TRIALLACH: AN CONGÓ le Hubertus Rufledt, aistrithe ag Seaghan Mac an tSionnaigh, foilsithe ag Dalen Éireann
GRADAM RÉICS CARLÓ
AN SLIPÉAR GLOINE le Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly, foilsithe ag Futa Fata
DIALANN EMILY PORTER: THÍOS SEAL THUAS SEAL le Richie Conroy agus maisithe ag Don Conroy, foilsithe ag LeabhairCOMHAR
FÓIR ORM! le hÁine Uí Fhoghlú agus maisithe ag Deirdre Ní Thuathail & Clifford Hayes, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
RITA AGUS AN FATHACH le Máire Zepf agus maisithe ag Andrew Whitson, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór
SPLUFF SPLAIFEIRTÍ AGUS AN tIONRADH AR AN bPLÁINÉAD MARZ le Ré Ó Laighléis agus maisithe ag Ray McDonnell, foilsithe ag Móinín
Fág freagra ar 'Buaiteoirí ghradaim leabhar na bliana 2022 fógartha ag Oireachtas na Gaeilge'