Ní ritheann sé le mórán scríbhneoirí agus iad ag luí isteach ar shaothar nua go mbeidh orthu achoimre, cóiriú scéil nó togra tionscadail a scríobh lá breá éigin má theastaíonn uathu an saothar nua a fheiceáil i gcló riamh. Ach bíonn an chuid is mó de na comhlachtaí foilsitheoireachta – agus gach uile cheann de na heagrais stáit a thabharfadh deontas do scríbhneoir a bheadh ina ghátar – ag súil lena leithéidí sula síneofar conradh ar bith.
Ós rud é go raibh airgead stáit i gceist le nach mór chuile leabhar dár scríobh mé féin go dtí seo, bhíodh orm tograí tionscadail a chur ar fáil sách luath sa phróiseas scríbhneoireachta. Ach ós rud é go ndeachaigh mé sa seans leis an úrscéal deireanach agam – gan socrú foilsitheoireachta ar bith déanta sular thug mé faoi – níor bhac mé le haon chuid den ‘scríbhneoireacht mhargaíochta’ go dtí go raibh an saothar féin críochnaithe agam.
Crá croí a bhíonn in achoimrí, cóirithe scéil agus tograí tionscadail is cuma cén uair a dtugann tú fúthu. Mura mbíonn an saothar féin scríofa, beidh tú ceangailte (go pointe) leis an méid a gheallfaidh tú don fhoilsitheoir nó d’eagras stáit. Má bhíonn an saothar scríofa cheana féin, beidh ort scéal a thóg, abair, 300 leathanach ort a insint a chur in dhá nó trí abairt (an achoimre) agus cur síos a dhéanamh ar an bplota ansin i leathanach nó dhó (an cóiriú scéil). Níl a leithéid dodhéanta, féach an achoimre chlúiteach a rinne duine éigin ar an scannán Titanic: ‘Buaileann buachaill le cailín. Buaileann long cnoc oighir.’ Ach tógann sé am cur síos beacht gonta mar sin a chumadh.
Seachtain a thóg sé orm féin achoimre, cóiriú scéil agus togra tionscadail a scríobh don úrscéal atá díreach críochnaithe agam.
Pian sa tóin a bhíonn san obair seo, ach tá sí riachtanach: cuirtear brú ar an scríbhneoir breathnú ar a shaothar féin le súile fuarchúiseacha an mhargaidh. An gcuirfeadh duine a bheadh san ardaitheoir céanna leat ar feadh deich soicind suim i d’achoimre ar do scéal? An gceannódh sé an saothar uait dá dtógfadh sé deich nóiméad chun breathnú ar do chóiriú scéil? Cé a léifeadh an leabhar seo? An bhfuil sé tráthúil ar aon bhealach? An bhfuil aon ‘ghnéithe uathúla díolacháin’ eile ag baint leis? Céard iad sonraí teicniúla an tsaothair – seánra, líon focal, líon caibidlí, líon na gcarachtar, suíomh, peirspictíocht, aimsir na hinsinte?
Is iomaí ceist a thiocfaidh aníos nár mhiste don scríbhneoir a chur air féin ó am go chéile agus saothar idir lámha aige. Ní hamháin nach mbeidh sé céasta ar fad ag an scríbhneoireacht mhargaíochta nuair a bheidh sí le déanamh, ach beidh treoirlíne éigin aige agus é i mbun oibre ar an saothar féin.
Fág freagra ar '‘Buaileann buachaill le cailín. Buaileann long cnoc oighir.’ '