Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Phádhraic Ó Ciardha

Bronnfar Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana ar Phádhraic Ó Ciardha, an craoltóir a raibh ról cinniúnach aige i mbunú agus i múnlú TG4

Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Phádhraic Ó Ciardha

Tá Buaicghradam cumarsáide an Oireachtais le bronnadh i mbliana ar iar-leasphríomhfheidhmeannach TG4 Pádhraic Ó Ciardha, duine de bhunaitheoirí an stáisiúin Gaeilge agus an té a cheap an mana cáiliúil ‘Súil Eile’.

Dúradh i ráiteas ó Oireachtas na Gaeilge inniu go raibh an gradam, a thugann aitheantas do shaothar saoil, á bhronnadh ar Ó Ciardha, a chuaigh ar scor in earrach na bliana seo, mar gheall ar an obair “cheannródaíoch” a rinne sé in earnáil na cumarsáide “thar thréimhse fada blianta”.

Dúirt Pádhraic Ó Ciardha féin go raibh “idir bhród agus iontas air” an Buaic-Ghradam seo a fháil.

“Bhí an t-ádh orm ó thús mo thréimhse mar chraoltóir go raibh mé timpeallaithe ag daoine stuama, gairmiúla a thug cúnamh agus comhairle go fial dom agus a chinntigh gur baineadh amach na spriocanna uaillmhianacha a bhí againn.   Cuireadh allas, cinnte, ach rinneadh go leor gáire freisin,” a dúirt Ó Ciardha, arb as na hAille, i gCois Fharraige ó dhúchas dó.

Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, go raibh Pádhraic Ó Ciardha “ar thús cadhnaíochta i gcónaí i dtaca leis na mórfhorbairtí in earnáil na cumarsáide Gaeilge”.

“Léiriú ar an domhaintuiscint a bhí aige ar an gcraoltóireacht chomhaimseartha, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; agus ar phobail fhéachana i gcoitinne gur fheidhmigh sé mar Chomhairleoir Craolacháin Gaeilge do bheirt Airí Cumarsáide nuair a bhí an bonneagar don chainéal teilifíse Gaeilge á leagan amach agus tá rian a chur chuige fuinniúil, nuálach, cruthaitheach le feiceáil go soiléir ar stíl, éiteas agus luachanna TG4,”  arsa Liam Ó Maolaodha.

Sular thosaigh sé ag obair do Theilifís na Gaeilge féin le linn a thréimhse bhunaithe, bhí Ó Ciardha fostaithe mar chomhairleoir ag beirt airí rialtais – Máire Geoghegan Quinn agus Michael D. Higgins – chun plé le cás na teilifíse Gaeilge.

Nuair a bhí an stáisiún nua féin le bunú fostaíodh é mar leascheannasaí ar Theilifís na Gaeilge, post a bhí ag an iar-iriseoir agus iarchraoltóir ar feadh breis agus fiche bliain. I mí Feabhra a d’éirigh sé as an gcúram sin.

Mar iarchomhairleoir rialtais agus, ina dhiaidh sin, mar dhuine den mheitheal bheag a fostaíodh ar dtús chun teilifís na Gaeilge a thabhairt ar an saol, bhí ról cinniúnach ar leith ag Ó Ciardha i scéal na teilifíse Gaeilge.

Ba é, mar shampla, a chum an mana ‘Súil Eile’ atá fós in úsáid ag  TG4, mana a bhfuil cur chuige craoltóireachta an stáisiúin fós bunaithe cuid mhór air.

Mar leascheannasaí TG4, bhí baint mhór ag Ó Ciardha le forbairt agus le cosaint íomhá phoiblí an stáisiúin agus bhí cáil ar leith air i gcónaí as a mháistreacht ar láimhseáil na meán agus ar dhea-scéalta TG4 a chraobhscaoileadh go deisbhéalach.

Tá aithne mhór ar Ó Ciardha ní hamháin i saol na craoltóireachta Gaeilge ach i saol na teilifíse go hidirnáisiúnta agus meas air mar shampla mar gheall ar an obair a dhéanann sé mar chathaoirleach ar Fhéile na Meán Ceilteach.

Ba mar iriseoir le Raidió na Gaeltachta a chuir sé tús lena shaol oibre in earnáil na craoltóireachta nuair a ceapadh ina Chlár-Reachtaire é sa stáisiún sin i 1979. Ba é a bhunaigh buanoifig Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath agus bhí poist shinsearacha éasgúla aige sa Rannóg Nuachta in RTÉ ina dhiaidh sin. Bhí sé ar dhuine den mheitheal eagarthóireachta a bhunaigh an clár aitheanta Morning Ireland i 1984.

Bronnfar Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Phádhraic Ó Ciardha ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais atá ar siúl i gCill Airne Oíche Shamhna.

Fág freagra ar 'Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ar Phádhraic Ó Ciardha'

  • Sean O Ciobhain

    Dia leat a Phadraic