Tá Buaicghradam Cumarsáide Oireachtas na Gaeilge le bronnadh ar an iriseoir agus craoltóir aitheanta Póilín Ní Chiaráin, colúnaí le Tuairisc.ie.
Tá Póilín Ní Chiaráin, arb as Gaeltacht Mhaigh Eo ó dhúchas di, ar dhuine de na hiriseoirí is mó taithí agus is mó a bhfuil meas orthu atá ag saothrú sa Tuaisceart.
Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i 1965 agus nuair a d’fhág sí an ollscoil chuaigh sí ag obair le RTÉ, mar a raibh baint aici le cláracha ar nós Féach.
Sa seomra nuachta i mBaile Átha Cliath a bhí sí ag obair nuair a d’aistrigh sí go dtí an Tuaisceart aimsir na stailceanna ocrais. Thug sí blianta fada mar iriseoir le RTÉ i mBéal Feirste nó gur bhog sí go dtí cathair Dhoire ar feadh seala, áit a raibh sí ina ceannasaí nuachta ag an BBC.
Shocraigh sí dul ag obair mar shaoririseoir i lár na nóchaidí agus bhí sí mar chomhfhreagraí ó thuaidh leis an nuachtán Foinse ón uair a bunaíodh é i 1996 go dtí gur dúnadh é in 2009.
Bíonn sí mar chomhfhreagraí ó thuaidh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bíonn sí le cloisteáil i mbun tráchtaireachta go minic ar Blas agus An Focal Scoir, ar BBC Thuaisceart Éireann.
Tá sí ina comhfhreagraí le Tuairisc.ie ó tháinig ann don suíomh seo in 2014.
Dúradh i ráiteas ó Oireachtas na Gaeilge go raibh an gradam á bhronnadh ar Ní Chiaráin ar son a saothar “fíorchumasach, láneolasach, ildánach” agus gur “corpas le háireamh” an méid atá curtha i gcrích aici ar raidió, teilifís, ar nuachtáin chlóite agus ar líne le Tuairisc.ie.

“Aitheantas do shaothar téagartha, saoithiúil, in earnáil na meán cumarsáide Gaeilge is ea Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Stiúrthóir Gníomhach an Oireachtais.
“Tá grinneas agus ionracas ina cuid scríbhinní machnamhacha agus ina cuid tuairisceoireachta a léiríonn domhaintuiscint ar an timpeallacht pholaitiúil agus chultúrtha i dTuaisceart Éireann ach go háirithe. Déanaim comhgairdeachas ó chroí léi as an ngradam seo a bheith á bhronnadh uirthi.”
Dúirt Póilín Ní Chiaráin go raibh “ríméad” agus “iontas” uirthi an gradam a fháil.
“Slí aonarach is ea cúrsa na saor-iriseoireachta ach tá an t-ádh orm a bheith ag obair le daoine cumasacha in RTE Raidió na Gaeltachta agus in Tuairisc.ie – dhá eagraíocht a léiríonn suim go seasta i ngnóthaí an Tuaiscirt.
“Aitheantas do Raidió na Gaeltachta agus do Tuairisc.ie chomh maith liomsa í an onóir seo ón Oireachtas agus is mór agam í.”
Dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie. Seán Tadhg Ó Gairbhí, go bhfuil Póilín Ní Chiaráin ar dhuine de scothiriseoirí na linne.
“Is iontach an rud é go bhfuil duine chomh géarchúiseach géarintinneach againn chun anailís a dhéanamh ar chúrsaí an Tuaiscirt. Níl a sárú ann chun léargas suimiúil oibiachtúil a thabhairt duit ar an bpictiúr mór ach ní bhíonn Póilín dall riamh ar an lorg a fhágann an pictiúr mór sin ar shaol an ghnáthdhuine, go háirithe an duine atá ar an imeall.
“Faigheann tú léargas i saothar Phóilín ar an lorg a fhágann na cluichí polaitíochta a bhíonn ar bun go minic ag an dream atá thuas ar an té atá thíos.”
Bronnfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers a gradam ar Phóilín Ní Chiaráin ag searmanas bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a bheidh ar siúl i dTeach Farmleigh Dé Máirt seo chugainn, an 26 Deireadh Fómhair.
An Teanga Bheo
Mó bheannacht ort i gconaí sár bhean ar chuile bhealach tú a Phóilín