Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ag Uachtarán na hÉireann ar TG4 Dé hAoine

Fógraíodh tráthnóna go mbronnfaí Buaic-Ghradam an Oireachtais ar an stáisiún mar aitheantas ar an tsársheirbhís atá á chur ar fáil aige ó bunaíodh 20 bliain ó shin é

Gradaim Chumarsáide

Is ar TG4 a bhronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtais 2016.

Fógraíodh tráthnóna go mbronnfaí Buaic-Ghradam an Oireachtais ar an stáisiún Gaeilge “chun comóradh a dhéanamh ar 20 bliain an stáisiúin agus chun aitheantas a thabhairt don tsársheirbhís chraolacháin atá á soláthar aige i rith an ama sin”.

Bronnfaidh Uachtarán na hÉireann an gradam ar TG4 Dé hAoine, an 13 Bealtaine, ag Searmanas Bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i nGaillimh.

Ba ar an 31 Deireadh Fómhair 1996 a tháinig ann do TG4, nó Teilifís na Gaeilge mar a thugtaí air, agus tá Micheál D. Ó hUigínn, a bhí ina Aire Gaeltachta ag an am, áirithe ar dhuine de na daoine ba mhó a chinntigh go mbunófaí an stáisiún.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha go bhfuil TG4 i “gcroílár phobal na Gaeilge”.

“Le 20 bliain anuas, chuir an stáisiún ardán ar fáil do mhuintir na Gaeilge chun a gcruthaitheacht agus a sainiúlacht a léiriú. Tugann sé deis dúinn ár dteanga, ár n-ealaín agus ár gcuid scéalta a chur ar fáil don domhan mór. Bhí an cinneadh seo an-éasca i mbliana,” a dúirt Ó Maolaodha.

Údar “áthais” agus “mórtais” do TG4 é Buaic-Ghradam Chumarsáide an Oireachtai a fháil, a dúirt Pól Ó Gallchóir, Ard-Stiúrthóir TG4.

“Agus muid ag cur bailchríoch ar na hullmhúcháin do cheiliúradh 20 bliain ár mbunaithe tráth na Samhna, tabharfaidh an t-aitheantas speisialta seo ó Oireachtas na Gaeilge spreagadh agus ugach dúinn,” a dúirt Pól Ó Gallchóir.

Is é Aengus Mac Grianna, an craoltóir aitheanta le RTÉ, a chuirfidh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i láthair in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh, Dé hAoine, 13 Bealtaine 2016.

 

Fág freagra ar 'Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais le bronnadh ag Uachtarán na hÉireann ar TG4 Dé hAoine'