Dúradh sa gcúirt i mBéal Feirste inniu go raibh buachaill cúig bliana déag d’aois ar dhuine de na léirsitheoirí a bhrúigh a slí isteach go dtí brú le linn an rabharta foréigin chiníoch a bhí ar siúl ar shráideanna Bhéal Feirste.
Dúradh go raibh bratach náisiúnta Shasana casta ina thimpeall ag an mbuachaill óg.
Mhaígh póilíní sa gcúirt go raibh an t-ógánach i dteannta an dream ba mhó a bhí gníomhach sna hionsaithe ar ionaid fáilteachais agus gnó a raibh baint acu leis an bpobal eitneach san anord is measa a chonacthas i mBéal Feirste le blianta.
Tá seisear gafa tar éis trí oíche achrainn is foréigin sa gcathair.
Dúirt gníomhaire eastáit sa gcathair go raibh sé scanraithe agus a chroí briste ó tiomáineadh carr isteach ina fhoirgneamh oibre, an dara hionsaí ar an áit le seachtain.
Dúirt póilíní gur thiomáin fir a raibh púicíní orthu carr a bhí fuadaithe acu isteach sa bhfoirgneamh ar Bhóthar Woodvale tráthnóna Dé Máirt.
Dúirt Robert McDowell, úinéir an ghnó, go gcreideann sé fhéin gur ionsaíodh eisean toisc gur dúradh go mbíonn sé ag ligean tithe ar cíos le hiarrthóirí tearmainn.
Dúirt McDowell le BBC News go raibh líomhaintí bréige á scaipeadh ar na meáin shóisialta go raibh an gnó ag ligean tithe ar cíos le hiarrthóirí tearmainn. Dúirt an gníomhaire go raibh an scéal sin “100% bréagach”.
Mhaígh Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (PSNI) gur gabhadh seisear, triúr déagóirí ina measc, Dé Máirt mar gheall ar eachtraí a gcreideann siadsan gur coireanna fuath ciníoch iad.
Tuairiscítear go ndearna fir a raibh púicíní orthu smionagar d’fhuinneoga ar Shráid Reachlainn.
In oirthear na cathrach cuireadh trí thine cuid de Bhóthar Bhaile Nua na hArda ach le cuidiú na bpóilíní múchadh an tine.
Dúirt na póilíní freisin gur caitheadh uibheacha le siopa ar Bhóthar na bhFál thart ar 6.10 aréir agus go raibh buíon daoine óga ag caitheamh maslaí ciníocha leis an bhfoireann a bhí sa siopa.
Cuid eile den fhoréigean a tharla ag an deireadh seachtaine tar éis léirsithe in aghaidh na hinimirce a bhí i scliúchais na hoíche aréir.
Fág freagra ar 'Buachaill cúig bliana déag d’aois os comhair na cúirte i dtaca le léirsithe'