Bua Thiobraid Árann ar na bacáin, easpa iomaíochta in Ulaidh agus ceachtanna CLG eile a bhí le foghlaim ag an deireadh seachtaine

Cé go bhfuil EURO 2016 faoi lán seoil, níor tháinig stop leis na Craobhacha Iomána ná Peile anseo agus imríodh roinnt cluichí tábhachtacha ag an deireadh seachtaine

Imreoir Chill Chainnigh, Jonjo Farrell. INPHO/Donall Farmer
Imreoir Chill Chainnigh, Jonjo Farrell. INPHO/Donall Farmer

Tosach eile faighte ó mhonarcha na gCat

Ag tús na craoibhe anuraidh, ceapadh go raibh Cill Chainnigh i dtrioblóid. Bhí slua laochra éirithe as an imirt agus is ar éigean a sheachain siad an t-ísliú céime sa tsraith.

Ansin, nuair a thosaigh an chraobh, thugadar aghaidh ar Loch Garman agus d’aimsigh Ger Aylward 3-5 ina chéad chluiche craoibhe d’fhoireann Brian Cody. Lean Aylward ar aghaidh ag tabhairt taispeántais mhaithe agus faoi dheireadh na bliana bhí bonn Uile-Éireann agus gradam All-Star buaite aige.

Dona go leor ag dfear an Ghleanna Mhóir, ní imreoidh sé arís i mbliana agus gortú glúine ag cur as dó ach arís tá ionadaí maith aimsithe ag Cill Chainnigh cheana féin. Cosúil le Aylward in aghaidh Loch Garman, bhí Jonjo Farrell ag imirt a chéad chluiche craoibhe do Chill Chainnigh in aghaidh Bhaile Átha Cliath ar an Satharn agus arís chríochnaigh an fear nua mar laoch na himeartha. 1-5 a d’aimsigh Farrell agus tá tosach dainséarach eile tagtha chun cinn do Chill Chainnigh.

Ciarán Murtagh, Ros Comáin. INPHO/Morgan Treacy
Ciarán Murtagh, Ros Comáin. INPHO/Morgan Treacy

Ceacht foghlamtha ag Ros Comáin ó 2015

Caithfidh go raibh beagáinín déjà vu á mhothú ag lucht leanúna Ros Comáin ag leath ama i gcluiche leathcheannais Chonnacht Dé Domhnaigh. Díreach mar a tharla in 2015, i ndiaidh dóibh feachtas sraithe maith a chur díobh, bhí an baol ann go gcaillfeadh Ros Comáin gan choinne in aghaidh Shligigh.

Ocht bpointe chun deiridh a bhí foireann Kevin McStay agus Fergal O’Donnell ag leath ama i bPáirc de hÍde ach, murab ionann agus teip 2015, d’éirigh leo aiséirí a dhéanamh. Ní raibh ach 30 soicind den dara leath caite nuair a scóráil Senan Kilbride cúl dóibh agus faoin am go raibh an t-am caite, bhí 2-10 scóráilte acu sa dara leath sin, i gcomparáid le 0-5 ag Sligeach.

Is bua tábhachtach a bhí ann mar is cinnte gur chuir cailliúint na bliana seo caite isteach go mór orthu. Níor shroich Ros Comáin ach Babhta 3 de na cluichí cáilithe ina dhiaidh sin agus fuair siad réidh lena mbainisteoir John Evans ag deireadh na bliana, cé gur bhain siad amach an t-ardú céime ó Roinn 2.

cluiche ceannais an chúige bainte amach acu agus é anois cinnte go rachaidh siad níos faide i gcraobh na bliana seo agus áit i mBabhta 4 de na cluichí cáilithe faighte acu ar a laghad.

imreoir Thiobraid Árann, Brian Fox. INPHO/Ryan Byrne
imreoir Thiobraid Árann, Brian Fox. INPHO/Ryan Byrne

Bhí bua Thiobraid Árann ar na bacáin, tharlódh luath nó mall

Roimh bhua an Domhnaigh, ba i 1944 an uair dheireanach a bhfuair peileadóirí sinsir Thiobraid Árann an ceann is fearr ar Chorcaigh. Cé nach raibh mórán ag súil go dtiocfadh an bua an deireadh seachtaine seo de bharr na himreoirí ar fad a bhí in easnamh ar Thiobraid Árann, chaithfeadh sé tarlú uair éigin.

Níl ort ach dul siar go 2011 chun teacht ar an uair dheireanach a bhfuair mionúir Thiobraid Árann an ceann is fearr ar Chorcaigh, bliain ina ndeachaigh na Tiobradaigh ar aghaidh chun Craobh na hÉireann a bhuachan. Chas siad ar a chéile sa ghrád Faoi-21 anuraidh agus, arís, ba iad Tiobraid Árann a bhuaigh.

Nuair a chas na sinsir ar a chéile don uair dheireanach in 2014, bhí Tiobraid Árann chun cinn agus an 70 nóiméad beagnach caite ach tháinig Aidan Walsh isteach chun trí phointe a aimsiú agus bhí an lá le muintir Chorcaí. Is beag nár tharla an rud céanna arís ar an Domhnach nuair a d’aimsigh Corcaigh 1-6 sa deich nóiméad dheireanacha ach tháinig Tiobraid Árann chucu féin arís agus d’éirigh leo bua stairiúil a fháil.

Paddy McBrearty ag ceiliúradh bua Dhún na nGall. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Paddy McBrearty ag ceiliúradh bua Dhún na nGall. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Muid fós ag fanacht ar thréan-iomaíocht i gCúige Uladh

Ar feadh na mblianta, ba i gCraobh Uladh ba thréine a bhíodh an iomaíocht thar aon chúige eile. Dúradh go raibh na coimhlintí chomh géar sin go raibh seans ag foireann ar bith an bua a fháil i gcluiche agus nach bhféadfaí an toradh a thuar.

hin mar atá sa chúige le cúpla bliain anuas, faraor, go háirithe i mbliana. Sa chúig chluiche peile a imríodh in Uladh an séasúr seo, bhí beagnach 11 pointe mar mheán d’fharasbarr idir na foirne.

Bhí daoine ag ceapadh go mbeadh scéal difriúil againn i gcluiche an Domhnaigh idir Dún na nGall agus Fear Manach ach ní hin mar a tharla. Cé go raibh an chéad leath géar go maith, ní raibh beocht ar bith sa dara leath agus theip ar Fhear Manach greim a choinneáil ar na Conallaigh, fiú agus imreoir sa bhreis ag fir na hÉirne don 35 nóiméad deireanach.

Is iad na cluichí leathcheannais na chéad chluichí eile sa chúige agus cé gur cheart go mbeadh coimhlintí breátha ansin, is cúis imní a bhfuil feicthe againn go dtí seo i mbliana.

Fág freagra ar 'Bua Thiobraid Árann ar na bacáin, easpa iomaíochta in Ulaidh agus ceachtanna CLG eile a bhí le foghlaim ag an deireadh seachtaine'