Bua stairiúil don Mhí agus sárfhoireann Átha Cliath cloíte acu i gcluiche ceannais na hÉireann

Ba iad mná Átha Cliath rogha láidir na coitiantachta roimh chluiche ceannnais an lae inniu ach ní raibh aon amhras ann ag deireadh na himeartha ach go raibh an bua tuillte go hiomlán ag foireann na Mí

Bua stairiúil don Mhí agus sárfhoireann Átha Cliath cloíte acu i gcluiche ceannais na hÉireann

Foireann na Mí ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

An Mhí 1-11 Áth Cliath 0-12

Bhréagnaigh sárpheileadóirí na Mí a raibh á thuar roimh chluiche ceannais na hÉireann agus Craobh Shinsir na hÉireann tugtha leo den chéad uair riamh acu i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Agus iad sa tóir ar a gcúigiú craobh as a chéile, ba iad mná Átha Cliath rogha láidir na coitiantachta chun greim a choinneáil ar Chorn Uí Mháirtín i mbliana ach ní raibh aon amhras ann ag deireadh chluiche an lae inniu ach go raibh an bua tuillte go hiomlán ag foireann na Mí.

Ba í seo an chéad bhliain ag Contae na Mí filleadh ar an gcraobh shinsir ach bhí an obair atá déanta ag an mbainisteoir Éamonn Murray agus ag na himreoirí chun an fhoireann seo a fhorbairt le feiceáil i rith an chluiche uile.

Captaen na Mí, Shauna Ennis. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Níor chúlaigh an Mhí siar ó Áth Cliath sa chéad leath. Thug siad faoina gcéilí comhraic agus bhíodar cúig phointe chun tosaigh ag leath ama.

Thit an Mhí siar an iomarca sa dara leath ach nuair a tháinig teacht aniar Átha Cliath, níor bhuail aon scaoll iad agus níor ghéilleadar. Níl aon fhoireann níos fearr ann i bpeil na mban ná foireann seo Átha Cliath chun cluichí crua a bhuachan ach ní raibh siad in ann an Mhí a shárú.

Agus easpa taithí ag foireann na Mí, bhí sé tábhachtach go gcuirfeadh siad tús maith leis an gcluiche agus b’in díreach  a rinneadar. Fuair Vikki Wall seilbh na liathróide ón gcaitheamh isteach agus ghearr sí trí lár chosaint Átha Cliath sular cuireadh chun talaimh í agus shlánaigh Stacey Grimes an cic saor. Bhí an Mhí chun tosaigh taobh istigh den chéad nóiméad.

Bhí siad ag cur ciceanna amach Átha Cliath faoi bhrú sa chéad chuid sin den chluiche agus is as sin a tháinig scór cinniúnach tar éis sé nóiméad. Bhí Emma Duggan díreach tar éis cic saor a chur ar fóraoil ach bhuail Ciara Trant an cic amach díreach chuici agus í 35m amach ón gcúl. Sheol Duggan an liathróid ar ais os cionn an chúil báire agus isteach san eangach, scór a thug spreagadh iontach don Mhí.

Niamh Collins agus Emma Duggan. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Bhí ag teip ar roinnt d’imreoirí mór le rá Átha Cliath dul i bhfeidhm ar an imirt ag an bpointe seo ach bhí Martha Byrne agus Hannah Tyrrell ag seasamh an fhóid d’fhoireann Mick Bohan. Fuair Tyrell (ceithre cinn) agus Byrne (ceann amháin) cúilíní d’Áth Cliath idir an t-ochtú agus an 16ú nóiméad ach d’fhágann scóranna ó Emma Troy agus Bridgetta Lynch le linn na tréimhse sin go raibh an Mhí fós cúpla pointe chun tosaigh agus 20 nóiméad imeartha. Bhí an Mhí buíoch freisin de shábháil den scoth a rinne an cúl báire Monica McGuirk chun iarracht ó Tyrrell a choinneáil amach.

Bhí ag éirí thar barr le Emma Duggan agus le Vikki Wall amuigh ar líne 45m Átha Cliath agus tionchar na beirte le feiceáil sna trí scór as a chéile a fuair an Mhí chun cúig phointe a chur idir na foirne, 1-7 in aghaidh 0-5. Cé go bhfuair Tyrrell scór eile d’Áth Cliath sa 28ú nóiméad, bhí freagra ag Duggan di ar an bpointe chun na cúig chúilín a fhágáil idir na foirne ag leath ama.

Fuair Tyrrell – cé eile? – scór luath sa dara leath agus bhí an chuma air go raibh tús curtha le teacht aniar Átha Cliath ach bhí mná na príomhchathrach ag streachailt agus iad ag iarraidh briseadh tríd an slua imreoirí a bhí tite siar i mbun cosanta do Chontae na Mí.

Stacey Grimes agus Hannah Tyrrell. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Fuair Carla Rowe a céad scór den chluiche tar éis 42 nóiméad chun cúl a fhágáil idir na foirne ach fuair an Mhí scór thar a bheith tábhachtach díreach roimh an mbriseadh uisce. Rinne Niamh O’Sullivan, a bhí ar fheabhas, an-obair chun an deis a chruthú agus ba í Stacey Grimes a d’aimsigh an sprioc, an chéad scór ag contae na Mí sa dara leath, agus scór a thug an-mhuinín dóibh. Scóráil Duggan pointe breá eile nuair a cuireadh tús athuair leis an imirt agus bhí cuma na maitheasa ar Chontae na Mí agus a lucht tacaíochta muiníneach go n-éireodh leo.

Ní raibh Áth Cliath sásta géilleadh gan troid, áfach, agus nuair a fuair Kate Sullivan, Hannah Tyrrell agus Lyndsey Davey trí phointe as a chéile in achar ceithre nóiméad, bhí an bhearna laghdaithe go dtí dhá phointe arís, 1-10 in aghaidh 0-11.

Ba í Niamh O’Sullivan an gaiscíoch arís do Chontae na Mí agus fuair sí cúilín iontach ó uillinn ghéar chun ruainne faoisimh a thabhairt dá foireann. Fuair Tyrell scór eile d’Áth Cliath, a seachtú pointe ar fad, ach níor tháinig an mhíorúilt a bhí ag teastáil agus bhí a mbua a bhí tuillte go hiomlán ag Contae na Mí.

Bhí foireann uile na Mí thar barr ach tá moladh sa bhreis tuillte ag leithéidí O’Sullivan, Emma Duggan, Vikki Wall, Aoibhín Cleary, Emma Troy agus Mary Kate Lynch.

Niamh O’Sullivan. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

 

Imreoirí na Mí ag ceiliúradh leis an slua i gCnoc 16. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

 

Sinéad Goldrick agus imreoirí eile Átha Cliath in ísle brí. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

 

Cúl báire na Mí, Monica McGuirk. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

An Mhí: M. McGuirk; E. Troy (0-2), M. Lynch, K. Newe; A. Leahy, A. Cleary, S. Ennis; O. Lally, M. O’Shaughnessy; O. Bryne, S. Grimes (0-3, 0-2 ó chiceanna saora), N. O’Sullivan (0-3); V. Wall, E. Duggan (1-2), B. Lynch (0-1). Mná Ionaid: M. Thynne in áit B. Lynch (45 nóim), N. Gallogly in áit A. Leahy (45 nóim), A. McCabe in áit N. O’Sullivan (58 nóim), S. Melia in áit O. Lally (59 nóim).

Áth Cliath: C. Trant; M. Byrne (0-1), N. Collins, L. Caffrey; S. Goldrick, S. McGrath, O. Nolan; J. Dunne; L. Magee; H. Tyrrell (0-7, 0-3 ó chiceanna saora), L. Davey (0-1), C. Rowe (0-1); S. Aherne (0-1), N. Hetherton, S. Killeen. Mná Ionaid: C. O’Connor in áit N. Hetherton (29 nóim), N. McEvoy in áit S. Killeen (Leath ama), O. Carey in áit S. McGrath (leath ama), K. Sullivan (0-1) in áit O. Nolan (45 nóim), A. Kane in áit L. Davey (54 nóim).

Réiteoir: Brendan Rice.

Fág freagra ar 'Bua stairiúil don Mhí agus sárfhoireann Átha Cliath cloíte acu i gcluiche ceannais na hÉireann'