‘Bua mór do phoblachtaigh ina gcogadh cultúrtha i gcoinne aontachtaithe a bheadh in acht Gaeilge’  – an tOrd Oráisteach

Tá geallta arís ag Rialtas na hÉireann go dtacóidh siad leis an éileamh ar acht teanga don Ghaeilge ó thuaidh ach, idir an dá linn, tá sé i gceist ag an Ord Oráisteach seasamh láidir a thógáil in aghaidh an achta ar an 12 Iúil

‘Bua mór do phoblachtaigh ina gcogadh cultúrtha i gcoinne aontachtaithe a bheadh in acht Gaeilge’  – an tOrd Oráisteach

Tógfaidh an tOrd Oráisteach seasamh láidir in aghaidh an Achta Ghaeilge ag paráidí Lá na nOráisteach a bheas ar siúl ar fud an tuaiscirt ar an 12 Iúil.

Tuairiscíodh sa Newsletter, go mbeidh teachtaireacht láidir san hóráidí a chuirfear i láthair bhaill an Oird Oráistigh an lá sin maidir leis an ghá cur i gcoinne an ‘cogadh cultúrtha’ atá ‘á throid ag poblachtaigh’ ar son achta Gaeilge.

“Cuirimis in aghaidh go láidir aon reachtaíocht a thabharfar isteach don Ghaeilge. Ba thubaisteach an toradh a bheadh ag a leithéid d’athrú ar ár bhféiniúlacht Bhriotanach agus d’aithneofaí, agus údar leis, aon reachtaíocht mar bhua mór do phoblachtaigh ina gcogadh leanúnach cultúrtha i gcoinne ár bpobail,” a deirtear sa ráiteas.

Idir an dá linn, tá geallta arís ag Rialtas na hÉireann go dtacóidh siad leis an éileamh d’acht teanga don Ghaeilge. Sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 a sheolfar i nGaoth Dobhair inniu deirtear go leanfaidh an Rialtas “ag obair le go gcuirfear na tiomantais ó thaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas na Breataine agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann i bhfeidhm ina n-iomláine, lena n­áirítear Acht Teanga don Ghaeilge…”

Tháinig ráiteas an Oird Oráistigh i leith na Gaeilge sna sála ar ráiteas níos dearfaí faoi cheist an achta a rinne Christopher Stalford ón DUP ar an chlár Talkbalk de chuid BBC Ulster Dé Luain.

Agus é ag freagairt ceist a chuir an craoltóir William Crawley air, cibé an dóigh leis go mbeadh an t-acht Gaeilge ina “ceist chinniúnach” in aon réiteach a thiocfadh ar sháinn an Fheidhmeannais ó thuaidh, dúirt Stalford go gcaithfí “an fáinne fí” sin a bhriseadh agus go gcaithfí “réiteach a fháil ar cheisteanna a bhaineann le cúrsaí teanga”.

“Sílim ó thaobh dhearcadh Arlene de, agus cinnte ó thaobh an pháirtí, caithfear a thaispeáint nach gá d’aontachtaithe a bheith cosantach ná a bheith ag mothú faoi bhagairt, is féidir linn a bheith oscailte agus muiníneach,” a dúirt Stalford.

Anuraidh ar Lá na nOráisteach i gContae an Dúin, thug Harold Henning, Leas-Ardmháistir an Oird Oráistigh, a leithéid de ráiteas in aghaidh achta Ghaeilge agus mhaígh sé gur “impiriúlaithe míleata cultúir” iad an dream atá ag éileamh cearta teanga do phobal na Gaeilge sa Tuaisceart.

Dúirt Henning gur mhaith le lucht an fheachtais sin go mbeadh Tuaisceart Éireann “níos Gaelaí ná Poblacht na hÉireann”.

Dúirt sé gur feachtas de chuid na bpoblachtach ó thuaidh é an t-éileamh ar Acht Gaeilge leis an bhféiniúlacht Bhriotanach a ghlanadh as an Tuaisceart.

“Níor cheart go mbeadh teanga ina bagairt ar dhuine ar bith — mar sin féin, nuair a dhéanann an pholaitíocht phoblachtach arm cultúir de theanga, is léir gur bagairt dár bhféiniúlacht agus dár bpobal atá inti.

“Is mó na daoine a chuir na poblachtaigh in aghaidh na Gaeilge ná mar a mheall siad chuici leis na moltaí radacacha atá á gcur chun cinn acu i láthair na huaire,” a dúirt sé.

Cuirfidh an tOrd Oráisteach gealltanais eile chun cinn ar an lá, seasamh lena gcreideamh Críostaí agus a ndílseacht do Choróin na Breataine.

Meastar go ndéarfar chomh maith gur ‘go héadóchasach’ a bhreathnaíonn an tOrd Oráisteach ar thoradh an reifrinn in aghaidh an ochtú leasú ó dheas, agus go n-iarrfaidh siad ar rialtas an tuaiscirt cur i gcoinne iarrachtaí ar bith chun an dlí a athrú sna sé chontae.

17 de mhórshiúlta a bheas ar siúl ar an 12 Iúil i mbliana mar chuid de cheiliúradh Lá na nOráisteach.

Beidh paráidí á reáchtáil i mBéal Feirste, Loch gCál, An Baile Meánach, Achadh Long, An Caisleán Dearg, An Caisleán Nua, Doire, An Chraobh, Baile Uí Dhálaigh, Garvagh, Baile Nua na hArda, Achadh Lí, Domhnach Cluana, Bruach Sheáin, Bealach Cláir, Port Chluain Eoghain agus Ros Earcáin.

Fág freagra ar '‘Bua mór do phoblachtaigh ina gcogadh cultúrtha i gcoinne aontachtaithe a bheadh in acht Gaeilge’  – an tOrd Oráisteach'

  • Aililiú!

    “a ndílseacht do Chorráin na Breataine”!? Is fíor go bhfuil an Choróin sármhaith ag oibriú an chorráin.

  • Learrai

    ‘oidhreacht na hEireann’ (i nGaeilge) mar mhana ar cheann de bhratacha an Oird (agus ar a thuilleadh nach e ni folair liom) agus foinn de bhunadh agus de thalamh iathghlas na hEireann a gcasadh acu ar na paraidi……. Stopaig ag canntail ar an fhiorchultur na hEireann ,a chladhairi. Ni aineolas biogoideach na ni dalladh intinne go dti iad.