Dún na nGall
Ba ag Gaoth Dobhair a bhí ceann de na buanna ba shuntasaí sa tríú babhta de Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall agus an ceann is fearr faighte acu ar sheaimpíní 2021, Naomh Adhamhnáin.
Aon phointe amháin a bhí idir na foirne, 1-7 in aghaidh 0-9, agus an cúilín cinniúnach faighte ag Stephen Donna McFadden do Ghaoth Dobhair cúpla nóiméad roimh an deireadh.
Sa chéad leath a tháinig an t-aon chúl sa chluiche, an liathróid báite san eangach ag Eoin de Búrca do Ghaoth Dobhair, agus is cothrom a bhí na foirne ag leath ama, 1-3 in aghaidh 0-6.
Chuaigh Naomh Adhamhnáin chun tosaigh ag tús an dara leath ach d’fhág cúpla scór ag Ethan Harkin go ndeachaigh Gaoth Dobhair chun cinn arís. Chuir scór McFadden a fhoireann dhá phointe chun tosaigh agus cé gur laghdaigh Naomh Adhamhnáin an bhearna, níor éirigh leo teacht ar ais ar comhscór, agus bhí a gcéad chluiche go dtí seo sa chomórtas caillte ag fir Leitir Ceanainn.
Tá Gaoth Dobhair anois ar cheann de na seacht bhfoireann a bhfuil dhá chluiche buaite agus ceann caillte acu sa chraobh shinsir. Tá Gleann tSúilí agus Naomh Micheál ar bharr an tábla agus trí chluiche as a chéile buaite acusan.
Fuair Naomh Micheál an ceann is fearr ar an gClochán Liath i gcoimhlint a raibh tionchar ar leith ag an aimsir uirthi. Agus cóir na gaoithe acu sa chéad leath, bhí Naomh Micheál 0-8 in aghaidh 0-1 chun tosaigh ag leath ama ach d’athraigh cúrsaí go hiomlán sa dara leath agus an bhearna sin tugtha isteach ag an gClochán Liath. Bhí na foirne cothrom agus an t-am nach mór caite agus Naomh Micheál fós ag fanacht ar a gcéad scór sa dara leath ach shlánaigh an t-imreoir contae Michael Langan, a scóráil cúig phointe sa chluiche, cic saor sa 59ú nóiméad chun an cluiche a bhuachan.
Bhí bua neafaiseach ag Naomh Conaill, atá anois sa tríú háit, ar chumann Sheáin Mhic Cumhaill ag an deireadh seachtaine, 2-13 in aghaidh 0-5. Bhí an dá chluiche roimhe sin buaite ag fir Mhic Cumhaill ach ní raibh siad in ann ag Naomh Conaill. Ní raibh ach cúig phointe idir na foirne agus thart ar dheich nóiméad fágtha ach bhí rith an ráis leis na Conallaigh san am a bhí fágtha agus cúil faighte ag Kevin McGettigan agus Neil Francis Boyle.
D’aimsigh Patrick McBrearty naoi gcinn de phointí don dara cluiche as a chéile agus Cill Chartha róláidir do Ghleann Fhinne, 0-18 in aghaidh 1-8. Thóg sé beagnach 20 nóiméad ar Ghleann Fhinne a gcéad scór a fháil agus bhí ceannas glactha ag Cill Chartha ar an gcoimhlint faoin am sin agus pointí aimsithe ag leithéidí McBrearty, Mark McHugh, Eoin McHugh agus Matthew McClean.
Seacht bpointe chun tosaigh a bhíodar ag leath ama, 0-10 in aghaidh 0-3, agus mhéadaigh siad an bhearna sin sa dara leath. D’aimsigh Stephen Ward cúl do Ghleann Fhinne sa dara leath ach bhí an cath caillte faoin tráth sin.
Sa leath eile den tábla, d’éirigh leis na Dúnaibh agus Ard an Rátha a gcéad chluichí craoibhe a bhuachan i mbliana.
Farasbarr dhá phointe a bhí ag na Dúnaibh ar Chloich Cheann Fhaola, 1-9 in aghaidh 0-10. Agus an ghaoth ina seolta, bhí na Dúnaibh cúig phointe chun cinn ag leath ama, 0-8 in aghaidh 0-3. Bhí an bhearna sin laghdaithe go dtí aon phointe amháin ag Cloich Cheann Fhaola leath bealaigh tríd an dara leath ach d’fhág an cúl agus pointe a d’aimsigh Paddy McElwee do na Dúnaibh in achar cúpla nóiméad gur thug siadsan an lá leo.
Ba é a gcumas cúil a aimsiú a d’fhág go raibh an bua ag Ard an Rátha ar Aodh Ruadh, 4-5 in aghaidh 0-11. Agus iad ag imirt in aghaidh na gaoithe sa chéad leath, d’aimsigh KJ Molloy cúl tábhachtach d’Ard an Rátha chun iad a choinneáil i bhfoisceacht cúpla pointe dá gcéilí comhraic ag leath ama agus d’aimsigh Niall McCrossan cúl bog dóibh luath sa dara leath chun tuilleadh spreagtha a thabhairt dóibh. Chuir Molloy cic éirice amú leath bealaigh tríd an dara leath ach scóráil John Ross Molloy agus Charlie Bennett cúil sna deich nóiméad deireanach chun an bua a chinntiú d’Ard an Rátha.
Sa chraobh idirmheánach, tá an Tearmann fós ar bharr an tábla agus a dtríú cluiche as a chéile buaite acu, an ceann is fearr faighte acu ar Naomh Columba an uair seo, 4-14 in aghaidh 0-16.
Ba í sin an chéad chailliúint ag fir Ghleann Choilm Cille agus iad anois ar cheithre phointe, cothrom le Réalta na Mara agus Naomh Muire, a chaill in aghaidh a gcomharsan, na Rosa, ar an nDomhnach, 2-10 in aghaidh 1-11.
Chaill Gaeil Fhánada don dara deireadh seachtaine as a chéile agus an ceann is fearr faighte ag Baile na nGallóglach orthu, 1-17 in aghaidh 2-9.
Gaillimh
Chlis ar Mhaigh Cuilinn i gCraobh Shinsir A na Gaillimhe ar an Domhnach agus fuair Baile Locha Riach an ceann is fearr orthu, 1-24 in aghaidh 1-17. Agus iad ag imirt i gcoinne na gaoithe sa chéad leath i Staid an Phiarsaigh, ní raibh Maigh Cuilinn ach trí phointe chun deiridh ag leath ama, 0-11 in aghaidh 0-8, agus bhí siad ar comhscór faoin 47ú nóiméad agus poc éirice slánaithe ag Éanna Noone. Ba iad na fir as deisceart an chontae a bhí i gceannas san am a bhí fágtha. Ní raibh fágtha ach cúpla nóiméad nuair a fuair Tiernan Killeen cúl a chinntigh an bua.
An Mhí
Ní hé an deireadh seachtaine ab fhearr a bhí ag foirne Gaeltachta na Mí agus Bhulf Tón agus Clann na nGall cloíte sna craobhacha peile sinsir agus idirmheánach faoi seach.
Naomh Peadar Dhún Búinne a fuair an ceann is fearr ar Bhulf Tón i nGrúpa B sa chraobh shinsir, 0-11 in aghaidh 0-7. Thóg sé beagnach deich nóiméad ar an dá fhoireann pointe a fháil ar an Uaimh i gcoimhlint a bhí gann ar scóranna agus caighdeán peile. Ceithre phointe an taobh a bhí acu ag leath ama ach thosaigh Naomh Peadar an dara leath níos fearr agus bhíodar imithe sé phointe chun cinn i dtreo an deiridh. Tháinig Bhulf Tón ar ais le cúpla scór ach níor leor é agus tá cluiche amháin buaite acu agus ceann caillte acu anois tar éis dhá bhabhta.
Bhí Clann na nGael ag dul chun páirce sa chraobh idirmheánach den chéad uair i mbliana in aghaidh Dhún Samhnaí agus coimhlint mhaith eatarthu. Bhí Dún Samhnaí trí phointe chun tosaigh ag leath ama, 0-8 in aghaidh 0-5, ach bhí Clann na nGall níos láidre i ndiaidh an bhrisidh. D’fhág scóranna ó leithéidí Ben Corkery go raibh siad ar comhscór théis tamaillín agus chuadar chun cinn nuair a d’aimsigh Ryan McNamee cúl. Tháinig Dún Samhnaí ar ais go láidir, áfach agus d’aimsigh siad 1-5 san am a bhí fágtha, an cúl cinniúnach ag teacht ó bhróg Jack Cottrell chun bua 1-15 in aghaidh 1-12 a thabhairt dá fhoireann.
Fág freagra ar 'Bua mór ag Gaoth Dobhair ach cliste ar fhoirne na Gaeltachta i nGaillimh agus sa Mhí'