Bua don ‘Same Old, Same Old Party’? Toghcháin chugainn ó thuaidh..

Cén tionchar a bheidh ag an mBreatimeacht agus folús Stormont ar an vótáil sna toghcháin áitiúla an mhí seo chugainn?

Bua don ‘Same Old, Same Old Party’? Toghcháin chugainn ó thuaidh..

Tá na cuaillí breac le póstaeir, na tonnaí d’ábhar plaisteach crochta in airde os ár gcionn sna bailte agus faoin tuath. Toghchán nó dhó ag druidim linn arís. Ní fada ó bhí póstaeir ar crochadh a bhain croitheadh as daoine – leithéidí an chinn a d’fhógair gur thar ceann an ‘Same Old, Same Old Party’ é agus a mhol vóta don ‘Opportunist’ má bhí faitíos ort roimh an dream eile. Féile a bhí ag plé cúrsaí polaitíochta abhus a bhí freagrach as na bréagfhógraí. Theastaigh uathu anailís a spreagadh faoin gcineál polaitíochta a theastaíonn ón bpobal. Rud éigin nua nó an tseanpholaitíocht bunaithe ar an deighilt thraidisiúnta?

Níl aon dabht ach go bhfuil sciar den phobal míshásta leis an bhfolús in Stormont, míshásta leis an DUP a bheith ag déanamh neamhshuim de thoil an mhóraimh abhus i dtaca leis an mBreatimeacht agus míshásta le baghcat Shinn Féin ar Westminster in am na práinne faoin mBreatimeacht.

Ach cé hiad na daoine atá míshásta? An bhfuil siad míshásta a ndóthain chun iompú in aghaidh an dá phríomhpháirtí? Is beag fianaise atá ar fáil go bhfuil dílseoirí na bpáirtithe sin míshásta lena ndream féin ach gheobhaimid amach cá seasann siad gan mhoill.

Beidh deis ag pobal an Tuaiscirt breithiúnas a thabhairt ar na polaiteoirí as gach páirtí sa vótáil do na comhairlí áitiúla coicís ón Déardaoin seo chugainn. Beidh 819 iarrthóir san iomaíocht do 462 suíochán ar 11 comhairle ar an 2 Bealtaine. Agus mura nglacann an Pharlaimint in Westminster le margadh Breatimeachta taobh istigh de thrí seachtaine, slán an tsamhail, toghfar triúr feisirí Eorpacha trí seachtaine ina dhiaidh sin ar an 23 Bealtaine.

Dúshlán do pháirtí ar bith é maoiniú agus acmhainní a sholáthar le haghaidh dhá bhabhta toghchánaíochta in achar gearr. Tá buntáiste mór ag Sinn Féin agus an DUP ar na páirtithe eile, tá siad i bhfad níos saibhre ná iad. Thairis sin tá níos mó ionadaithe acu cheana féin agus an fhoireann is na hoibrithe deonacha a ghabhann leo; bailíonn brobh beart.

Tá an SDLP agus an UUP beo bocht, ní mé an gcuirfidh Fianna Fail ciste tacaíochta ar fáil chun cuidiú lena gcairde nach comhghleacaithe iad, an SDLP. Níl Alliance ná Comhaontas Glas saibhir, is páirtí an-bheag é an TUV agus maítear gur sna toghcháin áitiúla amháin a sheasfaidh Aontú, a bheidh san iomaíocht den chéad uair.

Glacfaidh Oifig na dToghchán le hainmniúcháin na n-iarrthóirí do Pharlaimint na hEorpa ón Mháirt seo chugainn go dtí an 25 Aibreán. Tá Sinn Féin agus an DUP i bhfad chun tosaigh ar na páirtithe eile, cinntí déanta cheana féin go seasfaidh na feisirí Eorpacha Diane Dodds, DUP agus Martina Anderson Sinn Féin arís. Ní fios go fóill an gcosnóidh Jim Nicholson an UUP an suíochán Eorpach a bhí aige le scór go leith bliain. Bhí an SDLP sna sála ar Nicholson an uair dheiridh ach ní fios go fóill cé a bheidh mar iarrthóir acu an uair seo. Measann go leor go mbeadh seans an-mhaith ag Mark Durkan ar shuíochán don SDLP ach tá sé tite idir dhá stól ó chinn sé go seasfadh sé i mBaile Átha Cliath d’Fhine Gael – don suíochán breise sin nach mbeidh ann má bhíonn an Bhreatain ag glacadh páirt san toghchán.

Ar go leor bealaí is é an port céanna a bheidh ag na páirtithe sa bhfeachtas Eorpach is atá cloiste go dtí seo maidir leis an iomaíocht do na Comhairlí Áitiúla. Tá na hiarrthóirí ar a ndícheall ag iarraidh aird a tharraingt ar cheisteanna áitiúla ach ní hamhlaidh ag ceannairí a bpáirtithe. Ní thógfadh éinne é ar an té a chonaic fógraíocht teilifíse na bpáirtithe a cheapfadh gur ag stocaireacht d’olltoghchán Westminster nó don Eoraip atá siad.

Ní hé nach bhfuil tábhacht leis na comhairlí áitiúla ach is é an coibhneas idir an dá phríomhpháirtí an gad is giorra don scornach ag an DUP agus Sinn Féin; dá bhrí sin, is ar an ‘mórphictiúr’ a dhíríonn siad. Tá caomhnú na Ríochta Aontaithe níos tábhachtaí ná ceist ar bith eile a deir an DUP. An pobal a tharrtháil ó Bhreatimeacht meargánta an DUP agus na dTóraithe atá ó Shinn Féin, a deir siad.

Mheabhraigh an DUP do vótóirí gurbh iadsan an t-aon pháirtí a fuair maoiniú breise do thograí abhus – iad ag déanamh gaisce as an mbilliún punt a fuair siad mar aisíoc as a dtacaíocht do rialtas na dTóraithe. Caithfear vóta mór a thabhairt dá gcomhairleoirí a deir siad chun tacú le margadh Breatimeachta maith agus chun an Ríocht Aontaithe a chosaint ó reifreann mioscaiseach faoin teorainn.

Dhírigh Sinn Féin ar na lochtanna a bhí acu ar an DUP in Stormont – a sotal, a ndrochmheas ar an nGaeilge agus a gceilt ar chearta chomh maith le mífhreagracht an DUP agus a gcairde sna Caomhaigh i dtaca leis an mBreatimeacht agus teorainn chrua. Polaitíocht na comhpháirtíochta agus droim láimhe leis an bpraiseach a rinne an DUP agus Sinn Féin a bhí á mholadh ag SDLP. Malairt atá á moladh ag Alliance – ‘tá polaitíocht níos fearr tuillte agat – roghnaigh í’.

Chífimid go luath an raibh éinne ag éisteacht nó cé leis a raibh said ag éisteacht. Bheadh drogall orm geall mór a chur ar athrú mór saoil.

Fág freagra ar 'Bua don ‘Same Old, Same Old Party’? Toghcháin chugainn ó thuaidh..'

  • Colm Cavanagh

    Alt suimiúil. Ach in áit “roghnaigh í”, is “demand” atá an Alliance Party ag rá, – rud beag níos laidre? “Éiligh”, b’fhéidir?