Bua don Choláiste Ollscoile, BÁC sa Bhréagchúirt

Bhí ‘cás’ na bliana seo ag an mBréagchúirt thar a bheith tráthúil sa mhéid is gur bhain sé le bean a cuireadh go neachtlann Mhaighdilíneach agus a d’fhulaing mí-úsáid chorportha agus ghnéis.

Bréagchuirt Uí Dhálaigh 2014 mx4

Is iad Karen Ní Néill agus Clíodhna Ní Chéilleachair, mic léinn dlí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a rug leo an chraobh ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2014 sna Ceithre Chúirt Dé hAoine seo caite.

Is comórtas é seo a bhíonn ar siúl gach bliain do mhic léinn tríú leibhéal.

In ómós d’Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh, a baisteadh a ainm air. Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist agus cuirtear sonraí an cháis ar fáil do na rannpháirtithe roimh ré i dtreo is gur féidir leo a gcuid argóintí a ullmhú.

Bronntar buantrófaí Ghael Linn agus seic €600 ar na buaiteoirí agus seic €300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.

Bhí ‘cás’ na bliana seo ag an mBréagchúirt thar a bheith tráthúil sa mhéid is gur bhain sé le bean a cuireadh go neachtlann Mhaighdilíneach agus a d’fhulaing mí-úsáid chorportha agus ghnéis.

Is breitheamh den Ardchúirt, an tOnórach Bronagh O’Hanlon, mar aon leis an Onórach Gerard Hogan, breitheamh den Chúirt Achomhairc, agus Cormac Ó Dúlacháin, Abhcóide Sinsearach, a bhí ina moltóirí ar an gcraobh-bhabhta i mbliana.

Dúradh gur bhain gach foireann caighdeán ard amach i mbliana, agus ghlac sé tamall ar na moltóirí teacht ar chinneadh dá bharr.

Sa deireadh, bhronn Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, buantrófaí Gael Linn agus duas €600 ar fhoireann na Scoile Dlí, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Karen Ní Néill agus Clíodhna Ní Chéilleachair.

Tháinig Fergus Hurley, Laura Ní Dhruacháin agus Deirdre Hosford ó Dhlí-Chumann na hÉireann, a throid an cás don achomharcóir, sa dara háit agus fuaireadar duais €300. Ghabh an tUasal Ó Coileáin buíochas leis na breithiúna as a dtacaíocht leanúnach don chomórtas agus dúirt:

“Cúis sásaimh do Gael Linn an tóir leanúnach atá ag mic léinn dlí ar Bhréagchúirt Uí  Dhálaigh. Toisc stádas dlíthiúil na Gaeilge in Éirinn agus san AE, tá a lán deiseanna fostaíochta anois ann i gcomhair dlíodóirí  a bhfuil máistreacht acu ar an nGaeilge.’

‘Léiriú é ar an meas atá ar an an mBréagchúirt go raibh breithiúna sinsearacha toilteanach a bheith mar mholtóirí arís i mbliana.”