Bua do Gerry Adams sa Chúirt Uachtarach, ach cén fáth gur cuireadh a chiontú i 1973 ar neamhní?

Mínítear anseo céard a bhí mícheart leis an ordú a síníodh i 1973 chun Gerry Adams a ghabháil

Bua do Gerry Adams sa Chúirt Uachtarach, ach cén fáth gur cuireadh a chiontú i 1973 ar neamhní?

Thug Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe dea-scéal do Gerry Adams inniu nuair a chinn an chúirt gur chóir ciontú Adams i 1973 as iarracht a dhéanamh éalú ón bpríosún a chur ar ceal toisc go raibh na horduithe a síníodh chun é a ghabháil i dtús báire neamhbhailí.

Thugtaí “interim custody orders” nó “ICOs” ar na horduithe sin.

Ciontaíodh Adams faoi dhó, as dhá iarracht a dhéanamh éalú ón bpríosún.

Ba é Lord Kerr, iar-phríomhbhreitheamh Thuaisceart Éireann, a scríobh an breithiúnas inniu ar a shon féin agus ar son ceathrar breithiúna eile.

Céard a bhí mícheart mar sin leis an ordú a síníodh i 1973 chun Adams a ghabháil?

Dar le Lord Kerr, bhí dualgas reachtúil ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann i 1973, William Whitelaw MP, scrúdú pearsanta a dhéanamh ar iompar Adams agus cinneadh pearsanta a dhéanamh faoi ordú chun é a ghabháil ar bhonn sealadach. Bhí cead ag airí níos sóisearaí an t-ordú sin a shíniú in áit an Státrúnaí féin, ach ba ghá don Státrúnaí féin an cinneadh a dhéanamh Adams a ghabháil. Aire eile a rinne an cinneadh sin i 1973.

Níor ghlac breithiúna Thuaisceart Éireann leis an méid sin cúpla mí ó shin nuair a dhiúltaigh siad d’achainí Adams nuair a chuir sé a ghearán faoina mbráid i mBéal Feirste.

Cheap siadsan nach raibh aon locht ag ar an ordú i 1973, cé gur aire sóisearach a shínigh é ar son an Státrúnaí féin.

Dar leo siúd, ba mhinic a thugadh stát-rúnaithe éagsúla cead dá n-airí sóisearacha orduithe a shíniú ar a son nuair a bhídís féin thar lear, nó gafa le rud eile, nó tinn fiú. Tharla a leithéid sa Home Office, mar shampla, go rialta.

Cé gur tugadh an chumhacht oifigiúil don Rúnaí Baile príosúnaigh a cuireadh faoi ghlas ar feadh a saoil a scaoileadh saor i gcásanna áirithe, ba iad na hairí sóisearacha a dhéanadh an cinneadh i ndáiríre ar son agus le cead an Rúnaí Baile féin.

Mhínigh breitheamh eile an scéal seo cúpla bliain ó shin, nuair scríobh sé i 1993:

Every such case demands serious consideration and the burden of considering them all must be substantial. I can see nothing irrational in the Secretary of State devolving the task upon junior ministers. They too are appointed by the Crown to hold office in the department, they have the same advice and assistance from departmental officials as the Secretary of State would have, and they too are answerable to Parliament.

Ní raibh Lord Kerr sásta leis an méid seo, áfach, agus dar leis, bhí difríocht mhór idir cás an Rúnaí Baile i 1993 agus cás Willie Whitelaw i mBéal Feirste i 1974.

Ní raibh ar chumas aon Rúnaí Baile amháin na páipéir go léir faoi na cásanna a cuireadh faoina bhráid a léamh. I 1990, bhí 274 cás den sórt sin le léamh. Ach ní fhéadfaí an rud céanna a rá mar gheall ar na horduithe a bhí á shíniú i dTuaisceart Éireann sna 1970idí. Scríobh Lord Kerr:

…there was no evidence that at the time of the making of the ICO, it would have been unduly onerous for the Secretary of State, then the Rt Hon William Whitelaw MP, personally to consider each application for an ICO. Indeed, the Rt Hon Merlyn Rees MP (who was Secretary of State in the Labour government which came to power in March 1974) considered all ICOs personally.

Ba é tuairim Lord Kerr sa deireadh gur chuir an Pharlaimint dualgas pearsanta ríshoiléir ar an Státrúnaí cinneadh pearsanta a dhéanamh duine a chuir faoi ghlas.

Ní raibh aon éalú ón dualgas sin, agus toisc nach ndearna Whitelaw an cinneadh faoi Adams i 1973, ní raibh an t-ordú a síníodh i gceart, ní raibh gabháil Adams bailí de réir an dlí, agus níor chóir é a chiontú san iarracht éalú ón bpríosún.

Nach ait an rud é nach raibh an t-eolas seo ag breithiúna Thuaisceart Éireann go dtí cinneadh Lord Kerr inniu?

Fág freagra ar 'Bua do Gerry Adams sa Chúirt Uachtarach, ach cén fáth gur cuireadh a chiontú i 1973 ar neamhní?'