‘Bua beag’ ag feachtasóirí Achub Pantycelyn sa Bhreatain Bheag

Tá todhchaí áras lóistín na mac léinn Breatnaise in Ollscoil Aberystwyth ‘cinntithe don chéad ghlúin eile’, a deir Aontas Breatnaise na Mac Léinn

Pantycelyn

Dúnfar Neuadd Pantycelyn, an t-áras lóistín do mhic léinn Breatnaise in Ollscoil Aberystwyth, ar feadh ceann ceithre bliana.

Dúnfar an t-áras i mí Mheán Fómhair seo chugainn chun scéim airgeadais agus deisiúcháin a chur ar bun agus osclófar arís é sa bhliain 2019.

Ritheadh an rún i dtaobh an Árais ag cruinniú de chuid chomhairle na hOllscoile Dé Luain ag a raibh Seansailéir na hOllscoile, an Ridire Emyr Jones Parry, ionadaithe ó Aontas Breatnaise na Mac Léinn agus ionadaithe ó Aontas na Mac Léinn i láthair.

Dúirt an Ridire Parry go raibh sé i gceist ag an Ollscoil an t-áras a oscailt arís i gceann ceithre bliana le lóistín agus spásanna sóisialta a chur ar fáil a d’fheilfeadh don todhchaí.

Tharraing an plé faoi thodhchaí an árais go leor conspóide. Ghabh mic léinn Breatnaise seomraí i Neuadd Pantycelyn an tseachtain seo caite agus bhagair stailc ocrais ar údaráis na hOllscoile dá ndúnfaí an t-áras ar fad. Dhreap cúigear suas go díon an Árais Dé Luain seo caite agus chroch bratach ar ar scríobhadh na focail ‘Achub Pantycelyn’ (Sábháil Pantycelyn).

Thug Hynek Janoušek, mac léinn máistreachta, le fios do Tuairisc.ie go leanfar leis an bhfeachtas ‘Achub Pantycelyn’ ach go bhfuil cosán nua á thabhairt orthu féin anois ag na mic léinn.

“Tháinig mórathrú ar ár scéal inniu. Ghabh critheagla údráis na hOllscoile mar gheall ar an mbrú a chuir muide, pobal na tíre agus polaiteoirí áitiúla agus násiúnta (fiú i bPairlimint na Breataine Bige agus in Westmister féin) orthu gan ár mbaile a dhúnadh. Faraor, ní hiomlán an bua a rugamar inniu ach bua beag.”

“Beidh na ceithre bliana atá amach romhainn an-suimiúil agus an-chasta,” a dúirt Hynek Janoušek ón bheachtas Achub Pantycelyn’.

Dúirt Hanna Medi Merrigan, Uachtarán Aontas Breatnaise na Mac Léinn, gur cinneadh ‘stairiúil’ a bhí ann agus go bhfuil todhchaí Pantycelyn cinntithe don chéad ghlúin eile.

Ní raibh cead ag Merrigan isteach ina hoifig féin an tseachtain seo caite nuair a dúnadh an t-áras gan coinne. Dúirt sí go raibh meon na hollscoile i leith an Aontais Breatnaise ‘scannalach’.