Bua ag teastáil ón gCamarún agus ón tSeirbia le fanacht san iomaíocht

Beidh díomá ar an dá fhoireann nár éirigh níos fearr leo sa chéad bhabhta ach tá deis anois acu bua tábhachtach a fháil i nGrúpa G

Bua ag teastáil ón gCamarún agus ón tSeirbia le fanacht san iomaíocht

Cluichí

Camarún v An tSeirbia – 10.00rn (Grúpa G)
An Chóiré Theas v Gána – 1.00in (Grúpa H)
An Bhrasaíl v An Eilvéis – 4.00in (Grúpa G)
An Phortaingéil v Uragua – 7.00in (Grúpa H)

Rogha an Lae

10.00rn (Grúpa G)

Cé nach bhfuil muid tagtha go dtí an pointe go bhfuil muid ag fágáil slán le foirne ag Corn an Domhain 2022 fós, níl ann ach beir nó fág ag roinnt foirne cheana féin agus an dara seachtain den chomórtas linn. Tá Camarún agus an tSeirbia ar phéire de na foirne sin a chaithfidh a gcluiche sa dara babhta a bhuachan tar éis dóibh cailliúint an tseachtain seo caite.

Agus an Bhrasaíl sa ghrúpa céanna leo, tá tábhacht ar leith leis an dá chluiche eile a bheidh ag na foirne seo. Beidh díomá ar an tSeirbia gur chaill siad in aghaidh na Brasaíle Déardaoin ach ní hé deireadh an domhain é, go háirithe má éiríonn leo tráthnóna.

Stíl chosantach go maith a bhí in úsáid ag an tSeirbia sa chluiche sin agus iad ag iarraidh an Bhrasaíl a choinneáil amach, rud a d’fhág gur bheag a chruthaigh siad sa chluiche. Theip orthu an sprioc a bhaint amach le haon cheann de na chúig iarracht a bhí acu sa chluiche ach ba cheart go dtabharfaí beagáinín níos mó saoirse dóibh i gcluiche an lae inniu. Cúis iontais a bheadh ann mura bhfeicfear Dusan Vlahovic, a bhí ar an mbinse Déardaoin, istigh ón tús inniu agus ba cheart go mbeadh deis níos mó ag Dusan Tadic dul i bhfeidhm ar an imirt.

Ábhar díomá do Chamarún a gcliseadh in aghaidh na hEilvéise ach ba í foireann Rigobert Song ba láidre sa chéad leath den chluiche sin. Ba cheart go mbeadh siad imithe chun tosaigh i ndáiríre agus deiseanna ag leithéidí Bryan Mbuemo, Martin Hongla agus Eric Choupo-Moting, a bhí ag imirt ar fheabhas do Bayern Munich roimh thús an chomórtais. Chruthaigh an Eilvéis roinnt deiseanna sa dara leath nuair a bhí Camarún sa tóir ar chúl ach dá n-éireodh leo tús maith a chur le cluiche an lae inniu d’fhéadfadh siad fós teacht amach as an ngrúpa.

Fág freagra ar 'Bua ag teastáil ón gCamarún agus ón tSeirbia le fanacht san iomaíocht'