Bua ag teastáil ó na Duibhnigh más fúthu an t-ísliú céime a sheachaint agus lá mór inniu ag roinnt clubanna Gaeltachta

Lá mór é an lá inniu do roinnt foirne Gaeltachta ar fud na tíre agus iad ag cur tús lena bhfeachtais craoibhe

Bua ag teastáil ó na Duibhnigh más fúthu an t-ísliú céime a sheachaint agus lá mór inniu ag roinnt clubanna Gaeltachta

Imreoir na Gaeltachta, Pádraig Óg Ó Sé.

Is lá mór é an lá inniu do pheileadóirí na Gaeltachta i gCiarraí agus iad ag imirt a gcluiche deireanach i nGrúpa 1 de Chraobh Shinsir na gClubanna sa chontae.

Bhí a fhios acu agus iad tagtha aníos ón ngrád Idirmheánach, go raibh feachtas crua rompu, go háirithe nuair a cuireadh sa ghrúpa craoibhe ba dheacra iad, agus ní bhfuair siad faic éasca ó shin.

Bhuail Na Crócaigh greadadh orthu sa chéad chluiche agus cé gur thug An Ghaeltacht taispeántas níos fearr uathu i gcoinne Aibhistín de Staic, chuir siad an iomarca deiseanna ar chúil amú agus bhí an lá le fir Thrá Lí, 0-15 in aghaidh 1-09.

Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh An Ghaeltacht an ceann is fearr a fháil tráthnóna ar chumann eile as Trá Lí, Ceirín-Uí Rathaille, más fúthu cluiche dícháillithe a sheachaint. Dea-scéal amháin é don Ghaeltacht, gur sa bhaile a bheidh siad ag imirt inniu agus cuirfear tús leis an gcluiche i nGallarus ag 2.30i.n.

Má chailleann peileadóirí Chorca Dhuibhne inniu, beidh deis eile acu an t-ísliú céime a sheachaint i gcluiche dícháilithe i gcoinne na foirne a chríochnóidh ag bun Ghrúpa 2.

Malairt scéil a bhí ag an Daingean go dtí seo agus an dá chluiche a bhí acusan i nGrúpa 2 buaite acu. Chomh fada agus nach gclisfidh orthu ina gcluiche i gcoinne fhir Chill Airne, An Léigiún, beidh áit acu i gcluiche ceannais na craoibhe.

I bPort Láirge, imreoidh An Rinn a gcéad chluiche i gCraobh Shinsir Peile na nDéise anocht. Ó tharla go ndeachaigh siad chomh fada le cluiche leathcheannais na bliana seo caite, beidh fir na Rinne ag iarraidh dul céim eile níos faide i mbliana agus tús á chur anocht acu lena bhfeachtas i nGrúpa C le cluiche i gcoinne Chill Rosanta i bPáirc Uí Fhearchair.

Tar éis dóibh Naomh Abán agus Béal Átha an Ghaorthaidh a imirt sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach i gCorcaigh aréir, rachaidh Cill na Martra chun páirce sa Chraobh Idirmheánach agus iad ag imirt i gcoinne Bhaile an Óraigh i Maigh Chromtha.

I mBaile Átha Cliath, tá na Na Gaeil Óga ag dul chun páirce i gCraobh Shóisir 1 an chontae agus iad i gcoinne Long Chogaidh i bPáirc San Caitríona ag 11.00rn.

Tá na cluichí cáilithe do Chomórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i Maigh Eo an deireadh seachtaine seo chomh maith. I gcraobh na sinsear, imreoidh Béal an Mhuirthead agus Cill tSéadhna a chéile tráthnóna agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach ag an gcomórtas náisiúnta sna Dúnaibh.

Fág freagra ar 'Bua ag teastáil ó na Duibhnigh más fúthu an t-ísliú céime a sheachaint agus lá mór inniu ag roinnt clubanna Gaeltachta'