Bua ag teastáil ó na Conallaigh chun ísliú céime a sheachaint

Tabharfaidh peileadóirí Mhaigh Eo agus Dhún na nGall aghaidh ar a chéile tráthnóna agus iad ag iarraidh an t-ísliú céime a sheachaint

Bua ag teastáil ó na Conallaigh chun ísliú céime a sheachaint

Pictiúr: ©INPHO/Tom Beary

Dún na nGall v Maigh Eo, Páirc Mhic Cumhaill, 3.00

Caithfidh peileadóirí Dhún na nGall cluiche an lae inniu i mBealach Féich in aghaidh Mhaigh Eo a bhuachan chun an t-ísliú céime a sheachaint. Tá sé chomh simplí leis sin. Má éiríonn leo é sin a dhéanamh, is iad foireann Stephen Rochford a bheidh ag dul síos go dtí Roinn 2 ina n-áit.

Ait go leor, níl aon chluiche caillte ag na Conallaigh i bPáirc Mhic Cumhaill ó 2010. Naoi gcluiche dhéag atá imeartha acu i mBealach Féich ó shin agus oiread is ceann amháin caillte acu agus fiú má chríochnaíonn cluiche an lae inniu ar comhscór, is i Roinn 1 a bheidh Dún na nGall ag imirt fós an bhliain seo chugainn.

Tá ábhairín den mhí-ádh orthu gur amhlaidh atá an cás acu faoi láthair. Thug na Conallaigh taispeántais réasúnta maith uathu sna chéad trí bhabhta den tsraith ach nuair nár éirigh leo aon phointí a thabhairt leo sna cluichí a bhí acu in aghaidh Chiarraí, in aghaidh na Gaillimhe agus in aghaidh Bhaile Átha Cliath, bhí siad i dtrioblóid.

Cé go bhfuair siad an ceann is fearr ar Chill Dara i mBabhta 4, d’éirigh le Tír Eoghain agus Muineachán an ceann is fearr a fháil orthu ó shin, rud a d’fhág go bhfuil foireann Declan Bonner sa bhearna bhaoil anois.

Tá údar dóchais mór amháin acu. Ba cheart go mbeadh Ryan McHugh, Mark McHugh, Martin McElhinney agus Odhrán Mac Niallais ar fáil arís, ceathrar a bhí tinn an deireadh seachtaine seo caite agus nach raibh ag imirt nuair a chaill siad in aghaidh Mhuineacháin. Beidh Paddy McBrearty fós ar iarraidh ar Dhún na nGall, áfach, mar tá gortú glúine ag cur as dó.

Ní haon dea-scéala atá ag Maigh Eo ó thaobh gortuithe de ach an oiread. Ní bheidh teacht acu inniu ar Lee Keegan nó ar Chillian O’Connor. Gortaíodh an bheirt in aghaidh Thír Eoghain an deireadh seachtaine seo caite agus tá sé beagnach cinnte anois go mbeidh Keegan fós ar iarraidh faoin am a imreofar a gcluiche craoibhe in aghaidh an Gaillimhe i mí na Bealtaine.

Bhuaigh Maigh Eo ar Mhuineachán sa chéad bhabhta ach chailleadar trí chluiche as a chéile ina dhiaidh sin. D’éirigh leo in aghaidh Chill Dara ach chuaigh cúrsaí in olcas ansin agus lag go maith a bhí an taispeántas a thug siad in aghaidh Thír Eoghain Dé Domhnaigh seo caite.

Bhí Chris Barrett agus Keith Higgins in easnamh ó thús na sraithe ach is mór an spreagadh dóibh a bheadh ann dá mbeadh na cosantóirí sin ar fáil do chluiche tábhachtach an lae inniu.

Ar a laghad, tá taithí ag Maigh Eo ar a bheith i gcruachás mar seo. Is í seo an tríú bhliain as a chéile dóibh a bheith ag triall ar an gcluiche deireanach sa tsraith agus an t-ísliú céime fós ag bagairt orthu. D’éirigh leo fanacht i Roinn 1 sna blianta roimhe seo ach, agus iad ag imirt as baile agus faoi mhíbhuntáistí eile, beidh sé deacair acu éalú arís.

Fág freagra ar 'Bua ag teastáil ó na Conallaigh chun ísliú céime a sheachaint'