Bua ag teastáil go géar ó Fhianna Fáil sa toghchán Eorpach

Is léir cheana féin go dtoghfar ionadaí nua amháin ar a laghad i ngach toghcheantar i dtoghchán Eorpach na Bealtaine

Bua ag teastáil go géar ó Fhianna Fáil sa toghchán Eorpach

Abair go raibh tú i gceannas ar an dara páirtí is mó i nDáil Éireann. 

Abair nach raibh oiread agus ionadaí amháin ag do pháirtí i bParlaimint na hEorpa.

Abair go raibh toghchán Eorpach le reáchtáil i gceann cúig mhí agus cúigear feisirí nua ar a laghad le toghadh in Éirinn.

Bheadh a fhios ag ceannaire ar bith i gcás dá leithéid go raibh deis agus dúshlán in éineacht ag baint le clár oibre na bliana. Sin mar atá do gach comhalta d’Fhianna Fáil, den Lucht Oibre agus den Chomhaontas Glas. Fágaimis na páirtithe eile agus na neamhspleáigh i leataobh ar feadh scaithimh – baineann an dúshlán is mó leis na páirtithe thuasluaite agus le Fianna Fáil go háirithe.

Níl glór ar bith ag Fianna Fáil ná ag an Lucht Oibre ná ag Glasaigh na hÉireann in Strasbourg faoi láthair, ach beidh deis acu an scéal a chur ina cheart i dtoghchán Eorpach an 23 Bealtaine, ar dhá chúis. Toghfar beirt fheisirí breise ón stát seo mar gheall ar an mBreatimeacht, agus beidh triúr feisirí ar a laghad ag dul ar scor. 

Taispeántar sa liosta thíos feisirí na hÉireann sa pharlaimint reatha, líon na suíochán sna toghcheantair Eorpacha faoi láthair, agus líon na suíochán a bheidh sa Pharlaimint nua (idir lúibíní):

Feisirí Eorpacha na hÉireann faoi láthair

BAILE ÁTHA CLIATH 3 (4)

Lynn Boylan (SF): Ceaptar go seasfaidh sí arís.

Nessa Childers (NS): Ní sheasfaidh sí arís.

Brian Hayes (FG):  Ní sheasfaidh sé arís.

 

DEISCEART 4 (5)

Deirdre Clune (FG): Seasfaidh sí arís.

Brian Crowley (Ns): Níl cinneadh fógartha aige.

Seán Kelly (FG): Seasfaidh sé arís.

Liadh Ní Riada (SF): Ceaptar go seasfaidh sí arís.

 

LÁR TÍRE-TUAISCEART-IARTHAR 4 (4)

Matt Carthy (SF): Ag éirí as chun seasamh san olltoghchán.

Luke Ming Flanagan (NS): Níl cinneadh fógartha aige.

Marian Harkin (Ns): Níl cinneadh fógartha aici.

Mairéad McGuinness (FG): Seasfaidh sí arís.

 

TUAISCEART 3 (0)

Martina Anderson: As oifig ó mhí na Bealtaine.

Diane Dodds (DUP): aAs oifig ó mhí na Bealtaine.

Jim Nicholson (AU): As oifig ó mhí na Bealtaine.

Níl sa liosta thuas, ar ndóigh, ach cur síos roimh ré ar an gcomórtas. Mar is léir ó na sonraí, níl cinneadh faoi dhul san iomaíocht arís fógartha fós ag cúigear feisirí. Ach is léir cheana féin go dtoghfar ionadaí nua amháin ar a laghad i ngach toghcheantar.

Gan dabht, is é Micheál Martin a bheidh ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán is mó i mí na Bealtaine. Bhí triúr feisirí ag Fianna Fáil sa pharlaimint go dtí toghchán 2014. Is é Brian Crowley an t-aon iarrthóir ón bpáirtí a toghadh an bhliain sin. Theip ar a shláinte ó shin agus má sheasann sé arís i mbliana is mar iarrthóir neamhspleách a rachaidh sé san iomaíocht.

Tá socrú déanta ag Micheál Martin cheana féin nár chóir comhaltaí an pháirtí san Oireachtas a ainmniú i gcomhair na dtoghchán Eorpacha. Beidh deis nach bhfaightear go minic mar sin ag comhairleoirí contae agus baile – Séamus McGrath ó Chorcaigh (deartháir leis an Teachta Dála Michael McGrath) agus Malcolm Byrne as Loch Garman ina measc – agus ag iarrthóirí nach comhaltaí den pháirtí iad faoi láthair ainmniúcháin lorg. 

Tá iarrthóirí eile a bhfuil taithí Dála acu ag beartú seasamh chomh maith. Meastar go mbeidh ainmniúcháin ó Fhianna Fáil á lorg ag na hiar-airí Barry Andrews agus Mary Hanafin i mBaile Átha Cliath agus ag an iarTheachta Dála Niall Blaney i dtoghcheantar Lár na Tíre, an Tuaiscirt agus an Iarthair (gabhaim mo leithscéal, a léitheoir dhil – ní mise a chum an teideal fadálach). 

Cíorfar cúrsaí Eorpacha i gcás na bpáirtithe eile agus i measc na neamhspleách sa cholún seo amach anseo. Faoi láthair, ní gá ach dhá fhocal a thabhairt mar rabhadh agus toghchán na hEorpa á phlé: Peter Casey.

Thug toradh an toghcháin uachtaránachta ábhar dóchais do neamhpholaiteoir ar bith atá ag smaoineamh ar sheasamh sa toghchán Eorpach. Ní theastaíonn taithí ná polasaithe ná tuairimí tomhaiste fiú amháin chun teacht i dtír ar an míshásamh a chuireann an ghnáthpholaitíocht ar sciar suntasach den phobal.  

Fág freagra ar 'Bua ag teastáil go géar ó Fhianna Fáil sa toghchán Eorpach'

  • Des O Murchu

    Ta na la,nil na la! Ta FF Bxxxxxd!