JOHN ALLEN: Is deacair cás a dhéanamh do Luimneach i gcoinne Thiobraid Árann…

Bíonn dóchas ag foirne éagsúla gach bliain roimh an gcéad chluiche craoibhe, sula mbuaileann an réaltacht muid

Tom Condon agus Patrick Maher. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Tom Condon agus Patrick Maher. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá naoi seachtaine ann  ó d’imir iománaithe Luimnigh a gcluiche deireanach sraithe. Thugadar taispeántas díomách uathu an lá sin i gcoinne Phort Láirge agus iad ag géilleadh 3-23 an tráthnóna céanna.

Amárach cuireann siad chun páirce i nDurlas i gcoinne na foirne baile. Ó thaobh Luimnigh de, is deacair an ‘form’ a bheidh orthu a thuar mar níl tuairim againn conas mar a bheidh acu. Is minic cloiste agam nach mbíonn aon fhaitíos riamh orthu roimh Thiobraid Árann, ach ar ndóigh ní bheathaíonn na briathra na bráithre agus tá sé deacair cás a dhéanamh ar son Luimnigh. Bhí drochfheachtas sraithe acu. Chailleadar craobh B na sraithe i gcoinne an Chláir agus ansin chailleadar i gcoinne na nDéise.

Ach bíonn dóchas ann gach bliain roimh an gcéad chluiche craoibhe, sula nochtar an fhírinne dúinn agus sula mbuaileann an réaltacht muid. Agus minic go leor bíonn an fhírinne sin searbh go maith.

Ach tá údar dóchais ag Luimneach agus an dóchas sin bunaithe den chuid is mó ar an mbliain iontach a bhí ag an bhfoireann faoi 21 anuraidh.

Feicfear amárach leithéidí Richie English, Diarmaid Byrnes, Gearóid Hegarty, Dan Morrissey agus Barry Nash agus seans go bhfeicfear chomh maith ag am éigin leithéidí Darragh O’Donovan, Ronan Lynch, Barry Nash agus Tom Morrissey. Ní bheadh sé éasca, áfach, ag aon fhoireann ar bheagán taithí buachan i gcoinne Thiobraid Árann.

Tá na geallghlacadóirí fós ag ceapadh go mbuafaidh Tiobraid Árann craobh na Mumhan agus go mbeidh an lá leo  gan mórán stró amárach. Ní fheadar cé mhéad a d’fhoghlaimíodar ina gcéad chluiche i gcoinne Chorcaí. Fíorbheagán, a déarfainn féin, ach fós ba chluiche craoibhe é agus caithfidh go raibh sé mar chabhair agus mar threoir don bhainisteoir, Michael Ryan, agus é ag piocadh an chéad chúigear déag don lá amárach. Tá meascán maith imreoirí acu agus dar ndóigh tá Séamus Callinan, Bubbles Dwyer agus na deartháireacha McGrath i measc na dtosaithe.

Nuair a bhíos féin i mo bhainisteoir i Luimneach, d’imríomar Tiobraid Árann an dá  bhliain sin. An chéad sprioc a bhí againn ná an liathróid a choimeád ó Phádraig Maher. Chonaiceamar arís, trí seachtaine ó shin, tionchar Maher i gcoinne Chorcaí. Stiúraigh sé an cluiche. Ba mhinic am agus spás aige chun an liathróid a theilgean go dtí na tosaithe ar chaoithúilacht. Tá sé thar a bheith tábhachtach do Luimneach an sliotar a choimeád ó chúinne Maher.

Dar ndóigh, tá sé thar a bheith tábhachtach srian a choimeád ar Shéamus Callinan chomh maith. Tá Callinan i measc na dtosaithe is fearr sa tír i láthair na huaire. Nuair a bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa, tá sé ionann is dochloíte. 

Ag féachaint ar chlúdach Sky ar an gcluiche idir Baile Átha Cliath agus Cill Chainnigh seachtain ó shin, bhí sé suimiúil go raibh Tiobraid Árann ag JJ Delaney agus Ollie Canning  mar a rogha do Chraobh na hÉireann 2016. Is iad an dara rogha ag na geallghlacadóirí. Caithfidh go bhfuil siad go maith!

Agus dar ndóigh tá siad go maith, ach is minic é sin ráite againn faoi na Tiobradaigh le tamall anois agus is beag atá buaite acu.

Cinnte tá na buntáistí acu agus is deacair cás a dhéanamh do Luimneach ach fós tugaim seans éigin dóibh. Ní bheidh spiorad, díograis ná misneach in easnamh orthu. Ach ag deireadh an lae ceapaim gur ag Tiobraid Árann atá na himreoirí is fearr agus gur iadsan a bheidh i gcoinne na nDéise i gceann trí seachtaine. 

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Is deacair cás a dhéanamh do Luimneach i gcoinne Thiobraid Árann…'