Brú mór ar an Airgintín agus fios acu nach mbíonn críoch shona le chuile scéal

Caithfidh an Airgintín an ceann is fearr a fháil ar an Pholainn anocht más leo a bheith cinnte d’áit i mBabhta an 16

Brú mór ar an Airgintín agus fios acu nach mbíonn críoch shona le chuile scéal

Cluichí

An Túinéis v An Fhrainc – 3.00in (Grúpa D)
An Astráil v An Danmhairg – 3.00in (Grúpa D)
An Pholainn v An Airgintín – 7.00in (Grúpa C)
An Araib Shádach v Meicsiceo – 7.00in (Grúpa C)

Rogha an Lae

7.00in (Grúpa C)

B’iontach an radharc é cúl Lionel Messi don Airgintín in aghaidh Mheicsiceo Dé Sathairn seo caite. Ní hamháin gurbh an-phíosa scile a bhí sa chúl, ach ba léir ar an gceiliúradh a rinne Messi agus na hAirgintínigh eile gur chuir sé deireadh leis an teannas ollmhór a bhí nach mór ag plúchadh na n-imreoirí sa chluiche.

Bhí an Airgintín ar cheann de roghanna na coitiantachta ag tús an chomórtais, gan aon chluiche caillte acu le breis is trí bliana agus Messi ag imirt ar fheabhas. Tá chuile dhuine san Airgintín agus go leor leor daoine ar fud na cruinne ag iarraidh go mbeidh Corn an Domhain ina sheilbh ag Messi nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcomórtas seo ach nuair a chliseadar go tubaisteach in aghaidh na hAraibe Sádaí sa chéad bhabhta, meabhraíodh do dhaoine, imreoirí eile na hAirgintíne go háirithe, nach mbíonn críoch shona le chuile scéal.

Idir seo agus deireadh Chorn an Domhain don Airgintín, bíodh sin faoi cheann cúpla uair an chloig nó cúpla seachtain, beidh an fhoireann ag dul chun páirce agus fios acu nach mbeidh aon dara seans ag Messi. Má theipeann orthu an uair seo, críochnóidh an t-imreoir is fearr riamh gan an corn is mó atá uaidh a bhuachan.

Tá an brú sin tacaíocht a thabhairt do Messi tar éis cur as d’fhoirne na hAirgintíne le fada agus, ón méid atá feicthe againn go dtí seo sa Chatar, ag dul in olcas atá an brú céanna. Má bhí an teannas ag cur as dóibh in aghaidh Mheicsiceo, is measa a bheidh sé tráthnóna in aghaidh na Polainne mura mbíonn athrú meoin mór acu.

Rinne bainisteoir na hAirgintíne, Lionel Scaloní, cúig athrú ar an bhfoireann a chaill in aghaidh na hAraibe Sádaí don chluiche in aghaidh Mheicsiceo ach is beag acu a d’oibrigh i ndáiríre. Athrú fiúntach amháin a rinne sé Enzo Fernandez a thabhairt isteach mar ionadaí in aghaidh Mheicsiceo. Scóráil Fernandez cúl iontach agus seans maith go dtosóidh sé anocht.

Tá an Pholainn ina suí ar bharr Ghrúpa C ar cheithre phointe i láthair na huaire tar éis dóibh an Araib Shádach a bhualadh sa chluiche deireanach. Scóráil Robert Lewandowski a chéad chúl riamh ag Corn an Domhain sa chluiche céanna agus bainfidh na Polannaigh áit amach sa chéad bhabhta eile chomh fada is nach gcailleann siad anocht. Ní féidir leo a bheith róchoimeádach, áfach, mar má chailleann siad, d’fhéadfadh buaiteoir an chluiche idir Meicsiceo agus an Araib Shádach a n-áit sa chéad bhabhta eile a sciobadh.

Fág freagra ar 'Brú mór ar an Airgintín agus fios acu nach mbíonn críoch shona le chuile scéal'