Tá ardmholadh tuillte ag na ceithre chúige de bharr na sárthaispeántas a chonaic muid uathu an deireadh seachtaine seo caite. Ní raibh aon lucht féachana i Staid Aviva ach is ar éigean a bheadh a fhios agat nár imir na himreoirí seo cluiche le beagnach sé mhí.
Is cinnte go raibh buaiteoirí an dá chluiche, Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht, sásta le toradh a gcuid iarrachtaí. Chinntigh Cúige Laighean a 14ú bua as a chéile i bPro 14 na bliana seo agus chomh maith leis sin b’iontach an réiteach cluiche i gcoinne foireann chrua do chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh faoi cheann cúpla seachtain eile.
Chinntigh bua na gConnachtach gur acusan a bheas an ceathrú háit, nó níos airde b’fhéidir, i nGrúpa B, toradh nach raibh mórán ag súil leis.
Ainneoin gur chaill na Muimhnigh le dhá phointe (27-25) i gcoinne Chúige Laighean beidh siadsan freisin sách sásta lena gcur chuige an Satharn seo caite. Cuimhnigh gur chaill siad beirt tosaithe tar éis seacht nóiméad imeartha agus gur theip ar JJ Hanrahan úd a shlánú, scór a d’fhágfadh na foirne ar comhscór.
Seans gurbh iad na hUltaigh amháin a bhí díomách lena n-iarracht an Domhnach seo caite, ainneoin gur éirigh leo bearna an scóir a dhúnadh cúpla uair san ochtó nóiméad. Bhí fir an Gaillimhe, a fuair ceithre úd, róláidir dóibh.
Mar sin féin, tá na Laighnigh agus na hUltaigh cinnte dá gcuid áiteanna sna cluichí leathcheannais faoi cheann seachtaine. Fiú roimh chluiche na seachtaine seo caite ní raibh seans ag na Connachtaigh na babhtaí leathcheannais a bhaint amach agus níor chuir an bua i gcoinne na nUltach aon athrú air sin.
Maidir leis na Muimhnigh, seans gur orthu sin amháin atá brú an deireadh seachtaine seo agus iadsan ag cur chun páirce i gcoinne Chúige Chonnacht. Tá Cúige Mumhan sa dara háit i nGrúpa B faoi láthair, ceithre phointe chun cinn ar na Scarlets atá sa tríú háit. Sa gcás go gcaillfeadh Cúige Mumhan i gcoinne Chúige Chonnacht agus dá mbeadh bua ag na Scarlets ar na Dragons is iadsan a bheadh sna babhtaí leathcheannais agus bheadh an tArm Dearg as an gcomórtas.
Ciallaíonn sin go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcluiche amárach idir Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht. Ní raibh ach cúig phointe idir na foirne seo (19- 14) nuair a chas siad ar a chéile faoi Nollaig seo caite. Cúige Mumhan a thug an lá leo an uair sin, cé gur ar an mBóthar Beag an bhí an cluiche á imirt. Ar fhianaise an taispeántais a chonaic muid ó na Connachtaigh an Domhnach seo caite is cinnte go dtabharfaidh siad a ndóthain le déanamh do na Muimhnigh agus iad ar thóir bua a bheidh an-tábhachtach maidir lena bhfuil i ndán dóibh.
Ciallaíonn sin go mbeidh cluiche spleodrach agus fisiciúil againn arís an Domhnach seo. Ach tá an oiread brú ar na Muimhnigh gur dócha gur acusan a bheidh an lá. Ar ndóigh, gach seans gur cheap na hUltaigh an rud céanna agus más ea nach daor a d’íoc siad as an dearcadh sin?
Maidir leis an gcluiche inniu idir Cúige Laighean agus Cúige Uladh, seans gur mó aird a bheas ag an dá fhoireann seo ar bhabhtaí leathcheannais Chorn na gCuradh a bheas á n-imirt faoi cheann trí seachtaine.
Bua eile do Chúige Laighean.
Fág freagra ar 'Brú damanta ar Chúige Mumhan agus aghaidh á tabhairt acu ar na Connachtaigh'