Brú ar Schmidt agus cluichí i gcoinne na mboc mór fós le teacht

Agus é ag réiteach do chuairt na nIodálach ar Áth Cliath, beidh leathshúil ag bainisteoir na hÉireann ar chluichí móra mhí na Samhna

Joe Schmidt. INPHO/Billy Stickland
Joe Schmidt. INPHO/Billy Stickland

Cuir i gcás nach n-éiríonn le foireann na hÉireann an lá a thabhairt leo i gcoinne na hIodáile an Satharn seo ná in aghaidh na hAlban an tseachtain seo chugainn, beidh an baol ann nach mbeidh aon bhua ag ár bhfoireann idirnáisiúnta in 2016.  Ní ullmhúchán rómhaith a bheadh ansin mar tar éis chomórtas na Sé Náisiún beidh na Gaeil ag tabhairt cuairt ar an Afraic Theas agus trí chluiche le himirt i gcoinne foireann a d’imir i gcluichí leathcheannais an choirn dhomhanda.

I mí na Samhna imreoidh muid na hAll Blacks faoi dhó, cluiche amháin i Chicago, agus ceann eile i Staid Aviva agus roimh dheireadh na bliana freisin tabharfaidh  muid faoin Astráil. Cuimhnigh gurb iad na hAll Blacks agus na hAstrálaigh curaidh agus tánaistí rugbaí an domhain faoi láthair.

Sin léargas duit ar an mbrú atá ar Joe Schmidt agus é ag réiteach do chuairt na nIodálach ar Áth Cliath. Cinnte beidh brú freisin ar Schmidt deis imeartha ar an ardán idirnáisiúnta a thabhairt do chúpla imreoir óg. Mar sin féin beidh air a chinntiú nach gcailleann muid arís sa gcomórtas seo.  Is cinnte gur buntáiste faoi leith do na Gaeil a bheith ag imirt sa mbaile agus i gcoinne na foirne atá ar íochtar an tábla. Ag an am céanna beidh na hIodálaigh ag iarraidh an spúnóg adhmaid a sheachaint.  Seans go mbeidh na Gaeil róláidir sa gcluiche seo fiú má chuireann siad cúpla imreoir ar bheagán taithí chun páirce.

Ar an Satharn a bheas na Breatnaigh ag tabhairt faoi na Sasanaigh i Twickenham. Is é seo an cluiche is mó spéise a bheas á imirt sa gcomórtas seo an deireadh seachtaine seo. Tá muid beagnach cinnte gurb é an cluiche seo a shocróidh curaidh an chomórtais i mbliana. Níor chaill na Sasanaigh cluiche ar bith fós agus tá buntáiste an bhaile acu. Níor chaill na Breatnaigh ach oiread cé go raibh siad ar chomhscór leis na Gaeil. Fágann sin go bhfuil spreagadh iontach ag an dá fhoireann, na Breatnaigh go háirid mar nach mbeidh fágtha le himirt acu siúd ach na hIodálaigh i gCaerdydd faoi cheann seachtaine.

Ar an Domhnach, beidh na Francaigh i Murrayfield agus iad i gcoinne na hAlban, i gcluiche nach mbeidh tada eile i gceist ach údar bróid don dá fhoireann. Beidh na Francaigh ag iarraidh leanacht leis an stíl nua oscailte imeartha atá acu agus iad faoi bhainistíocht úr ó thús an chomórtais seo, stíl a nascann tosaithe agus cúlaithe le chéile. Seanstíl imeartha na Fraince a dúirt tú!

Ná bí ag súil lena dhath ó Albain ach sár-iarracht cluiche a bhuachan dá lucht leanta, go háirithe agus iad ag imirt in nDún Éideann. Ní bheidh sé éasca acu.

Fág freagra ar 'Brú ar Schmidt agus cluichí i gcoinne na mboc mór fós le teacht'