Bronntanas uiscealach….tabharfaimid €100 duit agus bainfimid €160 díot

Céim eile sa chogadh uisce: tá sprioc-am fógartha ag Alan Kelly le haghaidh an deontais nach n-íocfar le daoine nach gcláraíonn le hUisce Éireann

11/10/2014. Anti Water Charges Campaigns Protests

Má theastaíonn ‘deontas’ €100 gan choinníoll uait, tá a fhios agat anois go mbeidh ort clárú le hUisce Éireann roimh an 30 Meitheamh. Táim ag tagairt, ar ndóigh, don ‘Deontas um Chaomhnú Uisce’. Ná lig don teideal oifigiúl imní a chur ort. Bronntanas €100 ón rialtas atá i gceist, ar féidir leat é a chaitheamh de réir do thola, agus a chuirfear chugat sa bhfómhar – ar choinnioll amháin: ní foláir duit táille €160 (má tá cónaí ort i d’aonar) nó €260 (má tá cónaí ort le duine/daoine eile) a chur roimhré chuig Uisce Éireann.

Ní chun sochair duit ach a mhalairt mar sin a rachaidh an scéal seo faoi dheireadh. Mar is eol do gach gasúr scoile: cuir -260 agus +100 le chéile agus -160 agus atá agat.

Chuirfeadh na figiúirí seo amhras ar dhuine stuama ar bith agus coimhlint uisce airgeadais ar tí tosú. Beidh billí uisce á seoladh amach ag Uisce Éireann faoi cheann seachtaine, agus an feachtas in aghaidh na dtáillí ar a ndícheall ag iarraidh ar dhaoine gan iad a íoc.

Cé go bhfuil tairiscint airgid an rialtais soiléir anois, níl an dlí faoina ndéileálfar le neamhíocóirí fiú foilsithe. Dúirt an tAire Comhshaoil Alan Kelly liom Dé Luain go mbeadh bille ar fáil “go luath” ach nach raibh sé ábalta a rá cé chomh luath!

Tá súil ag an rialtas go lagóidh neartú an gheilleagair, agus buiséad bog sa bhfómhar an feachtas in aghaidh na dtáillí. Tá súil ag an bhfeachtas, ar ndóigh, go mbainfidh neamhíoc forleathan an bonn den chóras nua.

Beidh deis amháin eile ag an rialtas fearg an lucht agóide a mhaolú más féidir rialacha a cheapadh a dhéanfaidh idirdhealú, mar a gheall Alan Kelly, idir daoine nach mbeidh toilteanach taillí a íoc agus daoine nach mbeidh sé ar a gcumas iad a íoc.

Ach conas a bhreithneofar éagumas?

Agus cé a bhreithneoidh?

Más i gcúirt a réiteofar an cheist, cén tslat tomhais a úsáidfear?

Freagraí níor thug Alan Kelly fós ar cheisteanna dá leithéid, cé go mbeidh billí uisce á gcur amach faoi cheann seachtaine. Níl críoch an achrainn seo ag teannadh linn ná baol air.

IARRTHÓIR Á LORG

Níl iarrthóir aimsithe fós ag páirtí nua Lucinda Creighton RENUA le haghaidh an fhothoghcháin i gCeathrlach-Cill Chainnigh. Ach ná cuir ina leith nach bhfuil doras an pháirtí oscailte d’aon duine oiriúnach ar mian leis siúl tríd.

Is i ngiolc a seoladh ar twitter Dé Luain a d’eisigh an páirtí an cuireadh oifigiúil:

Do you know a leader in your community who would make a great RENUA Ireland candidate in the upcoming Carlow/Kilkenny By-Election?”

Neosfaidh an aimsir cén sórt aisfhreagra a spreag an t-iarratas seo. Murach seasamh lán-neodrach Tuairisc.ie, bheadh an colún seo ábalta ainm amháin a chur faoi bhráid RENUA. Ná fiafraigh díom, in ainm Dé, an leath-Ghaeilge nó leathráiméis atá in ainm an pháirtí.)

Theip ar John Bryan, Iar-Uachtarán Chumann na bhFeirmeoirí, ainmniúchán a fháil ó Fhine Gael. B’fhéidir gur chóir do Lucinda glaoch air.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Bronntanas uiscealach….tabharfaimid €100 duit agus bainfimid €160 díot'

  • padraig o donnchu

    Bhi an tOllamh Micheal O Cinneide (OE Gaillimh) ag caint mar gheall ar Uisce Eireann le deanai ar an raidio agus thracht se ar an bhfuadar ar fad a bhi faoin Aire (P Hogan) chun e a chur i mbun gnotha a thapula agus ab fheidir.
    Duirt Micheal nach on Euroip a bhi an bru ar fad ag teacht ach ‘on Aire agus on Roinn’.

    An cheist a eirionn as sin na ‘Cad ba bhun leis an Aire oiread sin dithnis a dheanamh is a ra gur deineadh pracas agus aiseag den gcuram ar fad? Gnolacht a mbeadh tionchar chomh mor sin aige ar mhuintir na hEireann tri cheile? Gnolacht a bheadh chomh tabhachtach ceanna le bunu an ESB (dar le Joan Burton)?
    Is leir gur theastaigh o Phil Hogan go mbeadh an gnolacht (Uisce E) seolta agus ag feidhmiu go tapaidh toisc go raibh a shuil aige ar an bpost san Euroip mar Choimisnineir – rud a bhi geallta ag Kenny do – agus theastaigh uaidh breith ar an uain ar an urla, rud agus a dhein.
    Duirt an tOllamh O Cinneide go raibh ‘an sprioc ama i bhfad ro-uaillmhianach’, maidir le UE a bhunu. Ach bhi an sprioc sin ag teacht isteach go feillebhinn le sprioc uaillmhianach Hogan fein.
    Rud eile dhe, nior coimeadadh aon mhionsonrai i scribhinn na eile de na cruinnithe nuair a bhi UE a bhunu, beartu ata thar a bheith urghnach i gcuinsi den sort sin go hairithe.
    Tuige nar deineadh aon taifead? Cen fath nar theastaigh uathu go dtaitneodh solas an lae ar a gcuid idirghabhla?
    Duirt Hogan chomh maith nach e fein a bhi freagrach as ‘micreabhainistiu’ a dheanamh ar an airgead ollmhor a chaith UE ar chomhairleoiri Price Waterhouse Coopers, ach eisean a chuir a ainm leis an bpaipearachas leanar ceadaiodh an caiteachas sin!
    An cheist na, murab eisean a bhi freagrach ce a bhi? Narbh in e an tAire? An raibh freagracht ar einne ar bith?