CÁIPÉISÍ STÁIT 1985: Bronntanas ó Derek Hill don Stát

Bhronn t-ealaíontóir Sasanach, eastát 54 acra ar bhruacha Loch Gartáin ar an Stát ach bhí imní faoi tabhartas 13 acra gar do Theach an Phiarsaigh i Ros Muc

An t-ealaíontór Derek Hill. RollingNews.ie
An t-ealaíontór Derek Hill. RollingNews.ie

Bhí tabhartais a bronnadh ar an Stáit ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, agus gar do pháirceanna náisiúnta Ghleann Bheatha agus Chonamara faoi chaibidil ag an Rialtas 30 bliain ó shin, mar is léir ó chomhaid de chuid Roinn an Taoisigh agus na Roinne Airgeadais.

Sa bhliain 1983, d’oscail an Taoiseach Garret Fitzgerald, Teach agus Gailearaí Gléibe i Mín an Lábáin, Co Dhún na nGall. Ba é an t-ealaíontóir Sasanach, Derek Hill, (an té ba chúis le haird an domhain a tharraingt ar ealaíontóirí Thoraí) a bhronn an t-eastát 54 acra ar bhruacha Loch Gartáin ar an Stát.

Bhí teach saoire ag Hill ar Thoraigh agus i measc na saothar a bhronn sé, bhí cnuasach cuimsitheach dá chuid pictiúir féin den oileán, mar aon le saothair de chuid James Dixon, Ruaidhrí Rogers agus Patsy Dan Mac Ruairí. Bhronn sé saothair luachmhara le Picasso, Degas, Constable, Renoir, Orpen, Henry Moore, Roderic O’Connor, Evie Hone, Louis le Brocquy agus Jack B Yeats fosta.

Mheas Bord na nOibreacha Poiblí gurbh fhiú £205,000 an tabhartas a bhí ag Hill agus is ionann sin agus agus breis is milliún euro (€1.1m) in airgead an lae inniu. Bhí sé mar choinníoll leis an tabhartas go gcuirfí dánlann ar fáil sa teach leis na pictiúir a chur ar taispeáint.

Chosnódh sé seo £150,000 (€811,000) ar an Stát ach measadh go mbeadh a leathchuid de sin ag teacht ó dheontais ón Chomhphobal Eorpach. Bhí sé mar choinníoll fosta nach mbeadh aon Cháin Ghnóthachan Caipitiúil á íoc ag Hill ar an bhronntanas. Ghlac an Rialtas leis an tairiscint sin sa bhliain 1979.

Ach is léir ó dhoiciméid i Roinn an Taoisigh gur theip ar dhá iarracht eile a rinne sé roimhe sin a chuid tailte agus saothar a bhronnadh ar an Stát. Rinne Derek Hill iarracht ar dtús báire an teach a thiomnú ar an Stát sa bhliain 1962 ar an choinníoll go mbeadh sé saor ó dhleacht ar eastáit. Dúirt na Coimisinéirí Ioncaim go mbeadh sé sin inghlactha dá mbeadh an teach agus na saothair ealaíne ar fáil go hoscailte don phobal. Mar sin féin, dhiúltaigh an rialtas glacadh leis an bhronntanas ar an bhonn go mbeadh sé ródhaor dánlann a thógáil ann. Bheadh costas na tógála níos daoire ná luach na bpictiúr, dar leo.

Rinne an t-ealaíontóir iarracht eile é a bhronnadh ar an Stát sa bhliain 1971, tráth a bhí cainteanna ar bun le Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha a oscailt. Bhí tailte Hill buailte ar Ghleann Bheatha. Ghlac an Rialtas leis an tabhartas an iarraidh seo ach in Eanáir 1972, thug Hill le fios d’Aire Airgeadais an ama, George Colley, go raibh sé ag iarraidh a thairiscint a tharraingt siar de bharr nach raibh sé ag iarraidh aird a tharraingt ar an eastát. Bhí sé buartha faoi chúrsaí slándála mar go raibh na trioblóidí sa Tuaisceart faoi lán tseoil. Seans gur cinneadh críonna ab ea é sin, óir dhá bhliain ina dhiaidh sin, ghoid baill den IRA saothair luachmhara ó bhailiúchán Bheit i dTeach Russborough.

Sa bhliain 1974, cuireadh bailchríoch ar na cainteanna chun páirc náisiúnta a oscailt i nGleann Bheatha, rud a spreag Hill chun tairiscint eile a dhéanamh don rialtas. Ghlac sé cúpla bliain d’idirbheartaíocht fhadálach sular glacadh leis an tairiscint i ndeireadh thiar thall ar an 11 Meán Fómhair, 1979.

Ba léir go raibh caidreamh an-mhaith ag an ealaíontóir leis an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, agus tá comhfhreagras leanúnach eatarthu i gcomhad de chuid Roinn an Taoisigh:

“Thank you indeed from us all for your help,” a scríobh Hill chuig an Taoiseach ar ócáid amháin, “Alas I have no vote, even after being here for 27 years!”

Sa bhliain 1984, ghlac an Stát le tabhartas 13 acra ar bhruach Loch Oiriúlach gar do Theach an Phiarsaigh i Ros Muc. Bhí lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí glacadh leis an talamh seo mar go raibh pleananna móra acu do Theach an Phiarsaigh: “We would hope that at some future time to be in a position to consider the feasibility of preserving the entire lake shore, along with the monument, to form a National Historic Park,” a scríobh an Oifig chuig Roinn an Taoisigh ar an 1 Nollaig, 1983. Ach ní raibh mórán muiníne acu as muintir na háite:

“OPW recommend most strongly that the property be fenced-in as they believe that unfenced property once it becomes known that it is owned by the State becomes fair game for anyone who wishes to use for his/her own purposes, eg. dumping, removal of top soil etc.”

Sa bhliain 1985, ghlac an Stát le tabhartas eile ón fhile Richard Murphy (dlúthchara le Ted Hughes) ar Ardoileáin, i gConamara. Dúirt sé go raibh sé ag bronnadh an oileáin, a bhfuil tábhacht seandálaíochta agus eolaíochta ag baint leis, mar chomhartha buíochais don Stát as ucht na díolúine cánach a cuireadh i bhfeidhm d’ealaíontóirí a bhí lonnaithe sa tír.

Fág freagra ar 'CÁIPÉISÍ STÁIT 1985: Bronntanas ó Derek Hill don Stát'