‘Bronntanas Nollag luath’ – vacsaíniú mhuintir an Tuaiscirt le tosú an tseachtain seo chugainn

1.5 milliún dáileog ar fad atá le fáil ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt agus beidh  25,000 ceann sa chéad bhaisc

‘Bronntanas Nollag luath’ – vacsaíniú mhuintir an Tuaiscirt le tosú an tseachtain seo chugainn

D’fhéadfadh gur an tseachtain seo chugainn a thosófar ar vacsaín in aghaidh an Covid-19 a thabhairt do mhuintir an Tuaiscirt.

Tá an Ríocht Aontaithe ar an gcéad áit ar domhan le mórdháileadh na vacsaíne Pfizer/BioNTech a cheadú agus dúirt Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swann gur “lá mór” a bhí ann.

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster gur “bronntanas Nollag luath” a bhí sa vacsaín. Dúirt an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go ndéanfadh an vacsaín “athrú ó bhonn” ar chúrsaí.

Dúirt Robin Swann go rabhthas ag súil leis an chéad bhaisc den vacsaín roinnt laethanta níos luaithe ná mar a bhí beartaithe.

Dúirt sé gur 25,000 dáileog den vacsaín a bheadh le fáil sa chéad bhaisc. 1.5 milliún dáileog ar fad atá le fáil ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

Thug rialálaí leighis na Ríochta Aontaithe a bheannacht don vacsaín, a mhaítear a thugann cosaint 95% do dhaoine, agus dúradh go raibh sé sábháilte tosú á dáileadh.

Tabharfar an vacsaín i dtosach do dhaoine in ionaid chúraim agus do dhaoine níos sine agus a gcúramóirí.

Ina dhiaidh sin tabharfar an vacsaín do dhaoine os cionn 80 bliain d’aois agus d’oibrithe sláinte agus sóisialta tús líne.

Ó tharla gur gá vacsaín Pfizer a stóráil ag teocht an-íseal agus go dtagann sé i mbeart mór, socraíodh go dtabharfar daoine go dtí ionaid mhóra chun í a fháil. Seacht n-ionad ar fad a bheidh i gceist.

Fág freagra ar '‘Bronntanas Nollag luath’ – vacsaíniú mhuintir an Tuaiscirt le tosú an tseachtain seo chugainn'