Bronntanas do 340,000 duine!

Lucht féachana mór don scéinséir An Bronntanas, atá ag teacht chun críche anocht ar TG4.

An Bronntanas Clár 5 Dara Ó Dubháin

Léiríonn figiúirí ó TAM Ireland, an comhlacht a dhéanann lucht féachana teilifíse a mheas, gur bhreathnaigh 340,000 duine ar an gcéad cheithre chlár den scéinséir nua-aimseartha, An Bronntanas.

Craolfar an clár deiridh den tsraith ar TG4 ag 21.30 anocht.

Bhreathnaigh os cionn 60% de rannpháirithe Fios Físe, an painéal tuairimíochta lucht féachana a bhfuil Gaeilge líofa acu a bhunaigh TG4 agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar an Bronntanas.

“Léiríonn an t-aiseolas atá faighte againn ar na meáin shóisialta agus sna meáin thraidisiúnta go bhfuil an-tóir ar An Bronntanas,

Tá an lucht féachana dílis atá againn á dheimhniú dúinn go bhfuil an tsraith seo ag soláthar súil eile na drámaíochta dóibh.

“Tá moladh faighte againn freisin ar an atmaisféar drámata agus an stíl fhísiúil nuálach – an Celtic Noir mar atá baiste uirthi – atá ag mealladh lucht féachana mór, faoi mar a rinne drámaí teilifíse Lochlannacha,” dúirt Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4.

Is cúis mhór sásaimh do léiritheoir na sraithe, Ciarán Ó Cofaigh, na figiúirí féachana.

“Tá ríméad orainn faoi cé chomh maith agus atá ag éirí le An Bronntanas, go háirithe agus é ag tarraingt lucht féachana ó chuile aoisghrúpa.

“Idir criú, aisteoirí agus na maoinitheoirí, creideann muid uilig go bhfuil sraith drámaíochta ar chaighdeán ard idirnáisiúnta cruthaithe againn. Go pearsanta, is cúis áthais dom go bhfuil sé seo bainte amach trí Ghaeilge.”
Roghnaíodh an leagan scannáin de An Bronntanas mar iarratas na hÉireann do Ghradam an Acadaimh (Oscar) 2015 faoin rannóg Oscar don scannán is fearr i dteanga iasachta.

Craolfar an clár deireanach de An Bronntanas anocht, Déardaoin 20 Samhain, ag 21.30 ar TG4.