Bronnfar a mboinn ar imreoirí Manchester City go luath, caolseans go mbeidh orthu iad a dhíol amach anseo

Tá na trí cinn de bhoinn Chorn na hEorpa, a bhuaigh Terry McDermott – i 1977, 1978 agus i 1981 – á ndíol aige

Bronnfar a mboinn ar imreoirí Manchester City go luath, caolseans go mbeidh orthu iad a dhíol amach anseo

John Barnes agus Terry McDermott nuair a bhí siad fostaithe ag Celtic. Pictiúr: INPHO/ALLSPORT

Scéal brónach na seachtaine gan amhras ab ea an ceann a thug le fios go bhfuil faoin imreoir sacair Terry McDermott na boinn ar fad a bhuaigh sé agus é ag imirt d’fhoireann iontach Liverpool idir 1974 agus 1982 a dhíol ag ceant i Sotheby’s i Londain faoi cheann coicíse – cúpla lá sula dtabharfaidh an club faoi Chorn na hEorpa a bhuachan don séú huair.

Tá na trí cinn de bhoinn an chomórtais sin, a bhuaigh an Diarmadach i 1977, 1978 agus i 1981 san áireamh – meastar go bhfaighidh sé suas le £15,000 an ceann orthu siúd agus tuairim is £150,000 ar fad faoin am a mbeidh ceannaitheoir faighte do na ceithre bhonn Sraithchomórtais Roinn 1, do thrófaí Imreoir na Bliana 1980 agus don traidhfil gradam agus bonn eile a bheidh ar tairiscint.

Deir McDermott nach amhlaidh go dteastaíonn an t-airgead chomh géar sin uaidh agus nach iad na boinn agus na trófaithe a bheith ina sheilbh a cheadaíonn dó a bheith mórtasach as a ndearna sé. Fanfaidh sin leis fad a mhairfidh sé, a deir Terry.

Ach tá triúr clainne air agus is é is rogha leis an t-airgead a roinnt orthu siúd agus cead acusan a bhfaighidh siad a chaitheamh pé ar bith bealach a dtograíonn siad.

Is furasta meabhair a bhaint as an intinn atá aige, ach fós ar bhealach éicint téann sé in aghaidh stuif.

Is minic mé ag cuimhneamh gur deacair ag leithéidí  McDermott gan a cheapadh uair in aghaidh an lae ar a laghad gur saolaíodh roimh am iad.

Tuairim £100 in aghaidh na seachtaine ar a mhéid an pá a tharraing  Terry nuair a cheannaigh Bob Paisley ó Newcastle United é i mí na Samhna 1974 (a dhá oiread agus a bhí múinteoir scoile a shaothrú ag an am). Thóg sé cúpla bliain air áit bhuan a bhaint amach ar an bhfoireann – ní hiontas mar gurbh iad curaidh na sraithe agus Chorn UEFA iad i 1976. Faoin am ar tháinig an séasúr dár gcionn, bhí sé ar dhuine de na himreoirí lár páirce ab fhearr sa taobh seo den domhan agus boinn Roinn 1 agus Chorn na hEorpa tugtha leis aige.

D’imir sé ar fhoireann Shasana 22 uair idir 1977 agus 1982.

Fós ní dócha gur shaothraigh McDermott mórán níos mó ná £1,000 in aghaidh na seachtaine aon séasúr acu sin  agus is ionann agus cinnte gur i laghad a chuaigh a phá nuair a d’fhill sé ar Newcastle. 

De réir nós an lae, ní raibh aon ábhar gearáin aige lena thuarastal agus bhí an pá seachtaine ba mhó a thuill sé cúig uaire níos mó ná pá múinteora nó oifigeach bainc nuair a bhí sé i mbarr a réime.

Ach i gcomparáid leis an lá inniu ba bheag í a chuid, go háirithe nuair a chuireann tús san áireamh nach bhfuil ag imreoir gairmiúil sacair ach deich mbliana ar a mhéid lena chuid a shaothrú.

Tá sé os cionn 50 bliain ó bhuaigh Sasana Corn an Domhain agus is léiriú ar a laghad airgid agus a shaothraigh na himreoirí a rinne an gaisce sin nach bhfuil na boinn a bronnadh orthu in Wembley ach i seilbh triúr acu inniu  – Jack agus Bobby Charlton agus Roger Hunt.

Ar chúis amháin nó ar chúis eile dhíol Bobby Moore,  Gordon Banks, George Cohen, Martin Peters, Alan Ball, Geoff Hurst agus Nobby Stiles a gcuid bonn féin – chaoin Stiles a raibh ina shúile nuair a d’fhág drochshláinte nach raibh aon rogha eile aige.

Bhí scoth na n-imreoirí ann freisin le linn an ama sin nach raibh sé d’ádh orthu bonn de chineál ar bith  a bhuachan agus gurbh éigean dóibh aghaidh a thabhairt ar an saol arís agus ceird nó gairm a fhoghlaim, mar a rinne an chuid eile againn.

Ba mhinic a d’imir Jimmy Holmes in aghaidh Terry McDermott nuair a chas Liverpool agus Tottenham ar a chéile sna 1970idí agus 1980idí. D’imir Holmes oiread cluichí d’Éirinn agus a d’imir McDermott do Shasana,  ach tháinig deireadh lena chuid imeartha nuair a briseadh a chos ag imirt d’Éirinn in aghaidh na Bulgáire agus gan é ach 26 bliain d’aois.

Chaith Jimmy blianta mar phóilín ina dhiaidh sin agus i láthair na huaire is é atá ina chauffeur ag Méara Nuneaton i gceartlár Shasana.

Agus Holmes mar lánchosantóir ar chlé ar fhoireann a thíre, ba mhinic gurbh é Davy Langan a bhíodh ar dheis. Ag obair do chomhairle baile Peterborough a chuaigh seisean agus a chuid imeartha déanta. Bhuail airtríteas chomh dona é agus gurbh éigean dó éirí as an obair sin. Dhíol Langan a raibh de bhoinn aige mar aon lena theach lena chuid billí a íoc agus chuaigh sa tóir ar theach soghluaiste cúpla bliain ó shin.

Go fiú gur díoladh boinn a bhuaigh an peileadóir is cáiliúla dá raibh sa mBreatain, Stanley Matthews.

£5 sa tseachtain (£3 sa samhradh) a d’fhaigheadh Matthews nuair a d’imir sé do Stoke City den chéad uair i 1932. Faoin am ar éirigh sé as i 1965 agus é leathchéad bliain d’aois, ba £75 an pá seachtaine ba mhó a shaothraigh sé .

Ba é Stanley a thuill an gradam Imreoir Eorpach na Bliana nuair a bronnadh an gradam sin den chéad uair. ‘Cluiche Ceannais Stanley Matthews’ a thugtar ar Chluiche Ceannais an FA 1953 mar gurbh é ba mhó ba chúis le bua a fhoirne agus iad 1-3 ar gcúl. Bhí sé ar an gcéad pheileadóir ar tugadh ridireacht dó.

Fós b’éigean an bonn a bhuaigh sé i 1953 a dhíol agus cé go bhfuil sé ar taispeáint i Músaem Náisiúnta an tSacair i Manchain, is amhlaidh atá sé ar iasacht acusan ó dhuine príobháideach a thug £200,000 air ag ceant.

As seo go ceann seachtaine bronnfar boinn Phríomhroinne an tséasúir seo ar imreoirí Manchester City.

Is beag an call a bheas acusan a gcuid bonn ná a gcuid tithe a dhíol.

Kevin De Bruyne a dhéanann an jab céanna i lár na páirce do City a bhíodh  Terry McDermott a dhéanamh do Liverpool. £350,000 sa tseachtain an pá atá ag dul dósan (a dheich n-oiread agus a saothraíonn múinteoir scoile nó oibrí bainc sa mbliain). Tá ceathrar eile den fhoireann a shaothraíonn idir £200,000 agus £300,000 sa tseachtain agus ochtar a bhfuil os cionn £100,000 sa gclúdach litreach a fhaigheann siad chuile Aoine.

Ní hé go bhfuil mise ina dhiaidh orthu, ach dá mba mé Terry McDermott bheinn.

Fág freagra ar 'Bronnfar a mboinn ar imreoirí Manchester City go luath, caolseans go mbeidh orthu iad a dhíol amach anseo'