‘Brón’ ar O’Neill má ghoill sochraid mhór Storey ar aon duine

Tá easaontas agus conspóid mhór ann faoi shochraid an phoblachtánaigh mór le rá a raibh slua mór i láthair aici d’ainneoin srianta na paindéime

‘Brón’ ar O’Neill má ghoill sochraid mhór Storey ar aon duine

Dúirt an LeasChéad-Aire in Stormont Michelle O’Neill gur chloígh sí leis na rialacháin ag sochraid Bobby Storey i mBéal Feirste an tseachtain seo ach dúirt sí chomh maith go raibh “brón” uirthi má ghoill an eachtra ar aon duine a bhí ag déanamh bróin le tamall.

Tá cruinniú inniu ag ceannairí na gcúig pháirtí i dTuaisceart Éireann in iarracht réiteach a fháil ar an easaontas a d’eascair as an slua mór a bhí ar shochraid an phoblachtánaigh mór le rá, d’ainneoin srianta na paindéime a bheith fós i bhfeidhm. 

“Tá an tábhacht chéanna le briseadh croí gach aon teaghlach,” a dúirt Michelle O’Neill ina ráiteas.

“Cuireann sé as go mór dom gur cuireadh le briseadh croí na dteaghlach ar bhásaigh a nduine muinteartha le linn na paindéime de bharr na srianta riachtanacha a bhí i bhfeidhm ag an am.

“Bhí sé an-dian ar theaghlaigh nach raibh siad ábalta tacaíocht a muintire agus a dteaghlaigh a bheith acu le cuidiú leo ag am fíorchrua.

“Cuireann sé as dom chomh maith má goineadh na teaghlaigh atá ag déanamh bróin arís le roinnt laethanta. Is oth liom é sin.” 

Dúirt O’Neill gur “mí-ámharach” go raibh scoilt sa bhFeidhmeannas de bharr na conspóide.

“Tá obair thábhachtach le déanamh againn agus creidim go láidir go bhfuil gach páirtí sa bhFeidhmeannas tiomanta don obair sin agus do roinnt na cumhachta.

“Tá an Covid-19 fós linn agus leanfaidh mise orm ár dtreorú tríd seo agus ar aghaidh chuig an téarnamh.”

Ghabh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald leithscéal chomh maith le haon duine ar chuir na sluaite móra a sheas ar thaobh na sráide ag sochraid Bobby Storey.

Cuireadh an phreasócáid faoi bhearta an choróinvíris a bhí socraithe inné ar ceal, ócáid ag a raibh Arlene Foster agus Michelle O’Neill le bheith i láthair. Dúirt Arlene Foster nach raibh sí sásta a bheith ar an ardán céanna le Michelle O’Neill go dtí go dtiocfaí ar réiteach ar an aighneas a d’eascair as O’Neill a bheith ar an tsochraid i rith na paindéime.

Fág freagra ar '‘Brón’ ar O’Neill má ghoill sochraid mhór Storey ar aon duine'

  • Concubhar O Liathain

    Leithscéal é seo a chuireann an locht ar na daoine a ghoileann sarú na rialacha a chloígh an phobal leo ar son sláinte agus sabháilteacht an phobail. Cleasanna pháirtithe na buanaíochta á chleachtadh ag pháirtí na ‘réabhlóide’ mar dhea.