‘Brón’ ar Boris Johnson faoi chóisireacha agus ‘fear gan náire’ tugtha air in Westminster

Rinneadh cáineadh géar tráthnóna ar Phríomh-Aire na Breataine i ndiaidh fhoilsiú thuarascáil Sue Gray faoi na hócáidí sóisialta a tharla i Sráid Downing le linn na dianghlasála

‘Brón’ ar Boris Johnson faoi chóisireacha agus ‘fear gan náire’ tugtha air in Westminster

Ghabh Príomh-Aire na Breataine leithscéal in Westminster faoi na cóisireacha i Sráid Downing agus é curtha ina leith gur “fear gan náire” é.

Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Keri Starmer, a dúirt an méid sin sa Pharlaimint i ndiaidh fhoilsiú thuarascáil Sue Gray faoi na hócáidí sóisialta a tharla i Sráid Downing le linn na dianghlasála.

Dúirt Theresa May, iarcheannaire na dTóraithe agus réamhtheachtaí Johnson mar phríomh-aire, gur léir nach raibh na rialacha Covid léite aige, nó gur léigh sé iad agus nár thuig sé iad, nó gur cheap sé nár bhain siad leis. 

Dúirt Johnson go raibh “brón” air faoi na botúin a rinne sé agus gur ghlac sé lena bhfuil i dtuarascáil Gray.

Deirtear sa tuarascáil nár cheart go dtarlódh cuid de na hócáidí sóisialta a tharla i Sráid Downing le linn na paindéime ar chor ar bith agus go raibh faillí thromchúiseach agus teip ceannaireachta i gceist i Sráid Downing.

Dúirt Johnson gur thuig sé do dhaoine fearg a bheith orthu. Níor leor a rá go raibh brón air, a dúirt sé. “Caithfimid foghlaim chomh maith,” ar sé. Dhéanfadh sé na fadhbanna i Sráid Downing a leigheas.

Dhein ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Keir Starmer cáineadh géar ar Johnson.

“Meas amadáin a thug sé orainn go léir trí na rialacha a leag sé féin síos a bhriseadh go rialta, ní raibh meas madra aige ar íobairtí an phobail, léirigh sé nár chóir go mbeadh san oifig,” arsa Starmer. 

“Is measa an scéal an séanadh truamhéalach atá ar siúl aige ó beireadh air. In áit an fhírinne a insint, ó thús go deireadh, mhaslaigh sé meabhair an phobail.|

“Agus anois ar deireadh tá sé imithe i muinín a sheanleathscéil: tá an locht ar gach duine ach amháin air féin. Imíonn siadsan, fanann seisean. Fiú anois, tá sé i bhfolach taobh thiar d’fhiosrúchán na bpóilíní faoi choiriúlacht ina theach agus ina oifig. 

“Ach, a Phríomh-Aire, ní amadáin iad pobal na Breataine, níor shlog siad aon fhocal riamh de, creideann siad gur chóir don Phríomh-Aire an rud ceart a dhéanamh agus éirí as.”

Chuir Boris Johnson i leith Starmer nach raibh ina chuid cainte ach “mála áiféise” agus gurb amhlaidh go raibh sé ag iarraidh “réamhbhreith” a thabhairt ar fhiosrúchán na bpóilíní. 

Tuairiscíodh chomh maith tráthnóna go bhfuil os cionn 300 grianghraf agus 500 cáipéis a bhaineann leis na hócáidí i Sráid Downing le linn na dianghlasála tugtha ar láimh do na póilíní. 

Deirtear i dtuarascáil Sue Gray go raibh sé deacair aon chosaint a dhéanamh ar na cóisireacha a tharla i Sráid Downing le linn na dianghlasála.

Foilsíodh ar shuíomh idirlín Rialtas na Breataine tráthnóna an tuarascáil faoi na hócáidí sóisialta i Sráid Downing atá ina n-ábhar mór conspóide le tamall.

Tá an Príomh-Aire Boris Johnson faoi bhrú mór mar gheall ar an gconspóid. Cé nach gcuirtear an locht go sonrach air féin i dtuarascáil Gray, deirtear go raibh “teip” ó thaobh na ceannaireachta de i Sráid Downing.

“I gcás ar a laghad cuid de na hócáidí atá faoi chaibidil bhí faillí thromchúiseach i gceist ó taobh cloí leis an ardchaighdeán a mbítear ag súil leis, ní hamháin ó dhaoine atá ag obair i gcroílár an rialtais ach an caighdeán a rabhthas ag súil leis ó phobal na Breataine go léir ag an am…”

“Uaireanta, agus oiriúnacht na n-ócáidí á meas, níor caitheadh dóthain ama ag smaoineamh ar cad a bhí ag tarlú ar fud na tíre, ná ar an gcontúirt a bhain leo ó thaobh na sláinte poiblí ná ar an gcuma a bheadh orthu i súile an phobail.

“Bhí teipeanna ó thaobh ceannaireachta agus breithiúnais i gceist in áiteanna áirithe in Uimh. 10 agus san Oifig Comhaireachta. Níor cheart go dtarlódh cuid de na hócáidí ar chor ar bith. I gcás ócáidí eile, níor chóir ligint dóibh dul ar aghaidh mar a tharla.

Dúirt Sue Gray nár éirigh léi tuarascáil fhónta a chur ar fáil faoi láthair mar go raibh an scéal á fhiosrú ag na póilíní. Níl ach 12 leathanach sa tuarascáil agus í gann ar shonraí.

Fág freagra ar '‘Brón’ ar Boris Johnson faoi chóisireacha agus ‘fear gan náire’ tugtha air in Westminster'

  • An Teanga Bheo

    Ní raibh brón ná náire ar ariamh bhfuil ceacht ar bith le foghlaim aige agus anois ar an mbealach
    go dtí an Rúis ,,,,,,,,, scoth an cleasaí is cosúil