Brollach an Aire (anois ar fáil i nGaeilge)

Ródhílseacht an locht is mó atá ar aistriúcháin Ghaeilge, dar lenár gcolúnaí

Cartún Anatin

Is é port síoraí na gcolúnaithe tuairimíochta nach léann duine ar bith na haistriúcháin Ghaeilge a chuirtear ar fáil faoi bhun Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tig liomsa an méid sin a bhréagnú lom láithreach, nó léimse iad. Is ea, is mise an custaiméir cantalach, an comhfhreagraí craiceáilte a lorgaíonn an leagan Gaeilge de bhileoga eolais, de chonarthaí seirbhíse agus eile. Déarfadh duine soiniciúil gur ag iarraidh obair a chruthú do mo chomhaistritheoirí a bhím ach geallaim daoibh nach ea. Le teann fiosrachta a léim na téacsanna seo, féachaint cad é mar atá ag éirí linn an dátheangachas de réir Éamoin Uí Chuív a chur chun cinn. Sórt taighde neamheolaíoch atá ann.

Is é an bhrí atá bainte agam as mo chuid taighde go dtí seo ná go mbíonn na téacsanna Gaeilge  measartha glan ó thaobh an litrithe agus na gramadaí de (murab ionann agus na comharthaí poiblí a bhíonn ar Amú san aistriúchán). Is é an mórlocht a bhíonn orthu cé chomh dílis – nó litriúil féin – a bhíonn cuid acu.

Is fíor go gciallaíonn ‘brollach’ preface/foreword. Inseoidh foclóir ar bith an méid sin don scríbhneoir, ach ba cheart go n-inseodh a chiall dó gan ‘brollach an Aire’ a thabhairt ar an réamhrá a chuireann an tAire le tuarascáil éigin. Nó cad é a déarfá leis an aistriúchán seo: ‘This report is also available in Irish / Tá leagan Gaeilge den tuarascáil seo ar fáil freisin.’ Aistriúchán cruinn soiléir gan amhras ach, mo léan, is sa leagan Gaeilge den cháipéis a foilsíodh é. Droch-chomhartha atá ann nach raibh sé de mhuinín ag an aistritheoir imeacht ón abairt a raibh sé i ngleic léi agus ‘Tá leagan Béarla den tuarascáil seo ar fáil’ a scríobh.

Níl an chuma air ach oiread go mbíonn tuiscint ag aistritheoirí do na focail sin sa téacs Béarla nach bhfuil aon tábhacht leo agus arbh fhearr iad a fhágáil gan aistriú. Bíonn abairtí Béarla lán focal atá ar aon bhrí agus a chuirtear san abairt chun treise a chur le pointe éigin nó díreach chun an abairt a mhaisiú. Nuair a fheicim Should you have any questions or queries about this project…, dar liom gur leor ‘Má tá ceist ar bith agat i dtaobh an tionscadail seo…’ Níl dualgas orainn focal Gaeilge a sholáthar in aghaidh gach focail sa téacs Béarla: ‘Má tá ceist ar bith nó fiosrú ar bith agat…’

Is abairt fhadálach í sin, de mo dhóighse, ach is measa na samplaí sin ina dtéann sé deacair ar an aistritheoir focal comhchiallach a aimsiú. Go rómhinic ar fad, cuirtear an teanga as a riocht ag iarraidh freastal ar a leithéid seo: To respect the belief and faith of every citizen… Cé gur leor focal amháin Gaeilge (‘creideamh’) chun belief agus faith a aistriú, téann aistritheoirí a phóirseáil i gcúinní dorcha na bhfoclóirí go n-aimsíonn siad focail mar ‘iris’ agus seanleaganacha eile nach raibh sa teanga ó bhí Seathrún Céitinn i mbríste gairid. 

Seans go bhfuil traidisiúin an aistriúcháin oifigiúil neadaithe chomh daingean sin agus gur deacair dúinn stíl scríbhneoireachta níos scaoilte agus níos saoráidí a chleachtadh. Seans fós go mbraitheann na haistritheoirí go mbeidh custaiméirí (agus eagarthóirí) sa mhullach orthu má fhágann siad focail agus frásaí ‘ar lár’. Cibé cúis atá leis, is mithid dúinn na haistritheoirí bochta a shaoradh. Tugaimis cead a gcinn agus cead a bpinn dóibh.   

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Brollach an Aire (anois ar fáil i nGaeilge)'