Bróga ar an uile amadán is buataisí ar an uile ghlagaire

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tairngreacht Chonallach atá againn...

Bróga ar an uile amadán is buataisí ar an uile ghlagaire

Roimhe seo bhíodh na daoine i dtólamh ag caint ar chogadh agus ag rá go raibh cogadh le theacht a leithéid seo d’am. Bhíodh siad ag déanamh réidh le teitheadh roimhe. 

Anois san am seo bhí fear ina chónaí i Mín na Croise agus bhí sé ag éisteacht ó tháinig méid ar bith ann go raibh an cogadh ag teacht. Bhí sé pósta agus bhí sé ag cur imní mhór air go dtiocfadh an cogadh air féin agus ar a mhuirín.

Bhíodh sé go minic amuigh i Sliabh ó Thuaidh agus goidé tháinig sé air lá amháin ach uaigh mhór amuigh i gcúl an tsléibhe. Bhí an t-an-lúcháir air nó bhí fhios aige anois nuair a thiocfadh an cogadh go raibh áit aige fhéin agus a chlann le ghabháil i bhfolach ann, agus nuair a bheadh siad ann nach dtiocfadh an cogadh faoina gcomhair.

I rith an ama bhí an cogadh le theacht agus ba é an deireadh a bhí ar an scéal go raibh sé le theacht aon oíche amháin. Nuair a chuala an fear bocht seo bhí sé chóir a bheith as a chranna cumhachta. Chruinnigh sé leis an méid dá chuid bia agus earraí agus a thiocfadh leis, thug leis a mhuirín agus d’imigh amach chun na huaighe ar shiúl oíche. 

Shroich siad an uaigh go slán sábháilte agus nuair a bhí siad istigh inti thug sé iarraidh solas a bhualadh suas ann ach níor éirigh leis mar chuaigh sé as air. An dara huair ar las sé é chuaigh sé as ar ais agus an tríú huair d’aithin sé gur neach éigin a bhí á chur as air. Ansin labhair sé agus dúirt “Má tá neach ar bith anseo bíodh a fhios aige nach le dochar ar bith a dhéanamh do tháinig mise anseo ach ag teitheadh roimh an chogadh atá le theacht anocht.”

Leis sin thug neach éigin freagra air. “Gabh abhaile tú féin agus do mhuirín nó ní thiocfaidh an cogadh anocht ná amárach. Bíodh fhios agat nach dtiocfaidh an cogadh le do linnse, ná le linn do mhic, ná a mhac sin. Ní thiocfaidh an cogadh go mbeidh bróga ar an uile amadán agus buataisí ar an uile ghlagaire agus bealach mór fríd an uile aicearra.”

Chuaigh an fear bocht abhaile go lúcháireach go Mín na Croise agus ariamh ina dhiaidh sin níor bhuair sé a cheann fá chogadh. 

Cáit Nic an tSaoir a fuair an seanchas seo ó Mháire Nic an tSaoir (80) as Málainn Bhig i gcontae Dhún na nGall. 

Fág freagra ar 'Bróga ar an uile amadán is buataisí ar an uile ghlagaire'