Bróga a dearadh don duine leisciúil atá faoi dheifir

Tá praiticiúlacht áirithe ag baint le stíl nua bróg a bheas an-úsáideach nuair a bheas fáil go coitianta orthu ar phraghas ceart, a deir ár gcomhfhreagraí

Bróga a dearadh don duine leisciúil atá faoi dheifir

Ar sháigh tú do chosa isteach i do bhróga riamh faoi dheifir nó go leisciúil gan iad a oscailt agus gur sheas tú ar chúl na mbróg le do shála? Tá dearthóirí bróg tar éis inspioráid a fháil óna leithéid agus stíl nua bróg ar an margadh atá déanta go speisialta le nach ndéanfar damáiste dóibh má chaitear mar sin iad.

Tá cúl speisialta infhillte ar na bróga seo a chiallaíonn go bhfilleann siad síos faoi mheáchan do shál agus ní mhilleann tú cúl na mbróg má chuireann tú ort faoi dheifir iad.

Is minic a rinne mé féin é – ag rith chuig an líne níocháin le héadach a bhailiú nuair a tháinig múr gan choinne nó ag freagairt cnag ar an doras. Deifir nó leisce an dhá phríomhchúis a bheadh agam gan na bróga a oscailt agus na cosa a shá iontu mar is ceart. Ní chun leasa na mbróg é an cineál sin mí-úsáide ach bí cinnte go ndearna muid ar fad é ó am go chéile.

Ach tá leigheas an scéil sa dearadh nua atá tagtha ar an margadh le gairid cé go bhfuil na samplaí atá feicthe agam dochreidte daor ag an tráth seo, idir €170 agus €550. Ach glac leis nach fada uainn an lá go mbeidh macasamhail den dearadh céanna ar fáil i bhfad agus i ngearr ar phraghsanna réasúnta nuair a dhéanfaidh na comhlachtaí éagsúla aithris ar an stíl seo agus cuirfidh siad a gcuid leaganacha féin ar na margadh.

Tá an leagan de na bróga seo atá deartha ag Gucci déanta as leathar ón Iodáil agus costas €550 orthu. Tá costas €390 ar na cinn atá deartha ag Acne Studios agus iad déanta as seithe gabhair. Tá rogha níos leithne agus costas níos ísle i gceist le The Modern Babo ó Everlane, leathar Iodálach atá á úsáid agus cúig dhath difriúil ar fáil ar phraghas €170.

Maíonn na dearthóirí éagsúla go bhfuil an stíl nua bunaithe ar an lófaire traidisiúnta, ar shlipéir nó  ar  bhróigíní ‘babouche’ as Maracó, ag brath ar cén leagan den scéal is fearr leat.

Tá cuid de na hirisí faisin idir dhá chomhairle faoin stíl nua.

Deir Elle “they’re the “it” shoe of summer” ach cheistigh an iris ar líne Slate an mbeadh aon bhean ann a mbeadh aici “such a busy social calendar that you don’t have time to fully insert your feet into your shoes”.

An difríocht idir na bróga seo agus an gnáthslipéir gan chúl ná gur féidir iad a chaitheamh mar a bheadh bróga ‘cearta’ ann leis an gcúl in airde nó brúite faoi do shál, dhá stíl dhifriúil san aon phéire amháin bróg.

Is cinnte go bhfuil praiticiúlacht áirithe ag baint leo agus go mbeidís an-úsáideach nuair a bheas fáil go coitianta orthu ar phraghas ceart.

Idir an dá linn, ní cheapaim go mbeidh mé féin ag rith chuig an líne níocháin agus an bháisteach ag bagairt i bpéire de dhearadh Gucci ar chostas €550.

Fág freagra ar 'Bróga a dearadh don duine leisciúil atá faoi dheifir'