Is annamh a chaitheann Karen Bradley, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, oíche abhus. Ach d’fhan sí anseo oíche Dé Luain i ndiaidh a cruinnithe le hionadaithe do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid, mar gurbh í a bhí ina hóstach ag cóisir lá arna mhárach. Níl sé de cháil uirthi gur éisteoir maith í ach ní fhéadfadh éinne an chluas bhodhar a thabhairt do chaoineadh na n-íobartach agus an bhail scanrúil a bhí orthu ó bhain sise cor coise eile astu in Stormont.
Bhí dóchas ag ionadaithe na n-íobartach is iad ag tabhairt aghaidh ar chruinnithe le Karen Bradley Dé Luain. Bhí siad trína chéile an tseachtain seo caite nuair a dúirt sí gur ghá do na páirtithe polaitiúla logánta ceisteanna a fhreagairt sula bhféadfadh sise fóirithint orthu. Rinne na páirtithe logánta é sin go pras agus dá réir bhí súil ag na híobartaigh go ngníomhódh an Státrúnaí ar deireadh thiar thall.
In ionad amchlár do ghníomhartha a thabhairt, dúirt Bradley leo go raibh go leor ceisteanna nua le freagairt agus go dtógfadh sé suas le dhá bhliain go leith eile chun na beartais riachtanacha a chur i bhfeidhm. Bhain sé sin an bonn díobh. Bhí na toscairí briste brúite, fir agus mná ag gol i ndiaidh na gcruinnithe, roinnt ag rá nach bhféadfaidís leanúint lena bhfeachtas a thuilleadh.
Ní béas liom scríobh faoin ábhar céanna in dhá cholún i ndiaidh a chéile ach is náire shaolta é an scéal seo agus ní dhéanaim leithscéal ar bith as a phlé in athuair. Scannal is ea an chaoi ar caitheadh leis na daoine leochaileacha seo. D’ordaigh fiosrú an Bhreithimh, Sir Anthony Hart i mí Eanáir 2017 go gcuirfí cóir leighis ar fáil dóibh, cúiteamh airgid, leithscéal agus cuimhneachán oifigiúil.
Dhá bhliain agus ceithre mhí ó d’eisigh an breitheamh a chinneadh níl tada déanta chun cuidiú leis na híobartaigh. Ba é Feidhmeannas Stormont a bhunaigh fiosrú Sir Anthony Hart faoi dhrochíde ar pháistí in institiúidí stáit, eaglasta agus deonacha idir na fichidí agus na nóchaidí. Beidh cuimhne mhaith ar a shuaite, goilliúnach is a bhí daoine is iad ag tabhairt fianaise don fhiosrú faoi mhí-úsáid ghnéis, bualadh, ansmacht nó faillí mhíthrócaireach a bhain dóibh.
Thit Stormont taca an ama ar foilsíodh an tuarascáil. Tá dáréag is fiche de na híobartaigh tar éis bháis ó shin, tá go leor eile lag, galar dubhach agus tinneas coirp nó meabhrach ag goilliúint orthu.
Tá sé deacair ciall a bhaint as iompar Karen Bradley. Cúpla seachtain ó shin, scríobh príomh-státseirbhíseach Stormont, David Sterling, chuici ag moladh go rithfeadh sí reachtaíocht in Westminster chun moltaí an Bhreithimh Hart a chur i bhfeidhm. Seachtain ó shin rinne sí iarracht an cheist a bhrú isteach sna cainteanna ilpháirtí in Stormont. Dhiúltaigh na páirtithe don tseift sin agus tháinig siad le chéile chun freagra d’aon ghuth a thabhairt ar an Státrúnaí.
Dúirt sí féin go raibh 11 ceist eile le freagairt sula bhféadfadh sí aon phlean a chur faoi bhráid na Parlaiminte. Dúirt ionadaithe na n-íobartach gur dhúirt sí leo gur ón státseirbhís in Stormont a tháinig na ceisteanna. Ráiteas fíorchonspóideach é sin agus foinsí in Stormont á bhréagnú.
Cén fáth an drogall? Admhaíonn gach éinne go dtógfadh sé tamall Bord Sásaimh a cheapadh agus a chur i mbun oibre ach idir an dá linn bheadh sé rí-éasca bille a rith chun íocaíochtaí eatramhacha a cheadú (rinneadh in Albain é) agus scéimeanna cabhracha a bhunú chun déileáil le drochshláinte. Mhaígh Bradley go bhféadfadh Stormont – dá mbeadh feidhmeannas ann – an obair a dhéanamh laistigh de shé seachtaine ach go mbeadh coinníollacha níos déine in Westminster maidir le reachtaíocht a chur tríd. Ní raibh imní uirthi faoi dhianscrúdú in Westminster nuair a rith sí reachtaíocht faoin RHI, faoi rátaí, faoin mbuiséad, faoi thuarastail nó faoi Bhord na bPóilíní. Ritheadh an reachtaíocht sin go léir gan stró ná iniúchadh.
An ag iarraidh brú a chur ar na polaiteoirí logánta ata sí? Cén t-údar eile a bheadh leis an doicheall roimh ghníomh? Ní féidir nach bhfuil a fhios aici cé chomh práinneach is atá an scéal. Tá sí amscaí ciotach ach ní féidir go bhfuil sí chomh míthrócaireach is a bhreathnaíonn sí – an féidir? Bhí na daoine a bhailigh Dé Máirt chun agóid a dhéanamh ag an gcóisir ghairdín i bhFear Manach ag súil go ngéillfeadh an Státrúnaí don bhrú, nó go náireodh siad í. Ba í an cheist an féidir í a náiriú.
Fág freagra ar 'Briste brúite ag buille eile ó Karen Bradley'