‘Brisim Achan Riail’ – podchraoladh úrnua faoi cheol na mionteangacha 

Sa chéad eagrán, cloisfear faoin gcéad amhrán Gaeilge ar Top of the Pops agus faoi thionchar AC/DC ar bhanna comhaimseartha Gaelach

‘Brisim Achan Riail’ – podchraoladh úrnua faoi cheol na mionteangacha 

Craolfar sraith raidió úrnua faoi cheol na mionteangacha, Brisim Achan Riail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo. Sé eagrán ar fad atá sa tsraith agus beidh gach eagrán ar fáil mar phodchraoladh ar rnag.ie. Tá an tsraith á léiriú ag Emma Ní Chearúil agus Seán Ó Dubhchon.

Déanfar plé sa tsraith ar cheisteanna a bhaineann le ceol na mionteangacha, agus tabharfar deis d’éisteoirí cluas a thabhairt do cheol éagsúil ó gach áit ar domhan. Beidh Emma Ní Chearúil agus Seán Ó Dubhchon ag fiosrú na naisc atá idir ceol, teanga agus pobal.

Cuirfear faoi agallamh sa tsraith nua leithéidí Huw Stephens (BBC agus Other Voices), DJ Próvaí (Kneecap), Muireann Nic Amhlaoibh, Róisín Seoighe, IMLÉ, Gráinne Holland, Rónán Ó Snodaigh agus Ani Glass.

Sa chéad eagrán, cloisfear faoin gcineál ceoil a mheallann lucht éisteachta idirnáisiúnta, faoin gcéad amhrán Gaeilge riamh ar Top of the Pops, agus faoin tionchar a d’imir AC/DC ar bhanna comhaimseartha Gaelach.

Deir léiritheoirí an chlár gur úsáideadh an ceol chun “polaitíocht, cúrsaí sóisialta, agus scéalta na ndaoine a insint riamh anall”.San eagrán deireanach den tsraith, déanfar plé ar an bhféile Ravelóid agus ar ar tharla dó, chomh maith leis an bhfís atá ag lucht Fhéile na Gealaí, féile atá ar siúl i Ráth Chairn an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar '‘Brisim Achan Riail’ – podchraoladh úrnua faoi cheol na mionteangacha '