Briseadh croí don Rinn i bPort Láirge ach mná Chorca Dhuibhne anois ag prapáil do chluiche ceannais

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí na gcumann Gaeltachta ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo

Briseadh croí don Rinn i bPort Láirge ach mná Chorca Dhuibhne anois ag prapáil do chluiche ceannais

Port Láirge

Briseadh croí a bhí i ndán d’iománaithe na Rinne agus iad sáraithe ag Dún Aill i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Phort Láirge. Bhí fir na Gaeltachta chun tosaigh agus níos lú ná deich nóiméad fágtha ach chuir Dún Aill críoch láidir leis an gcluiche.

Bhí cuma na maitheasa ar an Rinn sa chéad leath. Cuireadh duine d’imreoirí Dhúin Aill den pháirc théis 12 nóiméad agus fuair an Rinn an chéad chúl den chluiche ceithre nóiméad ina dhiaidh sin nuair a chuaigh poc saor ó Oisín Ó Ceallaigh díreach isteach sa chúl. Ba é Ó Ceallaigh a chruthaigh an dara cúl dá dheartháir, Fearghal, chun an Rinn a chur cúig phointe chun tosaigh théis 25 nóiméad. Níorbh in deireadh leis an ngaisce sa chéad leath mar shábháil cúl báire na Rinne, Seán Ó hArtaigh, poc éirice i dtreo dheireadh an leatha, rud a d’fhág farasbarr ceithre phointe ag an Rinn ag leath ama.

Ar an drochuair don Rinn d’imigh rudaí in olcas sa dara leath. Scóráil Dún Aill cúig phointe sna chéad deich nóiméad den dara leath. Ceann amháin a fuair an Rinn as tréimhse sin agus na foirne anois ar comhscór. Faoin dara sos uisce bhí Dún Aill chun tosaigh ach d’éirigh le hOisín Ó Ceallaigh an Rinn a chur chun cinn arís théis 55 nóiméad, 2-11 in aghaidh 0-16. Dún Aill a fuair na sé scór deireanach sa chluiche agus ba leo an lá.

Bhí údar díomá freisin ag foireann Ghaeltachta eile na nDéise nuair a chaill An Sean-Phobal cluiche ceannais Chraobh Shóisir C Phort Láirge in aghaidh Bhaile an Bhuitléaraigh, 3-12 in aghaidh 2-11.

Gaillimh

Idir mhaith is olc a bhí ag foirne Gaeltachta na Gaillimhe i gCraobhacha Sinsir agus Idirmheánacha an chontae.

Na babhtaí dícháilithe atá i ndán do thrí cinn d’fhoirne ó Chonamara sa Chraobh Shinsir. Bhí An Cheathrú Rua cinnte d’áit sna babhtaí dícháilithe ach d’fhág cailliúint eile in aghaidh Mhaigh Cuilinn, 4-18 in aghaidh 0-9, gur ag imirt i gcluiche leathcheannais dícháilithe a bheidh siad níos deireanaí an mhí seo. Bearna a bheidh leo sa chluiche sin agus a gcluiche in aghaidh Bhóthair na Trá/Chnoc na Cathrach caillte acusan freisin, 3-13 in aghaidh 1-8. Is in aghaidh Naomh Micheál a bheidh An Spidéal i réamhbhabhta dícháilithe tar éis d’fhir Chois Fharraige cailliúint inné in aghaidh An Chreagáin/Mhaigh Locha, 1-16 in aghaidh 1-8.

Sa Chraobh Idirmheánach, beidh trí cinn d’fhoirne Gaeltachta san iomaíocht sna babhtaí ceathrú ceannais agus iad uile tagtha slán ó bhabhta na ngrúpaí. Bhí bua ollmhór ag Naomh Anna, Leitir Móir ar Mhicheál Breathnach, 3-14 in aghaidh 0-10, agus d’fhág cliseadh Átha Cinn in aghaidh Naomh Gabriel go mbeidh Naomh Anna agus na Breathnaigh fós san iomaíocht sa chraobh.

Is a bhuíochas do bhua maith in aghaidh Ghleann na Madadh, 3-15 in aghaidh 0-8, a bhain Oileáin Árann áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais. Déanfar an tarraingt do na cluichí sin anocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 8.30pm.

I gCraobh Shinsir na mban, bhí bua iontach ag Naomh Anna in aghaidh Ghleann na Madadh/Bhaile Liam, 1-16 in aghaidh 1-9. Ba é sin an chéad chluiche atá buaite ag mná Naomh Anna agus iad ar ais sa Chraobh Shinsir. Bhí an bua freisin ag Maigh Cuilinn in aghaidh An Dhúin Mhóir, 4-17 in aghaidh 1-9. Tabharfaidh Maigh Cuilinn agus Naomh Anna aghaidh ar a chéile Dé Sathairn seo chugainn.

 

Pictiúr ©INPHO/Evan Logan

Dún na nGall

Tá áit bainte amach ag Gaoth Dobhair i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghleann Fhinne ag an deireadh seachtaine. Bhí na foirne cothrom agus ceathrú uaire fágtha ach scóráil Gaoth Dobhair seacht bpointe as a chéile chun bua 1-14 in aghaidh 1-7 a bhaint amach.

Imreoidh Gaoth Dobhair in aghaidh Chill Charthaigh an deireadh seachtaine seo chugainn sa bhabhta deireanach i mbabhtaí an ghrúpa ach is beag tábhacht atá leis an gcluiche sin agus Cill Charthaigh slán sna babhtaí ceathrú ceannais freisin tar éis dóibh bua cumasach, 2-13 in aghaidh 0-3, a bheith acu in aghaidh Ard an Rátha Dé hAoine. D’imir an seanfhondúir Michael Hegarty a chéadú cluiche craoibhe do Chill Charthaigh, 25 bliain tar éis dó a chéad cheann a imirt dóibh.

Beidh Naomh Conaill sna babhtaí ceathrú ceannais freisin tar éis dóibh greadadh a bhualadh ar An Tearmann inné, 1-20 in aghaidh 0-6. Scóráil Daniel Meehan cúl cinniúnach do Naomh Náille chun iad a thabhairt slán in aghaidh Ghleann tSúilí, 1-10 in aghaidh 0-12.

Sa Chraobh Idirmheánach, beidh Naomh Columba le Naomh Bríd sna babhtaí ceathrú ceannais, tabharfaidh Naomh Muire aghaidh ar an gClochán Liath, imreoidh Gaeil Fhánada in aghaidh Bhun Cranncha agus beidh Cloich Cheann Fhaola le Málainn.

Ciarraí

Tá áit bainte amach ag mná Chorca Dhuibhne i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile Chiarraí an deireadh seachtaine seo chugainn. Bua ceithre phointe, 3-14 in aghaidh 1-16, a bhí acu i gcoinne na gCrócach inné. Tabharfaidh Corca Dhuibhne aghaidh anois ar Oileán Ciarraí sa chluiche ceannais an deireadh seachtaine seo chugainn.

Is in aghaidh Oileán Ciarraí freisin a bheidh An Ghaeltacht Dé Domhnaigh seo chugainn i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Idirmheánach na bhfear. Tá Piarsaigh na Dromoda slán sa Chraobh Idirmheánach ar feadh bliana eile agus an ceann is fearr faighte acu ar na Mistéallaigh, 1-14 in aghaidh 0-11.

An Mhí

Níor éirigh le foirne Gaeltachta na Mí ina gcluichí sa Chraobh Shinsir Iomána an deireadh seachtaine seo. Bhí Cill Mheasáin ceithre phointe chun tosaigh ar Chlann na Gael ag leath ama agus mhéadaigh siad an bhearna sin sa dara leath chun bua 1-17 in aghaidh 1-9 a chrochadh leo.

Scóráil Bhulf Tón ceithre chúl in aghaidh Naomh Peadar Dé Sathairn ach fós ní raibh siad sách maith chun fir Dhún Búinne a chloí agus an cluiche buaite ag Naomh Peadar, 2-21 in aghaidh 4-8

Maigh Eo

Ba é Daithí Cosgrove a d’aimsigh an dá chúl a chinntigh gur bhuaigh Béal an Mhuirthead coimhlint chrua in aghaidh an Chnoic Mhóir, 2-4 in aghaidh 1-4. Tháinig na cúil go léir sa chéad leath i gcluiche a imríodh i ndrochaimsir thuas i mBéal an Mhuirthead.

Ní raibh an rath céanna ar Chill tSéadhna agus iad ag tabhairt aghaidh ar Bhréachmhaigh. Naoi bpointe a bhí idir na foirne sa deireadh, 1-15 in aghaidh 0-9, agus cúl Cholm Flynn in am cúitimh a chinntigh cinnte gur ag Bréachmhaigh a bheadh an bua.

Fág freagra ar 'Briseadh croí don Rinn i bPort Láirge ach mná Chorca Dhuibhne anois ag prapáil do chluiche ceannais'