Briseadh croí don Ghaeltacht agus tuisle bainte astu in am cúitimh

Bhí an chuma ar an scéal go raibh an beart déanta ag an nGaeltacht i Staid Semple tráthnóna, ach fuair An Maigh an ceann is fearr orthu a bhuí le cúl déanach agus is iad fir Thír Eoghain a bheidh ag triall ar Pháirc an Chrócaigh

Briseadh croí don Ghaeltacht agus tuisle bainte astu in am cúitimh

Cluiche Leathcheannais Idirmheánach na hÉireann

An Ghaeltacht 0-6 An Maigh 1-5

Goilleann sé go fóill ar lucht chumann caide na Gaeltachta gur chaill siad cluiche ceannais na hÉireann in 2004, agus seans go mbeidh siad cráite go ceann i bhfad ag an gcluiche seo i nDurlas chomh maith.

Nuair a chuir Seán M Ó Conchúir an liathróid thar an trasnán sa chéad nóiméad d’am cúitimh, bhí an chuma ar an scéal go raibh áit bainte amach acu i gcluiche ceannais na hÉireann, agus é tuillte go maith acu. Bhí farasbarr trí phointe ag an nGaeltacht, 0-6 in aghaidh 0-3, agus gan ach an méid sin scóráilte ag An Maigh san uair an chloig a bhí imeartha. Bhí cos amháin i bPáirc an Chrócaigh ag an nGaeltacht agus a lucht leanúna ag smaoineamh, seans, ar Pháirc an Chrócaigh Dé Sathairn seo chugainn.

Ní hin mar a bhí, áfach, agus an t-ádh dearg ar fhir Thír Eoghain an bua a sciobadh ó fhoireann óg Chorca Dhuibhne.

Agus 62 nóiméad caite, ní raibh aon scór aimsithe ag na tuaisceartaigh le 30 nóiméad agus smacht iomlán ag an nGaeltacht ar chúrsaí. Ansin sheol Colm Cavanagh pas fada isteach, le teann éadóchais seachas aon rud eile agus bhris an liathróid i dtreo Harry Loughran i mbéal an chúil. Bháigh an leath-thosach í san eangach agus bhí na foirne cothrom.

Ba é Loughran a chuir An Maigh chun cinn, den chéad uair sa chluiche, nuair a sheol sé an liathróid thar an trasnán ó 25m lena chos dheas.

PJ Mac Láimh agus cúilín á scóráil sa chéad leath aige in ainneoin iarrachtaí Seán Cavanagh

Baineadh stangadh as foireann na Gaeltachta. Bhí deis iontach amháin acu am breise a chinntiú agus an t-am beagnach caite. Chuaigh PJ Mac Láimh ar ruathar trí lár na páirce agus, tar éis do Dhara Ó Sé an liathróid a thabhairt ar ais dó, ní raibh le déanamh ag Mac Láimh ach an liathróid a chur thar an trasnán lena dhorn. Thug sé faoin gcúl áfach agus chuir sé a iarracht oiread na fríde ar strae.

Ansin, bhuail Conall Duffy buille maraithe na muice ar an nGaeltacht nuair a fuair sé cúilín eile don Mhaigh ag an deireadh.

Coimhlint iontach crua a bhí anseo agus thóg sé tamall fada ar an dá fhoireann socrú isteach sa chluiche agus ní fhacthas ach ceithre scór sa chéad 30 nóiméad agus na foirne cothrom ag leath ama, 0-2 an taobh.

Seán Cavanagh agus Marc Ó Sé

Chuir An Ghaeltacht tús maith leis an dara leath, áfach, agus bhí pointe faighte ag Brian Ó Beaglaoich, a bhí ar fheabhas ar fad, agus gan ach 20 soicind imeartha. Cé gur aimsigh Seán Cavanagh cic saor eile don Mhaigh, d’fhág cúilín eile ó Ó Beaglaoich go raibh an Ghaeltacht 0-4 in aghaidh 0-3 chun cinn tar éis 40 nóiméad.

Buaileadh buille trom orthu leath bealaigh tríd an dara leath áfach nuair a cuireadh Éanna Ó Conchúir den pháirc. Ba ina dhiaidh sin, áfach, is fearr a léirigh foireann óg na Gaeltachta an mianach agus an spiorad atá iontu. Agus imreoir breise acu is ar éigean a d’athraigh an Maigh an córas coimeádach cosanta a bhí acu agus choinnigh An Ghaeltacht seilbh na liathróide ar feadh tréimhsí fada. Rinne siad an méid sin go stuama agus iad ag fanacht go foighneach ar dheiseanna chun dul ar an ionsaí.

Cúl na cinniúna

Chuir Dara Ó Sé dhá chúilín chun cinn iad agus beagán os cionn cúig nóiméad fágtha agus nuair a fuair Seán M Ó Conchúir cúilín eile, bhí an chuma ar an scéal go raibh an beart déanta acu.

Faraor ní mar a shíltear, sciobadh a mbua uathu agus tháinig deireadh tobann le haistear peile diamhair na Gaeltachta. Beidh laethanta geala eile ag an bhfoireann óg seo, ach beidh cluiche an lae inniu ina údar aiféala acu go ceann tamaill.

Gliondar agus brón. An bua ag An Maigh

An Ghaeltacht: Tomás Mac an tSaoir; Peter Paul  Sauerland; Marc Ó Sé, Cathal Ó Lúing; Brian Ó Beaglaoich (0-2), Pádraig Óg Ó Sé, Colm Ó Muircheartaigh; Roibeard Ó Sé, Éanna Ó Conchúir; Ciarán Ó Coileáin, Dara Ó Sé (0-1), PJ Mac Láimh (0-1); Tomás Ó Sé, Seán Ó Bambaire, Seán M Ó Conchúir (0-2, 2 cic saoir). Fir Ionaid: Gearóid Mac an tSaoir in áit PJ Mac Láimh (49 nóim), PJ Mac Láimh in áit P Sauerland (58 nóim), Cathal Mac Gearailt in áit C Ó Coileáin (61 nóim)

An Maigh: Nathan Brady; Patrick Mackle, Tomás McNicholl, Thomas Conlon; Mark Gribbin, Niall Conlon, Eunan Deeney; Colm Cavanagh, Tom Loughran; Declan Conroy, Harry Loughran (1-1), Emmett Rafferty; Ryan Coleman, Seán Cavanagh (0-3, 2 cic saor), Adam Currie. Fir Ionaid: Conall Duffy (0-1) in áit E Rafferty (45 nóim), Diarmuid McKeown in áit D Conroy (52 nóim),

Réiteoir: John Hickey (Ceatharlach).

Fág freagra ar 'Briseadh croí don Ghaeltacht agus tuisle bainte astu in am cúitimh'