Briseadh croí a bhí i ndán do pheileadóirí Naomh Anna, Leitir Móir ag an deireadh seachtaine nuair a chaill siad cluiche ceannais Chonnacht sa nóiméad deireanach d’am breise, 2-14 in aghaidh 2-12.
Bhí cuma na maitheasa ar fhir Chonamara nuair a scóráil Myles Mac Donnacha pointe chun iad a chur chun cinn agus nóiméad den dá nóiméad den am cúitimh imeartha, ach ba leor sin dá gcéilí comhraic Naomh Faithleach le dul suas an pháirc agus cúl a scóráil. Ba é lánchúlaí Naomh Faithleach, Mikey Cox, a chuir dorn le pas fada isteach i mbéal an chúil chun an cluiche a bhuachan agus imreoirí Naomh Anna a fhágáil sínte croíbhriste.
Ba sé an-dian ar Naomh Anna an cluiche a chailliúint ar an gcaoi sin agus is beag an faoiseamh dóibh gur chuir siad go mór leis an tsárchoimhlint i Staid an Phiarsaigh.
Bhí seaimpíní na Gaillimhe i dtrioblóid mhór luath sa chluiche tar éis do Naomh Faithleach tús iontach a chur leis an imirt. Scóráil an t-imreoir idirchontae Diarmuid Murtagh cúl den scoth dóibh tar éis seacht nóiméad agus bhí fir Ros Comáin seacht bpointe chun cinn agus gan ach 12 nóiméad imeartha.
Bheadh siad imithe as radharc ar fad murach an bhlocáil iontach a rinne lánchúlaí Naomh Anna, Seán Andy Ó Ceallaigh a choinnigh iarracht eile ó Murtagh amach. Ba spreagadh a bhí ansin d’fhir na Gaeltachta.
Fuaireadar ceithre phointe as a chéile, trí cinn ó bhróg Dylan Seoige, chun an bhearna a laghdú agus cé go bhfuair Ciarán Murtagh ceann eile do Naomh Faithleach, scóráil Maitias Eoin Bairéad cúl iontach do Naomh Anna a d’fhág nach raibh ach pointe amháin idir na foirne.
Bhí Naomh Faithleach fós pointe chun tosaigh ag leath ama, 1-8 in aghaidh 1-7, ach bhí siad chun deiridh laistigh den chéad chúig nóiméad den dara leath. Chuir Oisín Mac Donnacha na foirne ar comhscór le cic saor sular scóráil Warren Seoige an dara cúl do Naomh Anna. Nuair a chuir Mac Donnacha ceithre phointe idir na foirne ansin, bhí rith an rása le Naomh Anna.
Níor éirigh leo an bhearna idir na foirne a mhéadú, áfach, agus bhí an chuma ar Naomh Anna go raibh siad sásta seilbh na liathróide a choinneáil seachas iarracht a thabhairt faoi scór. Mar sin féin, bhí deis iontach ag Maitias Eoin Bairéad ar chúl eile tar éis 44 nóiméad nuair rinne cúl báire Naomh Faithleach Michael O’Donnell sábháil mhaith.
Mar a tharla sa chéad leath le blocáil Sheán Andy Ó Ceallaigh agus Naomh Anna, chuir gaisce O’Donnell borradh faoi Naomh Faithleach. D’aimsigh Diarmuid Murtagh an chéad scór sa dara leath dóibh go luath ina dhiaidh sin agus tar éis dó féin agus Conal Kennelly scóranna eile a fháil, ba é Murtagh agus a chúilín gleoite a chuir na foirne ar comhscór arís tar éis 56 nóiméad. Bhí seansanna ag an dá fhoireann an cluiche a bhuachan in am cúitimh ag deireadh an dara leath ach cuireadh ciceanna saora amú.
Bhí an imirt cothrom go maith in am breise agus é deacair ag imreoirí ón dá thaobh deiseanna a chruthú. D’aimsigh an t-ionadaí Myles Mac Donnacha dhá scór as a chéile a chuir Naomh Anna ar ais ar comhscór ag tús an dara leath agus chun iad a chur chun cinn san am cúitimh. Faraor, níor mhair tréimhse ceannasaíochta Naomh Anna go dtí an deireadh ar fad agus sciob Naomh Faithleach uathu Craobh Chonnacht sna soicindí deireanacha.
Fág freagra ar 'Briseadh croí do Naomh Anna agus Craobh Chonnacht sciobtha uathu sna soicindí deireanacha'