Briseadh Barry Cowen – sceilpín gabhair nó gníomh dána?

Tá dochar déanta d’údarás Mhichíl Martin ag an gconspóid faoi Barry Cowen

Briseadh Barry Cowen – sceilpín gabhair nó gníomh dána?

Barry Cowen agus Micheál Martin in 2018. Pictiúr: RollingNews.ie

Más tús maith leath na hoibre, nach ionann drochthús agus leath na teipe?

Agus ní féidir a shéanadh ach go bhfuil drochthús tubaisteach curtha ag an rialtas nua lena ré, agus le ré an Taoisigh nua, Micheál Martin, go háirithe.

Rinneadh dearmad glan ar an iarthar ar an gcéad dul síos. Fágadh leascheannaire an pháirtí, Dara Calleary ar leataobh, cuireadh olc ar Theachtaí Dála de chuid an pháirtí ar fud na tíre. Ansin díbríodh as oifig duine de na hairí nua, Barry Cowen, toisc go raibh an Taoiseach imníoch faoin tionchar ar a sheasamh sna meáin a d’fhéadfadh a bheith ag an gconspóid faoi chion tiomána an iar-aire.

Sea, más Taoiseach sealadach é Micheál Martin, tá an cheist á cur cé hé an fíorThaoiseach? Tá sé ag imeacht ó dhearmad amháin go dearmad eile agus níl údarás polaitiúil ar bith anois aige.

Chomh maith leis sin, bhí míshástacht ann go forleathan taobh istigh d’Fhianna Fáil mar gheall ar an gcinneadh dul isteach le Fine Gael. Glacadh leis go drogallach toisc gur thuig daoine go ndéanfadh Fianna Fáil go hainnis dá mbeadh toghchán ann go luath, ach tá cuid mhór den pháirtí le ceangal anois go ndearna Martin Barry Cowen a íobairt ar mhaithe lena uaillmhian féin a chosaint.

Tá meas ar mhuintir Cowen i bhFianna Fáil agus aithnítear go bhfuil naimhde inmheánacha Mhicheál Martin neartaithe go mór ag an eachtra seo.

Is ar éigean go mbeadh Dara Calleary féin buíoch den Taoiseach go bhfuil sé anois ceaptha ina aire agus gan aon rogha eile ag Martin ach ardú céime a thabhairt dó faoi dheireadh.

Is léir freisin an cur i gcéill a bhain leis an gcaint a rinne Martin faoi thábhacht phost an Phríomh-Aoire sa rialtas.

Ach céard faoin gcion féin? An raibh sé ceart Barry Cowen a dhícháiliú ón aireacht mar gheall gur ciontaíodh é i dtiomáint faoi thionchar an óil?

Tá sé seo pléite agam cheana, ach tá an argóint ina choinne á plé arís is arís, agus mar sin ní miste dom mo dhearcadh a shoiléiriú.

Tá sé contúirteach a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil. Tá sé thar a bheith baolach i gcás daoine óga gan chiall a mbeadh fonn orthu tiomáint go tapa. Tá sé ceart mar sin go mbeadh dlíthe ann i gcoinne a leithéid, agus go ngearrfaí pionós ar dhaoine a sháraíonn an dlí. Nuair a mharaítear duine i dtimpiste a raibh baint ag ól an tiománaí léi, is ceart go mbeadh pionós géar ar an té atá ciontach.

Ach ní cóir, agus níl sé leagtha síos sa dlí, go ndéanfaí an duine a chur amach as an gcomhluadar sibhialta nó é a dhícháiliú ó oifig phoiblí.
Má chreideann tú gur chóir an pionós sin a bheith ag dul le sárú dlí dá leithéid, déan stocaireacht is athraigh an dlí.

Tá Cowen á cháineadh toisc go bhfuil líomhaintí á ndéanamh go raibh ceisteanna eile ag baint leis an scéal, agus bhí leithéidí Róisín Shortall ar bís agus í ag iarraidh seafóid faoi bheith ag tiomáint ar cheadúnas sealadach a fhiosrú freisin. Gan dabht, bheadh mionphointe eile le fiosrú ina dhiaidh sin.

Cén fáth nach ndearna an Taoiseach iniúchadh sular cheap sé Cowen ina aire, nó sular chuir sé é i gceannas ar an idirbheartaíocht a chuir an clár rialtais le chéile?

Fuair Martin réidh le Cowen, ní mar gheall ar rud ar bith a dhein an t-air-aire ach toisc nach raibh an misneach aige, nó an chnámh droma ann fanacht nó go mbeadh na fíricí ar fad aige, má bhí baol ar bith ann go bhféadfadh rud fíor-thromchúiseach a bheith ag baint leis an gcás.

Bhí ceisteanna troma le cur ar Cowen – ceisteanna faoina fhreagracht i leith pholasaí iascaireachta is feilméarachta. Níor chuir iriseoir ar bith na ceisteanna sin.

Tá na ceisteanna céanna fós le cur ar an aire nua, Dara Calleary, ach níl cosúlacht ar bith ann go bhfuil iriseoir ar bith ag iarraidh na ceisteanna sin a chur airsean ach an oiread.

Ach seo mar atá an pholaitíocht s’againne anois. Ní thugtar aird ach go fánach ar na hábhair a mbíonn tionchar mór acu ar ár saol, is caitear na céadta uair an chloig ag iarraidh fáil amach cé mhéad aingeal a bheadh ábalta damhsa le chéile ar bharr bioráin.

Ceapaim gur lig an freasúra do na meáin iad a chur ar strae maidir leis an ábhar seo, ach go bhfios domsa níor éiligh aon duine sa bhfreasúra go ndíbreofaí Cowen as a phost.

Theastaigh uathu go bhfreagródh sé tuilleadh ceisteanna.

Vótáil an Taoiseach i gcoinne an éilimh sin sa Dáil, ach ansin thug sé bata is bóthar do Cowen toisc nach raibh sé toilteanach é sin a dhéanamh.

Cén fhad eile a fhéadfaidh Martin fanacht ina Thaoiseach?

Fág freagra ar 'Briseadh Barry Cowen – sceilpín gabhair nó gníomh dána?'