Brionglóid bheag Liam Mhic Cóil in aimsir phlá

Seo brionglóid a bhí agam aréir, a d'eascair go díreach as an eispéireas aisteach seo a bhfuilimid uile ag dul thríd i láthair na huaire…

Brionglóid bheag Liam Mhic Cóil in aimsir phlá

An bhfuil rud ar bith níos leadránaí ná duine ag aithris a chuid brionglóidí duit? Ní cuimhin liom cé dúirt. Níl a fhios agam an raibh an ceart aige. Táim chun dul sa seans: seo brionglóid a bhí agam aréir. Is brionglóid í, dar liom, a d’eascair go díreach as an eispéireas aisteach seo a bhfuilimid uile ag dul thríd i láthair na huaire. Ar an ábhar sin b’fhéidir nach píosa leadráin í ach díol spéise. Nílim ag maíomh go bhfuil aon rud faoi leith ag baint léi mar bhrionglóid, ná aon bhrí mhór. Níl le rá ar a son dáiríre, ach, bhuel, tharla sí agus gur cur síos chomh dílis agus is féidir liom atá sa chur síos seo a leanas.

Bhíomar ag siúl ar an mbóthar mar a bhíonn go minic anois na laethanta seo ach gan dul thar theorainn an dá chiliméadar. Ceann de bhóithre beaga ciúine na Mí a bhí ann a bhfuil ár ndóthain díobh againn timpeall ar Ráth Chairn; fál íseal ar gach taobh, páirceanna leathana féaraigh ar an taobh eile díobh. Bhí an tuath ciúin socair síochánta timpeall orainn, an tír ar fad fúinn féin, shílfeá.

Ansin chualamar torann. Torann é a bhí i bhfad uainn go fóill ach d’aithníomar é mar thorann mór. Bhreathnaíomar taobh thiar dínn agus chonaiceamar an bloc mór dubh seo tamall uainn ar an mbóthar, ag déanamh inár dtreo, ní go tapa ach go seasta leanúnach. Bhí an torann mór mar a bheadh torann leanúnach innill ollmhóir feirme ann, oll-chomhbhuainteoir, abair, agus é ag dul i méid de réir mar a dhruid sé linn. Ach ní comhbhuainteoir a bhí ann nó aon saghas innealra mór inaitheanta eile ach bloc mór cearnach agus dath uafar dubh air den chuid is mó.

Tháinig sé níos gaire dúinn. B’éigean dúinn seasamh i leataobh. Ní faitíos baileach a bhí orainn ach iontas agus, b’fhéidir, uafás. Tháinig sé fad linn agus muidne inár seasamh ar ghruaimhín an bhóthair. Fuaireamar radharc ar an taobh mór a bhí air agus é ag dul tharainn. Scáileán mór teilifíse a bhí ann. Ní cuimhin liom cé na híomhánna a bhí ar an scáileán mar d’fhéadfadh sé go raibh an scáileán dubh freisin. Taobh istigh de chúpla soicind bhí sé imithe tharainn. Lean sé ar aghaidh ar an mbóthar agus chuaigh an torann i laghad. Bhí sé imithe leis tharainn.

Fág freagra ar 'Brionglóid bheag Liam Mhic Cóil in aimsir phlá'

  • SÓB

    An teachtaireacht ag éirigh níos cumhachtaí ná ábhar na teachtaireachta.

  • Mícheál Mac Aonghusa

    Níl a fhios agam an mbaineann sé seo le brionglóid Liam ach cuireann sé alltacht orm a laghad siamsaiochta de chaighdeán ar bith atá ar fáil ar an scáileán céanna. Tá an-trua agam do dhaoine atá sáite sa mbaile go buan.