Deireadh le déine? Geilleagar babhtála atá sa teach s’againne le fada an lá!

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ní breabadóireacht atá i gceist ag ár gcolúnaí, Fiafraigh de dhuine ar bith a chasfar ort ar an mbóthar agus inseoidh siad an difríocht idir breab agus luach saothair duit

paiste_abacus

Hurá! Hurá! Tá an ECB le tús a chur le héascú cainníochtúil. Tá an scéala tagtha sa deireadh thiar go bhfuil críoch, b’fhéidir, leis na beartanna déine ar fud na hEorpa. Casadh sa mbóthar, tá súil agam.

Ach is beag tionchar a bheidh aige ar theach s’againne mar go bhfuil muid imithe ar an ngeilleagar babhtála le fada an lá. Is le boscaí beaga rísíní agus brioscaí seacláide a dhéantar an díol agus ceannacht againne agus is beag suim a cuireadh sa scéal is deireanaí seo ón ECB.

Ach an oiread leis an ECB agus ceannacht na mbannaí Rialtais, áfach, tá rialacha beachta leis an gcóras babhtála atá i bhfeidhm againn fhéin. Ní féidir gabháil amach ansin ag ceannacht gan chamadh gan chlaonadh. Caithfear socraithe a aontú roimh ré agus a bheith soiléir ar an méid atáthar ag iarraidh a bhaint amach ag deireadh na hidirbheartaíochta.

Bímis soiléir; ní breabadóireacht atá i gceist agam. Fiafraigh de dhuine ar bith a chasfar ort ar an mbóthar agus inseoidh siad an difríocht idir breab agus luach saothair duit. Bhí a fhios agam fhéin an difear tráth. Ach níl mé chomh cinnte sin níos mó. Nuair atá ‘chuile shórt idir chamáin, is deacair tóin ná ceann a dhéanamh as.

Is cosúil go ndéanann sé difear mór cén uair a ardaíonn tú ceist na híocaíochta. Má thugann tú le fios roimh ré go mbeidh íocaíocht éigin le fáil ach coinníollacha áirithe a chomhlíonadh, is luach saothair é sin. Mar shampla, má dheireann tú agus sibh ag fágáil na naíolainne go bhfuil bosca rísíní ar fáil don té a ghabhfaidh isteach ina suíochán sa gcarr agus an bheilt a dhúnadh gan aon achrann, is luach saothair é sin. Duais ar an dea-iompar.

Ach má ardaíonn tú ceist na híocaíochta nuair atá leathuair caite agat gan aon toradh ag iarraidh tábhacht beilteanna sábháilteachta a chur ina luí orthu, is breabadóireacht atá ann.

Fan glan ar an mbreabadóireacht a mholtar, fiú má tá tú préachta fuar ag seasamh ag an gcarr, do chloigeann istigh is do thóin amuigh agus foláireamh oráiste gála tugtha ag MetÉireann don chósta thiar.

Céard a dhéanfaidh tú mura ndearna tú socrú roimh ré agus má tá a fhios agat anois go mbeadh tionchar dearfach ag brioscaí seacláide ar do chás?

Tá cead athbhreithniú a dhéanamh ar théarmaí tagartha i gcomhthéacs athraithe ar an margadh, sílim. Ach, ar a bhfaca tú, fan glan ar an mbreabadóireacht.

Fág freagra ar 'Deireadh le déine? Geilleagar babhtála atá sa teach s’againne le fada an lá!'