Bríd Uí Loideáin– cara i gcéin ag muintir Chonamara ar shlí na fírinne

Bhain Bríd Uí Loideáin, a cuireadh i gcré na cille inné, le glúin Éireannach a mhúnlaigh áit ar leith, agus stádas ar leith, do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Bríd Uí Loideáin– cara i gcéin ag muintir Chonamara ar shlí na fírinne

Ní bheidh a hainm ar chlár na n-ambasadóirí a cuireadh as an tír seo go Washington ach bhí Bríd Uí Loideáin – Bríd Nic Dhonnchadha roimh phósadh di – ar dhuine de na hambasadóirí ab fhearr a chuir Éire trasna an Atlantaigh riamh. Bhain sí le glúin Éireannach a mhúnlaigh áit ar leith, agus stádas ar leith, do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Nuair a shéalaigh sí an lá cheana i Walpole in Massachusetts, d’imigh uainn bean a d’fhág a lorg ar bhealach ciúin lán le dínit ar an saol seo – bean a choinnigh a dúchas agus gach ar bhain lena ceantar dúchais beo agus láidir ar feadh 70 bliain i Meiriceá.

Ar éigean go raibh an scór slánaithe aice nuair a d’fhág Bríd Cuan Chaorthainn i Leitir Ard i gCarna sa mbliain 1948. D’éirigh sí aníos i gConamara sa saol crua sin a bhain le haimsir an Dara Cogadh Mór. Bríd an Ghabha a thugtaí uirthi sa mbaile. Bhí a hathair ag gaibhneacht, ceird a bhí fíor-riachtanach san am sin.

I Meiriceá i 1955 a phós sí féin agus Cóilín Ó Loideáin – Cóilín Joe Choilm Liam as Roisín na Mainiach i gCarna. Bhíodar cairdiúil lena chéile sular fhágadar an baile riamh; bhíodh sé ina spraoi agus ina dhiabhlaíocht eatarthu faoi sin – ’chaon duine acu ag rá gurbh é an duine eile a tháinig ina dhiaidh/ina diaidh go Boston.

Bhí scéalta agus cur síos ar an saol ag Bríd – scéalta ón mbaile le linn a hóige agus scéalta ar an saol i Meiriceá. Ach bhí scéal amháin nár scar sí leis ariamh. Ina hóige in Boston d’oibrigh Bríd don Mhéara James Michael Curley. Ba mhór é cáil Curley. B’iomaí sin inseacht a bhí ar a shaol, ar a shaothar agus ar na bealaí éagsúla a bhí leis. Tá leabhair scríofa faoi agus tá scannáin mhóra a bhaineann leis curtha ar an scáileán. Is minic a iarradh ar Bhríd labhairt faoi James Michael Curley agus faoin eolas a bhí aici air. Tháinig lucht teilifíse agus nuachtán chomh fada léi. Ní abródh sí focal. Dílseacht ba chúis leis. 

Bhí a focal tugtha aici nach scaoilfeadh sí le heolas a bith faoi Curley, a theaghlach ná a ghnóthaí agus choinnigh sí leis an bhfocal sin nó gur imigh sí as an saol seo. B’in í Bríd.

I Jamaica Plain a bhí cónaí ar Bhríd agus ar Chóilín nuair a shocraíodar síos i mBoston. Ansin a rugadh agus a tógadh a n-iníon, Deirdre agus a seisear mac. D’athraigh siad amach go baile Walpole i Stát Massachusetts níos deireanaí. Teach Gaelach, gealgháireach, gnóthach a bhí ann.

Bhí cáil agus aithne ar Chóilín i bhfad agus i ngearr. Bhí sé bainteach ó thús le foireann peile na ‘Connemara Gaels’, le Cumann Sóisialta na hÉireann in Boston agus le cuimse gníomhaíochtaí pobail. Deirtear gur ar Chóilín a bhí an tsochraid ba mhó a facthas in Boston le cuimhne na ndaoine. Bhí Bríd ina crann taca láidir aige agus iad ag tógáil mórsheisear clainne. Tugann a gclann leo an suáilceas céanna agus an dílseacht chéanna d’Éirinn a bhí go smior ina dtuismitheoirí.

Níl éirí in airde ná gaisce ag baint leo ach tá a fhios ag an saol gur daoine cumasacha iad na Loideáin – tá an dualgas slándála is troime póilíneachta in Boston ar Cholm; is é Seán an Coimisinéara Tógála do Bhoston; tá comhlacht forbartha bóithre ag Matt agus a dheartháireacha, Joe (iarUachtarán ar an gCumann Lúthchleas Gael i Meiriceá) agus Liam (duine de dhlíodóirí an teaghlaigh) ina chuideachta agus tá Pádraic – dlíodóir eile – bainteach le comhlacht dlí.

I reilig Forest Hills a chuirfear Bríd Uí Loideáin Dé Céadaoin – an 17 Eanáir.

Tá na céadta agus na mílte Éireannach ón aimsir a caitheadh curtha ansin. Beidh Bríd agus Cóilín Ó Loideáin ina measc anois. Tá sruthán ag sioscadh le fána in aice na huaighe agus tá crainnte ag dul go spéir ar an taobh eile di. 

Ach, tá na crainnte darach daonna a leag bunchloch do mhuintir Chonamara in Boston ag cailleadh an duilliúir agus ag titim anois, de réir a chéile. 

Fág freagra ar 'Bríd Uí Loideáin– cara i gcéin ag muintir Chonamara ar shlí na fírinne'

  • Seosamh Ó Cuaig

    An-phíosa scríbhneoireachta agus é tuillte go maith aici.