‘Briathar, Beart agus Oidhreacht’ – Saol an Phiarsaigh á chíoradh i leabhar nua

Tá aiste ag 12 scoláire sa leabhar nua a sheolfar ag deireadh na míosa seo ina gcíortar saol agus saothar Phádraig Mhic Phiarais mar idéalaí, oideachasóir, réabhlóidí agus Uachtarán Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann

03-pearse

Seolfar an tseachtain seo chugainn leabhar nua ina gcíortar gnéithe éagsúla de shaol an Phiarsaigh agus an ról a bhí aige in Éirí Amach na Cásca 1916. Bailiúchán de 12 aiste ó 12 scríbhneoir éagsúla atá i An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart agus Oidhreacht ina bpléitear an t-iriseoir, an Conraitheoir agus an réabhlóidí, agus róil eile nach iad a bhí ag Pádraig Mac Piarais.

Déantar iniúchadh freisin sa leabhar ar na hargóintí go raibh an Piarsach “róthugtha don rómánsachas i ngach gné den saol” agus an-tógtha leis an bhféiníobairt agus leis an doirteadh fola.

Tá an leabhar nua bunaithe ar shraith léachtaí a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le deireanas mar chuid de Chomóradh 100 Bliain Éirí Amach na Cásca. Tugann an 12 scoláire aghaidh ar ghnéithe éagsúla de shaol, de shaothar agus de smaointeoireacht an Phiarsaigh, agus iad ag súil le “solas nua a chaitheamh ar an bpearsa seo a mairimid fós faoina scáth”.

Tá alt ag an staraí Róisín Ní Ghairbhí, a scríobh beathaisnéis Liam Mhic Phiarais don tsraith 16 Lives, faoi óige agus cúlra an Phiarsaigh, ón teaghlach ar fhás sé aníos ann, an scolaíocht a cuireadh air agus a theacht in inmhe.

Pearse

Pléann Regina Uí Chollatáin, léachtóir le hiriseoireacht in DIT, saothar an Phiarsaigh mar iriseoir Gaeilge agus fear eagair An Claidheamh Soluis agus irisí eile, agus caitheann an tOllamh Alan Titley súil ar an bpáirt a ghlac sé sa díospóireacht faoi nualitríocht na Gaeilge a bhí go mór sa treis ag tús an chéid seo caite.

I measc na scoláirí eile a bhfuil aiste acu sa chnuasach nua, tá Ciarán Ó Coigligh agus Fiontán de Brún, a phléann cúrsaí oideachais, Máire Harris agus JJ Lee, a chaitheann súil ar Phiarsach na polaitíochta agus na réabhlóide agus Gearóid Denvir, a dhéanfaidh iniúchadh ar shaothar liteartha an Phiarsaigh.

Is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh a rinne eagarthóireacht ar an leabhar nua agus tá aiste aige féin sa leabhar dár teideal ‘Cáil an Phiarsaigh i ndiaidh a bháis’ ina mbreathnaítear ar oidhreacht an Phiarsaigh sa chéad bliain ó bhásaigh sé.

Beidh an leabhar, atá á fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnacht, á sheoladh ag Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i Ros Muc ag deireadh na míosa seo. Beidh duine de na scríbhneoirí, Seosamh Ó Cuaig, ag labhairt ag seimineár an Chonartha ‘An Ghaeltacht agus Athbheochan na Gaeilge’ i ndiaidh sheoladh an leabhair.

Is í ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuirreáin a sheolfaidh an leabhar in Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh i Ros Muc an 30 Meitheamh. 

Fág freagra ar '‘Briathar, Beart agus Oidhreacht’ – Saol an Phiarsaigh á chíoradh i leabhar nua'

  • Seosamh Ó Cuaig

    Níl Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh tógtha fós.