Brian Friel 1929-2015 – ‘fathach litríochta’ ar lár

Tá Brian Friel, duine de mhórdhrámadóirí na fichiú haoise, imithe ar shlí na fírinne

File Photo Brian Friel Has Died.Irish play write Brian Friel with Actors Ciaran Hinds as Gurov and Kelly Reilly as Anna who star in his play The Yalta Game ,which open`s in The Gate Theatre Dublin on 2nd October 2001, pictured at the rehearsal in The Gate. 20/9/2001 Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Tá an drámadóir Brian Friel tar éis bháis in aois a 86 bliain.

Bhain Friel cáil amach mar dhuine de mhórdhrámadóirí na fichiú haoise agus tóir mhór ar fud an domhain ar shaothair leis ar nós Translations, Dancing at Lughnasa, Faith Healer agus Philadelphia Here I Come.

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, ar maidin gur chúis mhór bhróin dó bás Friel.

Dúirt an tUachtarán gur “fathach” de chuid litríocht agus saol intleachtúil na hÉireann ab ea an scríbhneoir ar rugadh i dTír Eoghain i 1929 é.

“B’fhacthas dom gur fear lách stuifiúil a bhí ann agus cara iontach ab ea é a bhí lán le flaithiúlacht. An-chuideachta ab ea é chomh maith,” arsa an tUachtarán.

Bhí Friel i gcroílár allagar cultúrtha agus saol ealaíne na hÉireann agus braithfidh an uile dhuine uathu é, a dúirt sé.

Dhein an tUachtarán comhbhrón le bean Friel, Anne, agus dúirt sé nach ndéanfaí dearmad go deo air ná ar a shaothar.

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny go raibh duine d’fhathaigh shaol na hamharclannaíochta ar lár.

“Chualathas scéalta miotaseolaíochta ‘Ballybeg’ i ngach cearn den domhan, ó Bhaile Átha Cliath go Londain go Broadway agus ar an scáileán mór. Is ionann a chuid saothar drámaíochta, ag áireamh Translations, Faith Healer, Philadephia, Here I Come! agus Dancing at Lughnasa, agus cuid mhór de chanón na scothscríbhneoireachta drámaíochta.

“Scéalaí Éireannach go smior, chuaigh a shaothar i bhfeidhm orainn lena ghreannmhaire, a mhothálaí agus a fhírinní is a bhí sé. Dála WB Yeats, ba Sheanadóir chomh maith é. Déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean Anne agus a pháistí. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis,” a dúirt an Taoiseach, Enda Kenny.

Rinne an Tánaiste Joan Burton comhbhrón chomh maith le muintir Friel.

“In Philadelphia, Here I Come!, mar is eol do go leor, tugann alter ego an phríomhcharachtair foláireamh dó i dtaobh a bheith ag carnadh droch-chuimhní, íomhánna agus impreisiúin dhearóile. A mhalairt glan atá déanta ag Brian Friel a d’fhág le hoidhreacht againn saothar lena mbaineann cuimhní agus íomhánna den scoth,” arsa an Tánaiste.

Tá ómós léirithe ag lucht na hamharclainne do Friel i gcaitheamh na maidine.

Dúirt an léiritheoir Noel Pearson go raibh sé ar dhuine de mhórscríbhneoirí na hÉireann agus chuimhnigh sé ar an umhlaíocht a bhain leis an drámadóir, nár fhreastail ar ócáid bhronnta na Tonys nuair a ghnóthaigh Dancing at Lughnasa trí cinn acu toisc “nár mhaith leis rud mór a dhéanamh de”.

Dúirt an léiritheoir Michael Colgan “nach mbeidh a leithéid arís ann” agus gurbh é an drámádóir ab fhearr é sa bhfichiú haois.

Dúirt Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, Fiach Mac Conghail go raibh Friel ina dhrámadóir den chéad scoth agus go raibh sé ar dhuine de na daoine is mó a mhúnlaigh náisiún na hÉireann trí cheistiú cairéiseach a dhéanamh ar bhunaíocht Phoblacht na hÉireann agus a dúshlán a thabhairt.

“Thuig sé cumhacht agus débhríocht chuimhne na ndaoine fad is a bhain sé le teacht ar thuiscint faoi cé sinn féin mar phobal,” a dúirt Fiach Mac Conghail.

Dúirt cathaoirleach na Comhairle Ealíone go raibh aáit tuillte ag Friel i measc mórdhrámadóirí an domhain agus gur “ionsparáid” ab ea é do dhrámadóirí, aisteoirí, stiúrthóirí agus lucht amharclannaíochta na hÉireann.

Rugadh Brian Friel i gCoillidh Chlochair gar don Ómaigh i dTír Eoghain ar an 9 Eanáir 1929. Ba as na Gleannta i nDún na nGall a thuismitheoirí agus is ar an gceantar sin a bhunaigh sé an baile ‘Ballybeg’, ar shuíomh é do mhórchuid dá dhrámaí.

Is ar Choláiste St Columb’s i nDoire a chuaigh Friel ar scoil. Chuaigh sé leis an múinteoireacht é féin ach bhíodh ag breacadh gearrscéalta agus drámaí chomh maith. Ba é Philadelphia Here I Come, a rinne scagadh ar chúrsaí imirce agus teaghlaigh, ar cuireadh ar stáitse é den chéad uair i 1964, an chéad mhórdhráma aige. Ba é ceann de na rudaí ba shainiúla faoi Philadelphia Here I Come ná go raibh beirt aisteoirí i mbun an phríomhcharachtair – Gar Private agus Gar Public.

Bhí Friel ar dhuine de bhunaitheoirí chomhlacht drámaíochta an Field Day a léirigh Translations den chéad uair.

Cé gur dráma Béarla a bhí ann, bhí an Ghaeilge ina dlúthchuid de Translations, dráma a dhéanann scagadh ar cheist na teanga agus ar an rian a d’fhág an t-aistriú teanga ar thírdhreach na hÉireann agus ar shícé an phobail.

Dúirt Friel é féin gur chóir gur i nGaeilge a bheadh Translations scríofa.

I 1992 bhuaigh Dancing at Lughnasa trí cinn de ghradaim Tony ar Bhroadway agus deineadh scannán den dráma ina dhiaidh sin ina raibh Meryl Streep sa phríomhról.

Bhí dúil mhór ag Friel chomh maith i ndrámaí le Chekhov agus scríobh sé féin leaganacha de dhrámaí an Rúisigh.

Ba Shaoi d’Aosdána é Brian Friel agus is iomaí gradam eile a bronnadh air.

Fág freagra ar 'Brian Friel 1929-2015 – ‘fathach litríochta’ ar lár'