BREXIT: Baol ann go bhfágfaidh BREXIT an Ghaeilge ‘ar an trá fholamh’ ó thuaidh

Imní léirithe faoi thionchar an reifrinn ar chearta teanga thall agus abhus

Janet Muller POBAL
Stiúrthóir POBAL, Janet Muller

Deir Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, an eagraíocht teanga ó thuaidh, go bhfuil “contúirt” ann i bhfianaise thoradh reifreann Brexit “go dtarraingeoidh rialtas na Breataine siar ó dhlúthcheangal na n-ionstraimí idirnáisiúnta a thug cosaint de chineál éigin don Ghaeilge le blianta beaga anuas”.

Dúirt Muller go raibh an baol ann toisc gan aon Acht Teanga a bheith tugtha isteach, go bhfágfaí “an teanga ó thuaidh ar an trá fholamh” dá dtarraingeofaí siar ó Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, nó ón gCreatchoinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta.

Bheadh POBAL ag coinneáil “súil ghéar” ar an gceist seo, a dúirt sí.

“Beidh muid ag déanamh teagmhála leis na polaiteoirí ar fad le cás na Gaeilge a chur. Is léir go bhfuil reachtaíocht láidir, bunaithe ar na moltaí comhaontaithe a chuir POBAL chun tosaigh in Acht na Gaeilge Eis II, níos práinní anois ná riamh roimhe seo.

“Sa chomhthéacs seo, ní dhéanfaidh rud ar bith eile an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn mar is ceart.”

Mhaígh an scáthghrúpa teanga ELEN, an Líonra Eorpach um Chothromas Teangacha, an tseachtain seo caite go ndéanfadh Brexit dochar mór do mhionteangacha san Aontas Eorpach.

“Dá dtréigfeadh ár dtíortha an tAE, scoithfí sinn ó na cearta atá ag saoránaigh na hEorpa. Ina theannta sin, bheimis fágtha faoi smacht na rialtas nár thaispeáin an tsuim ná an dea-thoil chun cearta chainteoirí theangacha ár bpobal is ár ndúichí a chosaint is a chur chun cinn agus iad ag cleachtadh polasaithe foghacha le rún a ndíothaithe i gcaitheamh ár staire comhroinnte go léir nach mór,” a dúradh i ráiteas ó ELEN an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'BREXIT: Baol ann go bhfágfaidh BREXIT an Ghaeilge ‘ar an trá fholamh’ ó thuaidh'