Brexit ba chúis le diúltú an Aire Airgeadais do gach iarratas ar fholúntais ar Choimisiún an Bhainc Cheannais

Níor glacadh le haon cheann de na hiarratais a fuarthas anuraidh ar fholúntais ar Choimisiún an Bhainc Cheannais mar gur mheas an tAire Noonan gur ghá iarracht a dhéanamh teacht ar a thuilleadh iarratasóirí seachas iadsan a bhí ar an ngearrliosta a chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí faoina bhráid

Brexit ba chúis le diúltú an Aire Airgeadais do gach iarratas ar fholúntais ar Choimisiún an Bhainc Cheannais

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Airgeadais Michael Noonan gur cinneadh gan glacadh le haon cheann de na hiarratais a fuarthas anuraidh d’fholúntais ar Choimisiún an Bhainc Cheannais i bhfianaise riachtanais an Bhreatimeachta.

Chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí feachtas ar bun anuraidh ar mhaithe le teacht ar dhaoine a bheadh oiriúnach don dá fholúntas atá ar Choimisiún an Bhainc Cheannais.

Fuarthas 30 iarratas de thoradh an fheachtais sin agus chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí seisear ar ghearrliosta a cuireadh faoi bhráid an Aire.

Dhiúltaigh an tAire Airgeadais aon duine den seisear iarrthóirí sin a cheapadh ar an gCoimisiún, áfach, agus shocraigh sé próiseas nua a chur ar bun chun teacht ar iarratasóirí eile.

“Cé go raibh dea-theist ar an seisear iarratasóirí seo agus go raibh cruthaithe go maith acu ina réimsí spéise féin, glacadh cinneadh, i gcomhthéacs an Bhreatimeachta agus an bhéim atá ar ghnóthaí idirnáisiúnta atá ag iarraidh teacht anseo dá bharr, iarracht a dhéanamh teacht ar tuilleadh iarratasóirí oiriúnacha sa bhreis ar an seisear sin,” a dúirt an tAire Airgeadais, Michael Noonan, agus ceist Dála a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, James Lawless á freagairt aige.

Dúirt an tAire go raibh an próiseas nua ceapacháin fós ar bun.

Fág freagra ar 'Brexit ba chúis le diúltú an Aire Airgeadais do gach iarratas ar fholúntais ar Choimisiún an Bhainc Cheannais'