Breosla eitlíochta inbhuanaithe: ‘snas glas’ arb é an custaiméir a íocfaidh as

AN SAOITHÍN AERÁIDE: ealaín ar leith atá ann, ‘snas glas’ a chur ar thionscail truaillitheacha, ach dar lenár gcolúnaí gur chóir gradam éigin a bhronnadh ar phreasoifigeach na haerlíne KLM

Breosla eitlíochta inbhuanaithe: ‘snas glas’ arb é an custaiméir a íocfaidh as

Tháinig an Saoithín Aeráide ar phíosa scríbhneoireachta fíorspéisiúil i bhfoilseachán de chuid na haerlíne KLM.

‘Céatadán an bhreosla inbhuanaithe méadaithe faoi dhó ag KLM’ a gheall an cheannlíne, agus bhí an Saoithín meallta.

Ach bhí sé sna trithí ag gáire faoin am go raibh an chéad líne den alt féin léite aige.

‘I mí Eanáir na bliana seo mhéadaigh KLM céatadán an bhreosla eitlíochta inbhuanaithe faoi dhó, de 0.5% go 1%, d’eitiltí a bhfuil Amsterdam mar thúsphointe acu.’

Céard a tharlaíonn nuair a mhéadaíonn tú oiread na fríde faoi dhó?

Bíonn oiread na fríde agat i gcónaí.

Go háirithe mura méadaíonn tú oiread na fríde faoi dhó ach ar an mbealach ann, agus ní ar an mbealach ar ais.

Sna chéad chúpla líne eile, mhaígh an t-alt in iris KLM gur ‘céim sa treo ceart’ atá sa ‘mhéadú faoi dhó’ agus gurb é aidhm an chomhlachta gur breosla inbhuanaithe a bheidh in 10% den bhreosla a úsáidfidh an comhlacht faoin mbliain 2030.

An fhadhb leis an mbreosla eitlíochta inbhuanaithe (SAF), a mhínigh an preasoifigeach díograiseach ar iarradh air nó uirthi an píosa bolscaireachta sin a scríobh, ná nach bhfuil dóthain de ar fáil faoi láthair agus go gcosnaíonn sé idir a trí agus a ceithre huaire níos mó ná gnáthcheirisín.

‘Toisc go bhfuil céatadán an bhreosla inbhuanaithe méadaithe, tá praghsanna na dticéad ardaithe againn rud beag freisin,’ a mhínigh an preasoifigeach. ‘Leis an síntiús sin uaitse, cabhróidh tú spleáchas earnáil an aerthaistil ar bhreoslaí iontaise a laghdú.’

Faoin am seo, bhí an meangadh gáire a mheall gaisce áiféiseach chéad línte an ailt sin ón Saoithín Aeráide imithe d’aghaidh an tSaoithín go hiomlán.

Ní hamháin gurb é an custaiméir a bheidh ag íoc as an méadú beag bídeach a tháinig ar an méid breosla inbhuanaithe a úsáidfear, ach d’éirigh le KLM a thabhairt le fios, idir na línte, gurb é dualgas an chustaiméara spleáchas earnáil an aerthaistil ar bhreoslaí iontaise a laghdú.

Seachas dualgas na n-aerlínte!

‘Snas glas’ agus iarracht ualach na ciontachta a chur ar an gcustaiméir – ní raibh 150 focal féin san alt sin i bhfoilseachán KLM, ach dar leis an Saoithín Aeráide gur chóir gradam éigin a bhronnadh ar an té a scríobh é.

Fág freagra ar 'Breosla eitlíochta inbhuanaithe: ‘snas glas’ arb é an custaiméir a íocfaidh as'

  • Sorcha Grisewood

    Alt an-shuimiúil agus aontaím leis an t-iriseoir go huile agus go h-iomlán! Ba chóir gradam éigin a bhronnadh ar an té a scríobh an alt seo! “Green washing” go h-iomlán ata i gceist agus iad ar cur an t-uallach arís ar an chustaiméir!