Brendan ag bailiú leis ach speach sa stoirm fós san iarthuaisceart

Tá nach mór 50,000 teach fágtha gan aon chumhacht agus síneadh curtha leis an bhfoláireamh stoirme oráiste i nDún na nGall, sa Ghaillimh agus i Maigh Eo

Brendan ag bailiú leis ach speach sa stoirm fós san iarthuaisceart

Teach Solais an Phoill Bhig i mBaile Átha Cliath á bhualadh ag Stoirm Brendan. Pictiúr: Rollingnews

Tá nach mór 50,000 teach fágtha gan aon chumhacht agus Stoirm Brendan ag déanamh a bealach trasna na tíre. Tá cuid mhaith de na tithe sin i nGaillimh, i gCiarraí agus i Maigh Eo.

Dúirt Met Éireann go mbeadh “roinnt uaireanta a chloig d’aimsir an-chontúirteach” againn de bharr na stoirme.

Dúradh go mbeadh an stoirm dulta in éag ar fud na tíre um thráthnóna ach go mbeadh speach eile inti san iarthar agus san iarthuaisceart tráthnóna agus anocht.

Tá baol tuilte ann i gceantair cois cósta de bharr farraige cháite agus rabharta agus tuairiscítear crainn a bheith tite i gCiarraí, i gCorcaigh i nDún na nGall agus i gcontaetha eile.

Bhí foláireamh aimsire stádas oráiste i bhfeidhm ar fud na hÉireann ó tháinig stoirm Brendan i dtír níos luaithe inniu.

Cuireadh síneadh leis an bhfoláireamh sin tráthnóna i gcontae Dhún na nGall, contae na Gaillimhe, contae Liatroma, contae Mhaigh Eo agus contae Shligigh, mar a mbeidh stádas óráiste i bhfeidhm go dtí meán oíche.

Deir Met Éireann go mbeidh gaoth aniar aneas idir 65 agus 80 ciliméadar sna ceantair sin chomh maith le siotaí gaoithe idir 100 agus 130 ciliméadar san uair in áiteanna rite.

Ciallaíonn foláireamh oráiste dá leithéid go bhféadfadh “beatha agus maoin a bheith i mbaol”, go mbeadh contúirt ann do thiománithe agus go bhféadfadh go leagfaí crainnte.

Tá foláireamh stádas buí i bhfeidhm go dtí 8pm i gCiarraí, i gCorcaigh, i bPort Láirge, i Luimneach agus i gcontae an Cláir agus i gcontae Ros Comáin, contae Chill Mhantáin agus contae an Chabháin.

Tá foláireamh stádas dearg i bhfeidhm don fharraige ar fad le cósta na hÉireann agus i muir Éireann, mar a mbeidh gaotha fórsa stoirme 11 in áiteanna.


Bhí gaoth 96 ciliméadar san uair i mBéal an Mhuirthead thart ar a 7am ar maidin agus tugadh le fios go raibh siotaí gaoithe 140 ciliméadar san uair ar chósta Chorcaí agus iad 100 ciliméadar san uair agus os a chionn sin in áiteanna eile. Tabharfaidh báisteach an lae inniu léi stoirmeacha toirní, a dúradh.

Imeoidh Stoirm Brendan léi taobh istigh de chúpla uair an chloig ach dúradh go mairfeadh an ghaoth níos faide san iarthuaisceart.

Cuireadh roinnt eitiltí as Aerfort na Sionna chun na Breataine ar ceal. I gConamara ní bheidh aon eitiltí as Aerfort na Mine ná aon bhád ag freastal ar oileáin Árann.

Tá ráite ag an nGarda Cósta gur chóir do dhaoine fanacht glan ar thránna rite, aillte, céanna, promanáid agus calafoirt.

Tá foláireamh tugtha do thiománaithe a bheith cúramach chomh maith.

Fág freagra ar 'Brendan ag bailiú leis ach speach sa stoirm fós san iarthuaisceart'