Tá breithiúnas míthapa leighis tugtha ag cróinéir i gcás cailín sé bliana d’aois a bhásaigh ceithre lá tar éis di a bheith tugtha chuig an ospidéal agus hipiglicéime uirthi.
Bhásaigh Aibha Conroy, as Gabhla, Carna, Conamara, Co na Gaillimhe in Ospidéal Shráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath an 14 Nollaig 2011.
I ráiteas a rinne siad, dúirt muintir Aibha go n-airíonn siad go raibh an ceart acu dul i mbun feachtais ar son a n-iníne d’fhonn freagraí a fháil i dtaobh chúram Aibha le linn a saoil ghairid.
Dúirt an cróinéir, an Dr Brian Farrell, gur cuireadh san áireamh tosca riosca a tháinig chun solais le linn fianaise a tugadh san fhiosrúchán agus a bhreithiúnas á thabhairt aige.
Luaigh an cróinéir an easpa samplaí fola a bhí ann le go bhféadfaí a fháil amach an raibh fadhbanna meitibileacha nó inchríneacha ag Aibha Conroy agus thaispeáin scrúdú hidreacortasóin a rinneadh uirthi go gairid sula bhfuair sí bás go raibh ‘leibhéil an-íseal’ ina cuid fola, chomh híseal sin is go raibh a sláinte i mbaol.
Dúirt an Dr Farrel gur léir dó féin ón méid atá bainte aige as an bhfianaise, go raibh go leor tosca riosca i gceist sa chás seo agus go raibh tionchar acu ar an méid a tharla. Dúirt sé gurb ionann na rioscaí sin is a rá go bhféadfadh Aibha a bheith i mbaol nó go raibh sí i mbaol – agus go mbeadh tionchar ag an méid sin ar an mbreithiúnas a tugadh.
Dúirt sé freisin nach ionann an breithiúnas agus an milleán a chur ar aon dream ná aon dream a shaoradh ó mhilleán.
‘Breithiúnas neodrach atá ann, a thagann leis na fíricí agus na ceisteanna a tháinig chun solais agus fianaise á tabhairt,’ a dúirt sé.
Shil máthair Aibha, Kathleen Conroy, deora agus cúrsaí ag druidim chun deiridh.
Dúirt Kathleen gurbh é an tréith ba shuntasaí a bhain leis na ceithre bliana ó cailleadh Aibha ná a oiread constaicí a cuireadh i mbealach an teaghlaigh agus cás a n-iníne á fhiosrú acu. Rinne siad iarracht freagra a fháil ón gComhairle Leighis, ach ar chúiseanna teicniúla, níorbh fhéidir gabháil ar aghaidh leis an bpróiseas, a dúradh sa ráiteas a eisíodh thar ceann an teaghlaigh.
Ceithre lá roimh a bás, tugadh Aibha go hOspidéal na hOllscoile i nGaillimh de dheasca hipiglicéime nó leibhéal íseal siúcra agus laige bheith ag goilliúint uirthi. Bhí sí ag caitheamh amach. D’éirigh leis an gcóir leighis a cuireadh uirthi i dtús ama nuair a tugadh go hOspidéal na hOllscoile, Gaillimh, í an 11 Nollaig, ach taobh istigh de 90 nóiméad, stop sí ag análú agus b’éigean í a athbheochan.
Aistríodh í go dtí an t-aonad dianchúraim in Ospidéal hOspidéal na hOllscoile, Gaillimh agus uaidh sin go hOspidéal Shráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuair sí bás ceithre lá ina dhiaidh sin.
Fógraíodh marbh í an 14 Nollaig ag 3.55pm. Éidéime ceirbreach (cerebral oedema) ba chionsiocair lena bás tar éis hipiglicéime a bheith uirthi ar feadh i bhfad. Dúirt an cróinéir nach bhféadfadh ach dhá bhreithiúnas a bheith ann: míthapa leighis nó breithiúnas a thabhairt gan aon duine ná aon dream a mhilleánú.
Dúirt sé nár chás leis an méid a d’fhéadfadh tarlú ach an méid a tharla. “Ní dhearnadh na tástálacha ba ghá a dhéanamh. Dar liomsa gur fiú é sin a chur san áireamh agus an fhianaise á tabhairt,” a dúirt sé.
Ghabh dlíodóir mhuintir Conroy, Damien Tansey, buíochas leis an gcróinéir as ucht a bheith críochnúil sin san obair a rinne ar son John agus Kathleen Conroy.
“Ba é a chuir muintir Conroy rompu ná chuile shórt a dhéanamh le súil is go bhfaighidís roinnt freagraí maidir le bás tragóideach, míthráthúil a n-iníne. Is bris uafásach mór a bás,” a dúirt sé.
Ba ionann dúshlán mhuintir Conroy agus Mount Everest a dhreapadh, a dúirt an tUasal Tansey.
“Ach bhíodar in ann ag an dreapadh sin. Níl aon olc acu do bhaill foirne leighis,” a dúirt an tUasal Tansey.
“Tuigeann muintir Conroy nach raibh sé i gceist ag aon duine de na dochtúirí ná na haltraí go dtarlódh sé seo,” a dúirt sé.