Breis is €450,000 bronnta ar choistí Gaeltachta chun ionaid phobail a fhorbairt

D’fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maoiniú ón Chiste Infheistíochta d’Ionaid Phobail an tseachtain seo

Breis is €450,000 bronnta ar choistí Gaeltachta chun ionaid phobail a fhorbairt

Tá maoiniú bronnta ag an Rialtas chun ionaid phobail Ghaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt agus a uasghrádú.

D’fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maoiniú ón gCiste Infheistíochta d’Ionaid Phobail an tseachtain seo agus beagnach leathmhilliún euro atá le dáileadh ar bhreis is scór coiste i gceantair Ghaeltachta.

Coistí pobail Gaeltachta i nDún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo agus an Mhí a bhainfidh leas as an gciste ar fiú €12.5 milliún ar fad é don tír go léir.

Deir an Roinn gurb í seo an infheistíocht aonair is mó a rinneadh in ionaid phobail le blianta fada anuas.

Faoi Chatagóir 1 den chiste, bhí deontais suas le €25,000 míle ar fáil do choistí chun a n-ionad pobail a fhorbairt nó a uasghrádú. Bainfidh coistí áitiúla, cumainn CLG, hallaí paróiste, grúpaí óige agus áiseanna do sheandaoine leas as an maoiniú.

Níos mó ná €450,000 ar fad a bheidh ag dul i dtreo 22 coiste Gaeltachta.

Cúig choiste i nGaeltacht Chonamara a bhí ina measc siúd a fuair an t-uasmhéid a bhí ceadaithe – Comhairle Ceantair na nOileán, Comhairle Mhuintir an Chaisil, Cumann Forbartha na Foirnéise agus Halla na bhForbacha.

Fuair Coiste Forbartha Ceantair Mhín an Aoire agus Coiste Forbartha Éadan Fhionn Fraoich i nDún na nGall deontas €25,000 chomh maith, mar a fuair Comhar Dún Caocháin Teoranta i nGaeltacht Iorrais i Maigh Eo.

Bainfear úsáid as an airgead chun caoi a chur ar dhíonta, insliú a dhéanamh ar ionaid, córais leictreachais a aisfheistiú agus obair eile dá leithéid.

Bronnadh deontais ar 580 grúpa ar fad, idir choistí tuaithe agus choistí i gceantair uirbeacha.

Dún na nGall
Coiste Forbartha Ceantair Mhín an Aoire €25,000
Coiste Forbartha an Fháil Charraigh CTR €12,250
Coiste Forbartha Éadan Fhionn Fraoich €25,000
Coiste Halla Naomh Bríde €24,250
Coiste Ionad Pobail Theilinn €24,970.00
Comharchumann Oileán Árainn Mhór CTR €17,981.29
Forbairt na Rosann CTR €24,430.00
Meitheal Mhíobhaigh CTR €18,822.94
Narin Portnoo Rosbeg Comm Co-Op Soc Ltd €23,880.00
Pobal Páirtíocht Iardheisceart Dhún na nGall €10,000.00
Gaillimh
Áras Pobail, Mionlach €25,000.00
Coiste Forbartha Chorr na Móna €12,000.00
Comhairle Ceantair na nOileán CTR €25,000.00
Comhairle Mhuintir an Chaisil CTR €25,000.00
Comharchumann Forbartha Inis Mór Teo €17,955.00
Cumann Forbartha na Foirnéise Teo €25,000.00
Halla na bhForbacha Teo €25,000.00
Teach na Gaeilge €17,694.65
Tearmann Éanna €14,378.01
Maigh Eo
Comhar Dún Caocháin Teoranta €25,000.00
Comhlacht Pobal Béal Dearg teo €13,842.00
An Mhí
Coiste na nÓg, Halla Bhaile Ghib €22,177.00

 

Fág freagra ar 'Breis is €450,000 bronnta ar choistí Gaeltachta chun ionaid phobail a fhorbairt'