Tá breis is €3 mhilliún déanta sna pictiúrlanna ag An Cailín Ciúin, an chéad scannán Gaeilge a fuair ainmniúchán Oscar.
De réir figiúirí ón suíomh IMDb, tá $3.3m (€3.04 milliún) tugtha isteach go dtí seo ag An Cailín Ciúin in oifig na dticéad ar fud na cruinne.
$1.2 atá saothraithe ag an scannán sna Stáit Aontaithe ó taispeánadh é i bpictiúrlanna ansin den chéad uair ag deireadh mhí Feabhra.
Bhí An Cailín Ciúin, an 17ú scannán is mó tóir i Meiriceá ag an deireadh seachtaine,
le feiceáil i 146 pictiúrlann ar fad agus $123,000 tugtha isteach aige sna trí lá sin.
Cé nár éirigh le scannán Choilm Bairéad an deilbhín a thabhairt leis oíche na nGradam Oscar, ba é an deireadh seachtaine céanna an ceann is fearr a bhí ag An Cailín Ciúin ag Oifig na dTicéad i Meiriceá.
Shaothraigh an scannán Gaeilge $400,000 sna pictiúrlanna idir an 10-12 Márta, rud a d’fhág go raibh sé ar an 11ú scannán is mó rath i Meiriceá an deireadh seachtaine sin.
An comhlacht Super atá ag dáileadh an scannáin ar phictiúrlanna i Meiriceá. Craobh é Super de chuid an chomhlachta Neon, a rinne scannáin mór le rá ar nós I, Tonya agus Parasite a dháileadh sna Stáit Aontaithe.
Breis agus $2.4 milliún (€2.3 milliún) atá tugtha isteach ag an scannán taobh amuigh de Mheiriceá, de réir figiúirí IMBd.
Dheimhnigh urlabhraí ó Breakout Pictures, atá i mbun An Cailín Ciúin a dháileadh anseo, do Tuairisc go bhfuil €1.6 saothraithe ag an scannán i bpictiúrlanna na hÉireann agus na Breataine ó cuireadh amach é i lár mhí na Bealtaine anuraidh.
Bhí An Cailín Ciúin le feiceáil in thart ar 70 pictiúrlann in Éirinn agus i 30 ceann sa Bhreatain.
Tá beagnach $600,000 déanta ag An Cailín Ciúin san Astráil, $200,000 atá déanta ag an scannán sa Spáinn agus $200,000 san Iodáil.
Rinneadh An Cailín Ciúin le deontas €1.2 milliún faoin scéim Cine4.
Donncha
Go raibh maith agat léamh iontach ar fad lena lán n eolais. Bain mé sárthaitneamh as an léamh freisin maith thú sár-obair ar fad 10/10 beidh mé a sheol é ar aghaidh